Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Obaidiá 1:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Nach scriosfaidh mé, a deir an Tiarna, na saoithe as Eadóm an lá sin? agus an eagna as Sliabh Éasau.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Nach scriosfa misi annsa ló sin, a deir an TIGHEARNA, daóine glioca amach as Edom, agus tuicsi as sliabh Esau?

Féach an chaibidil Cóip




Obaidiá 1:8
8 Tagairtí Cros  

Cuireann sé comhairle na gciníocha ó rath agus beartas na náisiún ar neamhní.


Amadáin chríochnaithe iad, prionsaí Zoan; na comhairleoirí is críonna atá ag Forann, tá siad dobhránta. Conas a leomhann sibh a rá le Forann: “Dalta de chuid na saoithe is ea mise, de shliocht na seanríthe anallód”?


Cá bhfuil siad, na saoithe seo agaibh? Amach leo anois agus léiríodh siad duit a bhfuil socraithe ag Tiarna na Slua a bhfuil i ndán aige don Éigipt.


Beidh mearbhall ar an Éigipt, mar cuirfidh mé a gcomhairle trí chéile; beidh siad ag lorg faisnéise ó dhéithe bréige agus ó dhraoithe, ó lucht feasa agus asarlaíochta.


mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo, éacht i ndiaidh éachta agus eachtra. Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal, tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí