Seanfhocal 29 - An Bíobla Naofa 19811 An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál, bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh. 2 Nuair a bhíonn na fíréin i gceannas, bíonn lúcháir ar an bpobal; nuair a bhíonn na hurchóidigh i gcumhacht, bíonn an pobal ag osnaíl. 3 An té a thugann grá don eagna, cuireann sé áthas ar a athair; ach an té a thaithíonn striapacha, scaipeann sé a chuid. 4 Daingníonn rí a thír lena cheartas, ach milleann an feallaire é. 5 An té a thugann bladar dá chomharsa, leathann sé líon faoina chosa. 6 Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh, ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach. 7 Déanann an fíréan cúram de chearta na mbocht, ní chuireann a leithéid d'eolas as don urchóideach. 8 Déanann scigirí cíor thuathail de chathracha, ach cuireann saoithe srian le fearg. 9 Téadh saoi chun argóna le daoi, ach cibé acu i bhfearg nó i ngáire é, ní éireoidh leis. 10 Is fuath le lucht fola an fear gan cháim, ach [is mór le] daoine ionraice a bheo. 11 Scaoileann an t‑amadán lena racht feirge, ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air. 12 Má éisteann rialtóir le héitheach, beidh a fheidhmeannaigh uile ina ropairí. 13 Castar an bochtán agus an t‑úsaire ar a chéile; cuireann an Tiarna léas ina súile araon. 14 Má thugann rí breith ar na boicht le cothromas, bunófar a ríchathaoir go brách. 15 Bronnann an bata agus an ceartú gaois, ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair. 16 Nuair a bhíonn na hurchóidigh [i gcumhacht], leathnaíonn an peaca; ach feicfidh na fíréin ar lár iad. 17 Smachtaigh do mhac, agus tabharfaidh sé suaimhneas aigne duit; cuirfidh sé áthas ar do chroí. 18 San áit nach mbíonn fís, caitheann an pobal díobh gach srian; ach is beannaithe an té a choimeádann an dlí. 19 Ní le briathra amháin a cheartaítear an daor; fiú má thuigeann sé iad, ní thabharfaidh sé aird orthu. 20 An bhfeiceann tú duine éigin béalscaoilteach? tá níos mó dóchais ann d'amadán ná dósan. 21 An té a bhíonn ag tláithínteacht le daor óna oige, eisean a bheidh [mar oidhre] air faoi dheireadh. 22 Adhnann an fear drochmhianaigh achrann, agus is cúis mhór peaca fear na feirge. 23 Déanfaidh a dhíomas féin fear a threascairt, ach bainfidh an t‑uiríseal ó chroí onóir amach. 24 Tá fuath ag comrádaí an ghadaí dá bheo féin; cluineann sé an mhallacht ach ní sceitheann. 25 Is gaiste é eagla roimh dhaoine, ach ní baol don té a chuireann a mhuinín sa Tiarna. 26 Is iomaí duine a bhíonn ag lútáil le rialtóir, ach is ón Tiarna a fhaigheann gach duine a cheart. 27 Is fuath leis an bhfíréan an coirpeach; agus is fuath leis an urchóideach an té is díreach slí. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart