Iób 5 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil V. Gu smachtuighthear daoine maithe agus saithe. 1 Goir a nois, matá duine ar bith fhreigeorus thú; agus cía aca do na náomhuibh chum a bhfillfe tú? 2 Oír marbhuidh a nfearg an duine amadánta, agus marbhuidh an fuath an duine éaittréorach. 3 Do chonnairc mé an téaigcríonnach ag glacadh fréimhe: ach ar ball do mhalluigh mé a aitreabh. 4 Atáid a chlann a bhfad ó dhaingion, agus atáid brúite san gheata, ní mó atá aóinneach dá ttárthail. 5 Oír ithionn an tocrach a fhoghmhar súas, noch bheanas sé as na droighnibh, agus sluigidh an sladmhoir súas a mhaoin. 6 Matá nach ttig aindeisi amach as an luaithreadh, agus nach bhfásann búaidhreadh as an ttalumh; 7 Acht cheana rugadh an duine chum buaidheartha, mar éirghid na drithleanna súas. 8 Do ghuidhfinn chum Dé, agus is a leith Dé do chuirfinn mo chúis: 9 Noch do ní neithe móra dóspíonta; neithe iongantacha gan áireamh: 10 Noch do bhéir fearthuinn air an ttalamh, agus chuirios uisgeadha air na machairighibh: 11 Do chur na druinge bhíos ísiol súas go hárd; chor go náirdeochthaoi an drung chumhthach a ndaingion. 12 Toirmiosguidh sé tionnscanta na meabhlach, iondus nach bhféuduid a lámha a ttíonscanta do choimhlíonadh. 13 Gabhuidh sé na heagnuidhe iona ngliocasuibh féin: agus beirthior combairle an deithneasuidh ré fánuidh. 14 Teagmhuidh an dorchadas ríu a naimsir an laói, agus do níd sméarthachd san meadhon laé amhuil ann sa noidhche. 15 Acht do ní dídean don bhocht air an ccloidheamh, ó na mbeul, agus ó láimh na ccumhachdach. 16 Mairsin atá dóigh ag an mbocht, agus stopuidh an téaicceart a béul. 17 Féuch, is beannuighe an té smachtuigheas Día; uimesin na tárcuisnighsi smachtughadh a Nuile‐chumhachtuigh. 18 Oír gortuighidh sé, agus ceangluidh súas: loitigh sé, agus do níd a lámha féin slán. 19 Sáorfa sé thú a sé buaidhearthaibh: fós, a seachd ní bheanfa éanolc riot. 20 A ngorta fuáisgéola sé thú ó bhás: agus a ccogadh ó chumhachdaibh an chloidhimh. 21 Foileochthar thú ó sciúrsa na teangtha: ní mó bhías eagla an scriosta ort a nuáir thiucfas sé. 22 Fá scrios agus fá ghorta do dhéuna tú gáire: ni mó bhías eagla bheathach na talmhan ort. 23 Oír biáidh tú a síothcháin re clochaibh an mhachaire: agus béid beathuigh an mhachaire síothach riot. 24 Agus aitheonuidh tú go mbiáidh do thabernacuil a síothcháin; agus rachuidh tú dféuchuin do bhunaid, agus ní dhéana tú peacadh. 25 Aitheonuidh tú mar an ccéadna go mbíaidh do shíol mór, agus shliochd mar fhéur na talmhan. 26 Tiucfuidh tú chum huáighe a naóis iomláin, amhuil thig síog arbha a steach a nam iomchubhaidh. 27 Féuch so, do spíonamar é, is marso atá; éist é, agus bíodh a fhios agad ar mhaith riot féin. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society