Iób 11:12 - An Bíobla Naofa 1981 Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana; Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír budh mían leis a nduine ndíomhaóin bheith glic, bíodh go rugadh an duine amhuil bromach assail fhíadháin. |
Agus dúirt sé leis an duine: “Féach, eagla an Tiarna an eagna, Agus an t‑olc a sheachaint is ea an tuiscint.”
Ceapann sé an mhuintir ghlic i ngaiste a ngliocais, Agus teipeann go grod ar scéimeanna na gcladhairí.
An ligeann an t‑asal fiáin glao as nuair a fhaigheann sé féar? Nó an damh búir os cionn a choda?
Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach, nocht dom líon mo laethanta, ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.
bhí mé amaideach, baoth, neamhthuisceanach; ba chuma nó beithíoch mé i d'fhianaise.
Nach éachtach iad d'oibreacha, a Thiarna! nach domhain iad go dearfa do smaointe!
Caith an bhuairt amach as do chroí, Díbir an phian ó do chorp. Óir is baois í an óige agus aois na gruaige duibhe.
Arsa mise liom féin arís: “Maidir leis an gcine daonna, tá Dia tar éis iad a thástáil go cinnte agus a thaispeáint nach bhfuil iontu uathu féin ach ainmhithe.”
déanann sí ar an bhfásach ag smúrthacht ar an ngaoth go macnasach. Cé a fhéadann í siúd a smachtú agus í ar dáir? Ní bheidh stró ar an té a bheidh á lorg. Gheofar í [ag cúpláil].
Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle. Ná héirigí teann as bhur gcuid gaoise féin.
Bhíomarna uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis d'ainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile.
An mian leat a fhios a bheith agat, a ghliogaire, nach bhfuil aon mhaith sa chreideamh gan dea-oibreacha?