2 Samúéil 17:14 - An Bíobla Naofa 198114 Dúirt Aibseálóm agus muintir Iosrael uile ansin: “Is fearr comhairle Húisí an tAircíoch ná comhairle Aichítifeil,” óir chinn an Tiarna comhairle eagnaí Aichítifeil a chur amú agus mí-ádh a thabhairt ar Aibseálóm ar an gcaoi sin. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)14 Agus a dubhairt Absolon agus fir Israel uile, As feárr comhairle Chusai an Tarchíteach ná comhairle Achitophel. (Oir do órduigh an TIGHEARNA comhairle mhaith Achitophel do chur air ccúl, chor go ttiubhradh an TIGHEARNA olc air Absolon.) Féach an chaibidil |
Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”