Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iób 6 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil VI. Iob, ag aithris a amhghar, 12 agus a neímhchionta; 14 tug se fa deara ar a charuid a eaccaóine.

1 Acht do fhreagair Iob, agus a dubhairt,

2 Uch gan mo dhoilghios ar na chomhthromadh thríd amach, agus mo thruáighmhéile ar na chur a meadhuibh a néinfheachd!

3 Oír a nois budh truime é ná gaineamh na fáirge: uimesin atáid mo bhríathra ar na slugadh súas.

4 Oír atáid soighde a nuile‐chumhachduigh ionnam a stigh, ibhigh a nimhsin mo spiorad súas: cuirid criothnuighthe Dé íad féin a nórdughadh am aghuidh.

5 A ndéan an tassal fíadhain seitreach a nuáir bhíos féur aige? nó an ngéimionn an damh ós ccionn a bhídh?

6 An féidir an ní neamhbhlasta dithe gan salann? nó an bhfuil blas ar bith a ngealáu na huighe?

7 Na neithe rer dhiúilt manum buáin atáid mar mo bhíadh dóbhrónach.

8 Uch nach bhfaghuim mathchuinge; agus go ndéonuigheadh Día dhamh an ní lé a bhfuil mo shúil!

9 Eadhon go madh toil lé Día mó bhásughadh; go sgaóileadh sé a lámh, agus mísi do ghearradh amach!

10 Ann sin do gheabhuinn cabhair; fós, iseadh do chruáidheochuin mé féin a ndóbrón: ná coigleadh sé; óir níor chéil mé bríathra an Naóin Náomhtha.

11 Cred é mo neart, as a mbiath dóthchus agum? agus cred é mo chríoch dheighionach, as a bhfaideochuinn mo bheatha?

12 A né mo neart neart na ccloch? na an bhfuil mfeóil do phrás?

13 Nach bhfuil mo chabhair ionnam? agus an bhfuil meagna ar na bhreith uáim go hiomlán?

14 Don tí ar a mbí buáidhreadh do budh cóir da charuid a éaccaóine; acht tréigidh sé eagla a Nuile‐chumhachduigh.

15 Do fríth mo dhearbhráithre go fealltach orum mar shruth, agus mar thuile srotha téighid thort;

16 Noch atá dorcha do bhrígh na hoidhre, agus ann a bhfuil an sneachda a bhfolach:

17 Gidh bé uáir fhásaid síad te, tiaghuid as: a nuáir bhíd té, mughaidhthear as a nait íad.

18 Do hiompoigheadh casáin a sligheadh do leathtaoibh; tiaghuid a neimhní, agus éuguid.

19 Dféuchadar coimhthionól Thema, do fheitheadar cuideachduigh Shéba orra.

20 Do scannruigheadh íad do bhrígh go rabhadar dothchusach; thangadar don náitsin, agus do bhí náire orra.

21 Oír anois ní héainni sibh; do chítí mo theilgion síos, agus atá eagla oruibh.

22 A ndubhairt misi, Tabhruidh chugam? nó, Tugaidh luáidheachd ar mo shon dá bhur maoin?

23 Nó, Saoruidh me o láimh na namhad? nó, Fúascluidh mé ó láimh an chumhachtuigh.

24 Múinigh mé, agus coinneochuigh mé mo theanga na tochd: agus tabhruigh orum a thuigsin cáit a ndéarna mé seachrán.

25 Cred é neartmhuire na mbríathar cceart! acht cred an ní imdheargus bhur naighnios?

26 An saóiltí bríathra diomaithbhier, agus glórtha an té atá a néadothchus, noch atá mar ghaóith?

27 Iseadh, tuitidhe air an ndíleachta, agus tochaltaoi log dá bhur ccaruid.

28 Anois uímesin bíthí bhur ttochd, féuchuidh orumsa; óir is follus dibh má ním bréug.

29 Fillidh, íarruím dathchuinge oruibh, ná bíodh sé na éaicceart; iseadh, fillidh a rís, a sí mfíréantachd atá ann.

30 A bhfuil éaigceart ann mo theanguidh? nach aithnighionn mo charbad neithe domblasta?

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí