1 Ríthe 4 - An Bíobla Naofa 1981Oifigigh Sholaimh 1 Bhí Solamh ina rí ar Iosrael go léir agus 2 b'iad seo a oifigigh: Azairiá mac Zádóc an sagart; 3 Eilíochoraf agus Aichíá, clann Shíseá, na rúnaithe; Iahóiseáfát mac Aichíliúd an t‑annálaí. 4 (Banáiá mac Iahóideá ceannasaí an airm; Zádóc agus Aibíátár, sagairt); 5 Azairiá mac Nátán ceann na bhfeidhmeannach; Zábúd mac Nátán sagart agus Cara an rí; 6 Aichíseár i gceannas an pháláis; Adoiníreám mac Abdá i gceannas an tsaothair éigeantaigh. 7 Bhí dháréag reachtaire ag Solamh, d'Iosrael go léir, agus is iad a sholáthraigh bia don rí agus dá theaghlach; chaith gach duine díobh soláthar a dhéanamh do mhí sa bhliain. 8 Seo iad a n‑ainmneacha:... mac Húr in ardáin Eafráim; 9 ...mac Dheicir i Mácaz, i Seálbaím, i mBéit Seimis, agus in Aiálón go Béit Hánán. 10 ...mac Heisid in Arubót; leis-sean a ghabh Sócó agus fearann Héifir go léir. 11 ...mac Aibíonádáb, dúiche Dhór go léir; bhí Táfat iníon Sholaimh aige mar chéile. 12 Báná mac Aichíliúd i dTánác agus i Migideo chomh fada le Iocmám, agus Béit Seán go léir laistíos de Izréil, ó Bhéit Seán go hAbael Machólá atá láimh le Zaratán. 13 ...mac Gheibir i Rámót Gileád; ba leis bailte Iáir mac Mhanaise atá i nGileád; agus ba leis dúiche Argob atá i mBáiseán, trí fichid cathair dhaingean le ballaí agus boltaí práis. 14 Aichíneádáb mac Ideo i Machanáím. 15 Aichimeáz i Naftáilí; bhí seisean pósta le Básamat iníon Sholaimh. 16 Báná mac Húiseá in Áiséar agus i mBeálót. 17 Iahóiseáfát mac Pharúach in Íosácár. 18 Simeí mac Éalá i mBiniáimin. 19 Geibir mac Uirí i dtír Ghileád, tír Shíochon rí na nAmórach agus Óg rí Bháiseán. Ina dteanntasan bhí reachtaire i dtír Iúdá. 20 Bhí Iúdá agus Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá; bhí bia agus deoch acu agus mhaireadar go sasta. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart