Ar ardú a shúl do Éasau, chonaic sé na mná agus na miondaoine. “Cé hiad seo i do theannta?” ar sé. “An chlann a bhronn Dia ar do shearbhónta,” arsa Iacób.
1 Ríthe 5:7 - An Bíobla Naofa 1981 Rinne na reachtairí sin bia a sholáthar do Sholamh agus dóibh siúd go léir dár thug sé cuireadh go bord an rí Solamh, gach reachtaire ar feadh míosa; rinneadar deimhin de nach mbeadh aon ní in easnamh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus, tárla, a núair do chúaluidh Hiram bríathra Sholuimh, go ndeárna lúathgháire mhór, agus a dubhairt, Go madh beannuigh a niugh an TIGHEARNA, noch thug do Dháibhi mac glic ós cionn an phobail mbóirse. |
Ar ardú a shúl do Éasau, chonaic sé na mná agus na miondaoine. “Cé hiad seo i do theannta?” ar sé. “An chlann a bhronn Dia ar do shearbhónta,” arsa Iacób.
agus dúirt sé: ‘Moladh leis an Tiarna Dia Iosrael, a dheonaigh duine de mo shliocht a shuí i mo ríchathaoir inniu agus mé a fheiceáil le mo shúile cinn.’ ”
Moladh leis an Tiarna do Dhia, a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar ríchathaoir Iosrael thú. De bhrí go raibh grá bithbhuan ag an Tiarna d'Iosrael, rinne sé rí díotsa chun an chóir agus an ceart a riar.”
Tabhair do do shearbhónta croí tuisceanach le do phobal a rialú, chun an mhaith a aithint thar an olc; óir cé a d'fhéadfadh a bheith i gceannas ar an bpobal seo agat atá chomh líonmhar sin?”
Bhí dháréag reachtaire ag Solamh, d'Iosrael go léir, agus is iad a sholáthraigh bia don rí agus dá theaghlach; chaith gach duine díobh soláthar a dhéanamh do mhí sa bhliain.
Rinneadar freisin an eorna agus an easair a sholáthar don eachra agus do na capaill iompair san áit inar ghá sin, gach duine díobh ar a sheal.
Go gceanglaí mo theanga de mo charball, mura gcuimhním ort, mura gcuire mé Iarúsailéim mar bharr m'aoibhnis uile.
Cuireann mac eagnaí gliondar ar a athair; ach cúis bhróin dá mháthair amadán mic.
Tugann an mac eagnaí [grá] do smacht a athar; ach ní éisteann fear na fonóide le ceartú.
Cuireann mac ciallmhar áthas ar a athair, ach bíonn drochmheas ag amadán ar a mháthair.
Beidh lúcháir, ar ndóigh, ar athair an fhíréin; an té a ghineann mac ciallmhar, beidh áthas air dá bharr.
Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom, is tuar agus mana sinn in Iosrael ó Thiarna na Slua, a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón.
Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách. - Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.