Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Obaidiá 1:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Mheall do chomhghuaillithe go léir thú! thiomáin siad go himill do chríoch thú. Fuair do pháirtithe an lámh in uachtar ort; chuir do chairde as a raibh do mhuinín gaiste romhat. - ‘Níl aon eagna fágtha aige.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Thugadar uile dháoine do chumainn chum na teórainn thú: do mhealladar na daóine do bhí síothchanta riot tú, agus rugadar buáidh ort; thug an lucht ithios harán cneadh fúd: ní bhfuil tuicse ar bíoth annsan.

Féach an chaibidil Cóip




Obaidiá 1:7
16 Tagairtí Cros  

Fiú amháin mo chara cléibh as a mbíodh mo mhuinín agus a d'itheadh mo chuid aráin, nár iompaigh sé i m'éadan!


“Tháinig galar gáifeach air,” a deir siad le chéile, “an té a chuaigh a luí ní éireoidh sé choíche.”


Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad; tagann mná agus lasann siad an tine leo. Óir is pobal é seo atá gan tuiscint, mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh; an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.


Cluinim mórán do mo tharcaisniú: “Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!” Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: “Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”


Rinne d'aos grá uile dearmad díot, ní iarrann siad níos mó thú. Sea, bhuail mé le buille namhad thú, buille neamhthrócaireach (mar gheall ar mhéid do chiontachta agus ar iomadúlacht do pheacaí).


radharc ar na mná go léir a fágadh i bpálás rí Iúdá, iad á dtreorú amach go hoifigigh rí na Bablóine agus iad ag canadh mar seo: ‘Mheall siad thú; rug siad bua ort, do chairde breátha! An dtéann do chosa faoi sa láib? Siúd leo chun bóthair!’


Agus tusa, céard tá ar intinn agat a dhéanamh? Bíodh go gcóiríonn tú thú féin faoi scarlóid, go maisíonn thú féin le hornáidí órga, go léiríonn do shúile le dathú, is go díomhaoin a dhéanann tú thú féin sciamhach. Tarcaisníonn d'aos grá thú, is é do bhás a shantaíonn siad.


I dtaobh Eadóm. Is mar seo a deir an Tiarna: “An é nach bhfuil críonnacht fágtha i dTéamán? Ar imigh a chomhairle ón [nglic]? An ndeachaigh a eagna ar neamhní?


Ghlaoigh mé ar mo chuid leannán; ach chlis siad go léir orm; mo shagairt agus mo sheanóirí uile, díothaíodh iadsan sa chathair, nuair a bhí siad ag cuardach bia chun iad féin a neartú arís.


Tá tinneas clainne ag tosú di, ach is páiste díchéillí í; mar cé go bhfuil ionú a breithe ann, ní thagann sí go béal na broinne.


Colm baoth gan chiall is ea Eafráim; bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt, agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall.


“Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: ‘An té a d'ith arán liom, d'ardaigh sé a sháil i mo choinne.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí