Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 7:8 - An Bíobla Naofa 1981

An tsúil a chonaic mé, ní fheicfidh sí mé níos mó. Casfaidh do shúil i mo threo, ach beidh mé ar iarraidh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ní fhaicfidh súil an té do chonnairc misi ní sa mhó mé: atáid do shúilese orum, agus ní bhfuilim ann.

Féach an chaibidil



Iób 7:8
14 Tagairtí Cros  

Ach anois, ó tá sé marbh, cén fáth a ndéanfainn troscadh? An féidir liom é a thabhairt ar ais arís? Rachaidh mise chuige, ach ní féidir dósan teacht ar ais chugamsa.”


Cuireann tú mo chosa i gceap, Agus faireann tú mo bhealaí go léir, Agus tugann tú aird ar rian mo chos.


Ach téadh an duine in éag, agus fanann ina staic; Imíodh an dé as fear, agus cá bhfuil sé?


An ar a leithéid sin a leagann tú do shúil Agus a thugann tú le breith a thabhairt air os do chomhair?


Baileoidh sé leis ar nós brionglóide agus ní bheidh fáil air. Imeoidh sé leis dála aisling oíche.


An tsúil a chonaic é, ní luífidh sí air a thuilleadh, Agus ní bhfaighfear radharc air níos mó ina áit dhúchais.


Luíonn sé síos saibhir, ach ní bheidh sé amhlaidh arís, Nuair a dhúiseoidh sé beidh gach ní imithe.


Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas, Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth,


Cad chuige nach dtógann tú mo pheaca ar shiúl Agus mo choir a mhaitheamh dom? Óir is gearr go luífidh mé sa chré; Agus lorgóidh tú mé, ach ní bheidh mé ann chuige.


Fuadaigh as a leaba é, Agus séanfaidh sin go bhfaca sí riamh é.


Téann sé ar ceal le leoithne gaoithe, agus ní fios dá ionad féin é feasta.


Ag gabháil thar bráid dom athuair bhí sé imithe; chuaigh mé á lorg ach ní raibh sé le fáil.


Tóg uaim anois do sciúirse; tá mé cloíte ag buillí do láimhe.