Fuair Dáiví scéala go raibh Aichítifeil i measc lucht comhcheilge Aibseálóm. Dúirt Dáiví: “A Thiarna, impím ort, déan baois de bheartais Aichítifeil.”
Iób 18:7 - An Bíobla Naofa 1981 Déanfar a choiscéimeanna daingne a chrapladh, Agus leagfaidh a chomhairle féin ar lár é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Dhéanfuighear coiscéime a neirt cumhang, agus téilgfidh a chomhairle féin síos é. |
Fuair Dáiví scéala go raibh Aichítifeil i measc lucht comhcheilge Aibseálóm. Dúirt Dáiví: “A Thiarna, impím ort, déan baois de bheartais Aichítifeil.”
Dúirt Aibseálóm agus muintir Iosrael uile ansin: “Is fearr comhairle Húisí an tAircíoch ná comhairle Aichítifeil,” óir chinn an Tiarna comhairle eagnaí Aichítifeil a chur amú agus mí-ádh a thabhairt ar Aibseálóm ar an gcaoi sin.
Bhí seo ag cur an-bhuaireamh aigne ar rí Arám, agus ghlaoigh sé ar a fheidhmeannaigh agus dúirt: “Inis dom cé acu againn atá dár [mbrath] le rí Iosrael.”
Daorfar thú as do bhéal féin, agus ní as mo bhéalsa, Agus is iad do bheola féin a thabharfaidh fianaise i d'aghaidh.
Luífidh an ghannchúis air agus flúirse ina thimpeall. Tiocfaidh gach sort anró sa mhullach air.
Tá faoiseamh á bheartú aige duitse freisin; Bhí cónaí ort tráth i só gan teorainn, Agus sólais mhéithe ar do bhord.
Réitíonn a shuáilcí an cosán don neamhchiontach, ach baineann a urchóid féin an t‑urchóideach dá bhonna.
Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh, ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach.
Ag siúl duit ní chuirfear bac ar do choiscéimeanna; nuair a rithfidh tú ní bhainfear tuisle asat.
Tabharfar chun na hAsaíre é féin go cinnte, mar cháin [don Ardrí]. Náireofar Eafráim, bainfear lasadh as Iosrael, de dheasca na drochchomhairle a lean sé.
Mar níl in eagna an tsaoil seo ach díth céille i bhfianaise Dé, mar tá scríofa: “Sáinníonn sé na saoithe ina gcuid glicis féin”;