Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 59 - An Bíobla Naofa 1981


Saor mé ó lucht doirte Fola

1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháivi nuair a chuir Sól fir uaidh a dhéanamh faire ar a theach d'fhonn é a mharú.

2 Fuascail mé ó mo naimhde, a Dhia, cosain mé ar a n‑éiríonn i m'éadan.

3 Fuascail mé ó lucht déanta na hurchóide agus saor mé ó lucht doirte fola.

4 Féach! téann siad in oirchill ar m'anam; déanann na cumhachtaigh cogar ceilge i mo choinne; gan choir gan chion uaimse, a Thiarna,

5 tugann siad sciuird fúm gan peaca de mo thaobhsa. Bí i do dhúiseacht! tar i gcabhair orm agus féach leat!

6 Dia Iosrael thú, agus Tiarna na Slua. Éirigh agus smachtaigh na ciníocha, ná bíodh trua agat do lucht fill agus comhcheilge. Selah

7 Filleann siad gach tráthnóna ar nós madraí ag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach.

8 drannaíonn siad lena mbéal agus scaimh orthu, agus iad ag fiafraí dá chéile: “Cé a chluinfidh sinn?”

9 Bíonn tusa, a Thiarna, ag gáire fúthu, is beag leat na náisiúin go léir.

10 Is duitse a thabharfaidh mé moladh óir is tú mo Dhia is mo dhaingean.

11 Go dtaga mo Dhia i gcabhair orm lena bhuanghrá agus dearcfaidh mé go buach ar mo naimhde.

12 Ná lig dóibh, sula mbainfeadh dearmad de mo phobal; déantar a dtreascairt is a leagan ar lár, a Thiarna, ós tú is sciath dúinn!

13 In éiric pheacaí a mbéal is a mbruas, i gcúiteamh a mallachtaí is a mbréag go mbeirtear orthu ina n‑uabhar.

14 Scrios iad le corp feirge, a Thiarna, scrios iad nó go rachaidh siad ar ceal. Bíodh a fhios acu go bhfuil Dia i réim ar Iacób agus ar chríocha na cruinne. Selah

15 Filleann siad gach tráthnona ar nós madraí ag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach;

16 gabhann siad anonn is anall ar thóir bia, ag drannaíl dóibh mura bhfaigheann siad a sáith.

17 Comórfaidh mise do chumhacht le cantaireacht agus gairdeoidh mé i do bhuanghrá le breacadh lae; óir ráinig tú i do dhaingean agamsa agus i do dhídean dom ar uair na hanacra.

18 Mo neart thú! is duitse a chanfaidh mé, óir is tú, a Thiarna, mo dhaingean, an Dia a thálann a bhuanghrá orm.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí