Iób 5:12 - An Bíobla Naofa 1981 Cuireann sé bearta na gcealgairí amú, I dtreo nach ritheann le hiarrachtaí a lámh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Toirmiosguidh sé tionnscanta na meabhlach, iondus nach bhféuduid a lámha a ttíonscanta do choimhlíonadh. |
Ach chodail Úiríá lasmuigh de dhoras an pháláis le garda cosanta a mháistir; ní dheachaigh sé síos chun a thí féin.
Dúirt Aibseálóm agus muintir Iosrael uile ansin: “Is fearr comhairle Húisí an tAircíoch ná comhairle Aichítifeil,” óir chinn an Tiarna comhairle eagnaí Aichítifeil a chur amú agus mí-ádh a thabhairt ar Aibseálóm ar an gcaoi sin.
Ach chuir giolla Dé scéala go rí Iosrael: “Seachain agus ná téigh thar an áit sin, mar tá na hArámaigh chun [ionsaí] a dhéanamh ann.”
Chuamar ar aghaidh leis an obair mar sin (agus airm i lámha leath na bhfear) ó bhreacadh an lae go glioscarnach na réaltaí.
Nuair a fuair ár naimhde amach go raibh rabhadh faighte againn, agus gur chuir Dia a bplean amú, [d'imíodar leo] agus chuamar go léir ar ais, gach duine i mbun a shaothair ar an mballa.
óir brisfear ar chumhacht na n‑éagráifeach agus beidh an Tiarna ina chúl taca ag an bhfíréan.
Déanann súile an Tiarna an t‑eolas a fhaire, ach leagann sé ar lár briathra na mbréagairí.
Beidh mearbhall ar an Éigipt, mar cuirfidh mé a gcomhairle trí chéile; beidh siad ag lorg faisnéise ó dhéithe bréige agus ó dhraoithe, ó lucht feasa agus asarlaíochta.
An oíche chéanna sin, chuaigh aingeal an Tiarna amach agus bhuail sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Tráth dúiseachta ar maidin, bhí siad go léir sínte marbh.
Is mise a chuireann éarlaisí na ndraíodóirí ó rath agus a chuireann lucht asarlaíochta as a gcéill, a sheolann na saoithe ar a gcúil uaim agus a dhéanann seafóid dá stuaim,
Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath; focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann, mar tá Dia linne.
I dtaobh Eadóm. Is mar seo a deir an Tiarna: “An é nach bhfuil críonnacht fágtha i dTéamán? Ar imigh a chomhairle ón [nglic]? An ndeachaigh a eagna ar neamhní?
Nach dána an mhaise daoibh a rá: ‘Táimid críonna, agus is againn atá dlí an Tiarna’? Féach, cé mar a falsaíodh é le peann bréagach na scríobhaithe.
Nach scriosfaidh mé, a deir an Tiarna, na saoithe as Eadóm an lá sin? agus an eagna as Sliabh Éasau.
Nuair a tháinig Peadar chuige féin, dúirt sé: “Tá a fhios agam anois go fíor gur chuir an Tiarna a aingeal chugam agus gur fhuascail sé ó lámha Héaróid mé agus ó gach ní dá raibh an pobal Giúdach ag súil leis.”
Ansin d'imigh Dáiví agus a lucht leanúna, timpeall sé chéad fear, agus chuireadar chun bóthair ó Cheíleá agus d'imíodar cibé treo inarbh fhéidir leo. Nuair a chuala Sól gur éalaigh Dáiví ó Cheíleá, d'éirigh sé as an eachtra.