Iób 22:13 - An Bíobla Naofa 1981 Ach deir tú: “Cén t‑eolas atá ag Dia? Agus an féidir leis breith a thabhairt tríd an dorchadas? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a deir tusa, Cionus atá a fhios ag Día? an bhféadann sé breathnughadh thríd an néull dhorcha? |
Deir sé ina chroí: “Ní cuimhin le Dia; folaíonn sé a aghaidh, ní fheiceann dada.”
Má deirim go bhfolóidh an dorchacht mé, agus go mbeidh solas an lae ina oíche umam,
Filleann siad gach tráthnóna ar nós madraí ag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach.
scaoileann siad ó chúl clúide leis an bhfíréan, ‘s iad ag caitheamh leis go tobann gan eagla.
Is mairg dóibh siúd a théann i bhfolach go domhain d'fhonn a seifteanna a cheilt ar an Tiarna, ag beartú a gcealga sa dorchadas agus á rá: “Cé fheiceann sinn ná cé aithníonn sinn?”
An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorcha agus nach bhfeicfidh mise é? - an Tiarna a labhraíonn. Nach líonann mise neamh agus talamh? - an Tiarna a labhraíonn.
Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, an bhfuil feicthe agat cad tá ar siúl ag sinsir mhuintir Iosrael sa dorchadas, gach fear acu ina sheomra daite féin? Óir deir siad: ‘Ní fheiceann an Tiarna sinn, tá an tír tréigthe ag an Tiarna.’ ”
Dúirt sé liom ansin: “Is an-mhór ciontacht mhuintir Iosrael agus Iúdá, tá an tír lán d'fhuil agus an chathair lán d'urchóid; óir deir siad: ‘Tá an tír tréigthe ag an Tiarna, níl radharc ná súl ag an Tiarna.’
Má thochlann siad a mbealach go Seól tarraingeoidh mo lámhsa as iad; má dhreapann siad go harda neimhe cuirfidh mé d'iallach orthu teacht anuas.
Má théann siad i bhfolach ar bharr Chairmeil cuardóidh mé agus ropfaidh mé liom iad; má théann siad i bhfolach uaim i ngrinneall na farraige ordóidh mé don Nathair greim a bhaint astu ansiúd.
An tráth sin cuardóidh mé Iarúsailéim le lóchrainn agus smachtóidh mé na daoine sin atá ag dul i raimhre ar a ndeascadh agus a deir ina gcroí istigh: ‘Ní féidir leis an Tiarna dada a dhéanamh, olc maith ná donaí.’