Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 15:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Daorfar thú as do bhéal féin, agus ní as mo bhéalsa, Agus is iad do bheola féin a thabharfaidh fianaise i d'aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Damnuighidh do bhéul féin thú, agus ní misi: aseadh, isíad do phuisíne féin fhiaghnuighios a taghaidh.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 15:6
12 Tagairtí Cros  

Ach fad bhí do shearbhónta gafa le cúram agus cúram eile, d'éalaigh an fear leis.” Dúirt rí Iosrael: “Sin í an bhreith ort, más ea. Tú féin a thug í.”


Déanfar a choiscéimeanna daingne a chrapladh, Agus leagfaidh a chomhairle féin ar lár é.


An dteastaíonn uait mo bhreith a bhréagnú, Mise a chur san éagcóir d'fhonn thú féin a chur sa chóir?


“Cé hé seo a cheileann comhairle Le briathar gan eolas?” Uime sin a dúirt mé nithe nár thuig mé, Nithe ró-iontacha narbh eol dom iad.


Cé go mbeinn sa chóir, dhaorfaí as mo bhéal féin mé; Dá mbeinn gan choir, d'áiteodh sé coir orm.


scaoilfidh Dia a shaigheada leo go tobann, agus déanfaidh sé a ngoin gan choinne.


óir is as do bhriathra a shaorfar thú agus is as do bhriathra a dhaorfar thú.”


Leis sin, stróic an t‑ardsagart a chuid éadaigh: “Tá diamhasla déanta aige!” ar seisean; “cad is gá dúinn a thuilleadh finnéithe? Sin anois an diamhasla cloiste agaibh.


Dúirt sé leis: ‘Tabharfaidh mé breith do bhéil féin ort, a dhroch-sheirbhísigh! Bhí a fhios agat, an raibh, gur duine dian mé, ag glacadh chugam an rud nár chuir mé i dtaisce, agus ag baint an fhómhair nár chuir mé a shíol?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí