Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 64 - An Bíobla Naofa 1981


Lucht na Tromaíochta

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.

2 Éist le mo ghlor is mé ag gearán, a Dhia; cosain mo bheo ar eagla an namhad.

3 Folaigh mé ar lucht an oilc agus a scéimeanna, ar an ngramaisc seo de lucht na hurchóide.

4 Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar chlaíomh agus scaoileann a mbriathra nimhe amhail saigheada;

5 scaoileann siad ó chúl clúide leis an bhfíréan, ‘s iad ag caitheamh leis go tobann gan eagla.

6 Beartaíonn siad a ndrochbhearta go diongbháilte ‘s iad i gcogar le chéile go folaitheach, á rá lena chéile: “Cé a fheicfidh sinn:

7 cé a fhéadfaidh ár gcionta a thóraíocht?” Ach an té sin a thóraíonn an aigne, arb eol dó rúndiamhra an chroí -

8 scaoilfidh Dia a shaigheada leo go tobann, agus déanfaidh sé a ngoin gan choinne.

9 A dteanga féin a dhéanfaidh iad a mhilleadh, agus déanfaidh a bhfeicfidh iad fonóid fúthu.

10 Beidh eagla ar gach aon neach an uair sin, inseoidh siad a bhfuil déanta ag Dia, agus tuigfidh siad gníomhartha Dé.

11 Gairdeoidh an fíréan sa Tiarna, rachaidh sé ag triall air faoi dhóchas agus beidh lucht an chroí chneasta ag déanamh mórtais.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí