Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa; Tá a fhiacla á ndrannadh aige i m'aghaidh Agus tá mo naimhde ag stánadh orm.
Iób 6:4 - An Bíobla Naofa 1981 Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam, Agus mo spiorad ag diúl a nimhe. Tá uafáis Dé in eagar i m'aghaidh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír atáid soighde a nuile‐chumhachduigh ionnam a stigh, ibhigh a nimhsin mo spiorad súas: cuirid criothnuighthe Dé íad féin a nórdughadh am aghuidh. |
Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa; Tá a fhiacla á ndrannadh aige i m'aghaidh Agus tá mo naimhde ag stánadh orm.
Tháinig a fhorsaí i m'aghaidh in éineacht, Thug siad ruathar fúm, Agus chuir léigear ar mo bhoth.
Scaoileadh uafáis liom, Agus séideadh m'onóir chun siúil, mar a bheadh le gaoth, Agus d'imigh mo chonách uaim mar a bheadh néal.
Óir thiocfadh uafás Dé anuas orm, Agus ní sheasóinn an fód i láthair a mhórgachta.
Tá breitheamh mo chúise i bhfaltanas liom, Is tinn é mo chréacht cé nach ndearna mé coir.”
Abair gur pheacaigh mé, cén dochar duit sin, A fhir faire an chine dhaonna? Cad ab áil leat ag déanamh sprice díom, I dtreo gur ualach ort mé?
Eisean a bhascann mé [ar thráithnín,] Agus a ghonann mé, créacht ar chréacht, gan chúis.
Éist liom gan mhoill, a Thiarna, óir tá mo mheanma á cloí. Ná cuir d'aghaidh i bhfolach orm, sula mbeinn cosúil leis an dream a ghabhann san uaigh.
Bhí an Tiarna ag déanamh toirní sna spéartha, agus thug an Té is Airde a ghlór uaidh.
Bíodh go mbeartóidís an t‑olc i do choinne nó go gceapfaidís an chealg, ní éireoidh leo,
Mura leasaíonn siad, cuirfidh sé faobhar ar a chlaíomh; teannfaidh sé agus díreoidh sé a bhogha;
Is eol don chroí a bhrón féin, agus ní bhíonn an strainséir páirteach ina lúcháir.
Is féidir le meanma an duine breoiteacht a iompar, ach cé a d'fhéadfadh cur suas le heaspa misnigh?
gach uair a dtagann, sroichfidh sé sibh. Maidin in aghaidh na maidne tiocfaidh sé ar a chuairt, tiocfaidh de lá agus d'oíche; agus cúis scéine a bheidh ann a scéal a scaoileadh.
Theann sé a bhogha mar namhaid agus dhaingnigh sé a dheaslámh mar eascara; rinne sé ár orthu siúd ar lán a shúl iad tráth; lig sé a racht amach mar thine ar bhoth iníon Shíón.
Agus ar an naoú huair d'éigh Íosa de ghlór ard: “Elóí, Elóí, lamá sabachthaní?” a chiallaíonn: “A Dhia, a Dhia, cén fáth ar threig tú mé?”
Tuigimid cad is eagla Dé ann agus déanaimid áiteamh dá réir ar dhaoine. Is follas do Dhia ár meon agus tá súil agam gur follas do bhur gcoinsias-sa freisin é.
Cuirfidh mé meisce fola ar mo shaigheada, agus slogfaidh mo chlaíomh feoil ina chraos fuil na gcrólíoch agus na gcimí, agus cloigne cheannairí an namhad.”
Dúirt sí leo: “Ná bígí ag tabhairt Náoimí (.i. Suairc) orm, ach Márá (Searbh), óir is an-searbh a roinn an tUilechumhachtach liom.