Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 3:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Gach uile ní a dhéanann Dia, oireann sé dá thráth féin; ach bíodh gur chuir sé ar chumas an duine machnamh a dhéanamh ar imeacht an ama ina iomláine, ní féidir leis an duine an obair a dhéanann Dia ó thús go deireadh a thuiscint.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 ¶ Do rinne sé gach uile ní sgíamhach iona am féin: do chuir sé an sáoghal fós ann a ccroidhthibh, iondus nach bhfaghann duine ar bith amach fios na hoibre do ní Día ó thús go deireadh.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 3:11
19 Tagairtí Cros  

Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith. Ba shin an séú lá, an nóin agus an mhaidin.


An féidir duit teorainn Dé a shroicheadh Nó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach?


Tá seisean, an tUilechumhachtach, i bhfad uainn. Is éachtach é a chumhacht agus a chothroime Agus ní chiapann sé an té a bhíonn ag cosaint a chirt.


(Déanann seisean éachtaí gan áireamh, Iontais nach féidir a ríomh.)


Nach líonmhar iad d'oibreacha, a Thiarna! rinne tú gach aon ní le heagna; is comhlán an chruinne dá bhfuil déanta agat.


Rinne an Tiarna gach ní le haghaidh cuspóra ar leith, agus an t‑urchóideach le haghaidh lá na tubaiste.


agus le barr eagna chuir mé m'intinn ag obair chun cuardach agus taighde a dhéanamh i dtaobh an uile ní a dhéantar faoi na spéartha - diansaothar dólásach é seo a leag Dia ar dhaoine chun iad a chrá.


Ní eol duit conas a dhealbhaíonn an t‑anam an ghin atá i mbroinn mná torraí; mar an gcéanna, ní eol duit ach oiread obair Dé, cruthaitheoir an uile ní.


Breathnaigh ar obair Dé; cé hé ar féidir dó a bhfuil camtha aige a dhíriú?


Rinne mé na nithe seo uile a thástáil le barr eagna, á rá: “Is rún dom an eagna a fháil” ach bhí sé thar m'acmhainn.


Féach, is é seo an t‑aon ní amháin a fuair mé amach: is díreach a rinne Dia na daoine ach is iomaí cleas a tharraingíonn siad chucu féin.


d'aithin mé nach féidir leis an duine an obair go léir a dhéanann Dia abhus faoi luí na gréine a thuiscint,


Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.


An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é.


agus bhí ionadh saoil orthu ag rá: “Rinne sé gach aon ní go maith: thug sé éisteacht do bhodhráin agus caint do bhalbháin.”


Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n‑aithne, d'fhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí;


Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!


Eisean an Charraig, níl locht ar a shaothar, mar is fíréan iad a bhealaí go léir. Dia dílis é gan éagoir; eisean an Chóir féin agus an Ceart.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí