Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 1:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Buaic na baoise a deir Cóheilit, buaic na baoise! Níl in aon ní ach baois!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Díomhaóineas na ndíomhaóineas, ar an seanmontuigh, díomhaóineas na ndíomhaóineas; is diomhaóineas a nuile ní.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 1:2
23 Tagairtí Cros  

Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana; Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol.


Is cosúil an duine le puth anála; agus a ré le scáil a ghabhann thart.


Cá fhad, a Thiarna, a bheidh tú i bhfolach - an go brách é? Cá fhad a bheidh do dhíbheirg ag bladhmadh mar thine?


Caith an bhuairt amach as do chroí, Díbir an phian ó do chorp. Óir is baois í an óige agus aois na gruaige duibhe.


Dá mhéad bliain dá maireann duine baineadh sé taitneamh astu go léir, agus cuimhníodh sé gurb iomaí lá dorchadais a bheidh ann. Baois is ea gach ní dá bhfuil le teacht!


Baois na baoise, a deir Cóheilit; níl in aon ní ach baois.


D'iompaigh mé ansin chun breathnú ar na hoibreacha go léir a bhí déanta ag mo lámha agus ar an saothar uile ar chaith mé mo dhúthracht leis; agus féach, ní raibh san iomlán de ach baois agus tóraíocht gaoithe ná ní raibh tairbhe dá laghad le baint as faoi luí na gréine.


Tá súile ina cheann ag an saoi; is sa dorchadas, ámh, a shiúlann an daoi. Ach is eol domsa go bhfuil an chinniúint chéanna i ndán dóibh beirt.


Óir ní choinneofar buanchuimhne ar an saoi ach oiread agus a choinneofar ar an daoi; mar sna laethanta atá le teacht déanfar dearmad orthu araon gan mhoill. Faraor, conas is féidir go sciobann an bás an saoi agus an daoi leis le chéile!”


Ba ghráin liom go deimhin an saothrú go léir a rinne mé faoi luí na gréine toisc go gcaithfinn a thoradh a fhágáil ag an duine a thiocfadh i mo dhiaidh.


Ar an ábhar sin tháinig racht éadóchais orm faoin saothrú go léir a bhí déanta agam abhus faoi luí na gréine.


Mar cén tairbhe a bhaineann duine as a chuid saothair uile agus as an dianmhachnamh a chaitheann sé leis abhus faoi luí na gréine?


Mar cé hé ar féidir dó ithe ná ól ar neamhchead dó?


Chruinnigh mé dom féin freisin airgead agus ór agus saibhreas ríthe agus cúigí. D'fhostaigh mé amhránaithe, idir fhir agus mhná, agus bhí sáile shaolta agus mórán ban luí agam chomh maith.


Óir tá an chinniúint chéanna ag an duine agus atá ag an ainmhí; mar a fhaigheann ceann acu bás, sin mar a fhaigheann an ceann eile bás chomh maith; óir tá an t‑aon spiorad amháin iontu go léir agus níl aon bhuntáiste ag an duine ar an ainmhí. Baois is ea gach uile ní.


Ní raibh áireamh ar líon na ndaoine uile a bhí faoina smacht ach mar sin féin ní bheidh sé ina ábhar áthais do na daoine, a thiocfaidh ina dhiaidh. Go deimhin baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.


Agus chonaic mé freisin nach bhfuil i ngach saothar agus i ngach obair cheardúil ach toradh an éada a bhíonn ag an duine lena chomharsa. Baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.


fear agus é ina aonar, gan chara, gan mhac, gan bhráthair; é ag obair agus ag luain gan sos agus gan a shúile sásta riamh lena mhaoin. “Cé ar a shon,” ar seisean, “a bhfuil mé ag saothrú liom agus ag ceilt an aoibhnis orm féin?” Go deimhin, is baois é seo agus saothar in aisce.


Nuair a mhéadaíonn an saibhreas tagann méadú ar líon na gcaiteoirí freisin. Mar sin de cén tairbhe é don té ar leis é ach lán a shúl a bhaint as?


Dá líonmhaire iad na briathra a labhraítear is ea is mó í an bhaois. Cén tairbhe a bhaineann an duine as?


Cuireadh an dúlra freisin ó rath, ní dá dheoin féin ach mar gheall ar an té úd a chuir ó rath é, ach i ndóchas;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí