Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 5:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Bhí [ceithre] mhíle mainséar agus dhá mhíle dhéag capall ag Solamh dá charbaid.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Anois ar a nadhbharsin tabhair aithne go ngéarrfaid damhsa crainn cédair an Lebanon; agus béid mo shearbhfhoghantuighidhsi maille led shearbhfhoghantaibhse: agus do bhéara mé tuárusdal do sherbhiseach dhuitse do réir gach a noirdeocha tú féin: óir ata a fhios agad nach bhfuil eadruinne dáoine aga bhfuil eólus ar adhmad do ghearradh cosmhuil ris na Sidónianachaibh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 5:6
20 Tagairtí Cros  

Ghin Canán Síodón a chéad mhac, agus Héat,


Bhailigh Solamh carbaid agus capaill le chéile; bhí míle ceithre chéad carbad aige, agus dhá mhíle dhéag capall. Bhuanaigh sé iadsan sna cathracha carbad agus in aice an rí in Iarúsailéim.


Rinne na reachtairí sin bia a sholáthar do Sholamh agus dóibh siúd go léir dár thug sé cuireadh go bord an rí Solamh, gach reachtaire ar feadh míosa; rinneadar deimhin de nach mbeadh aon ní in easnamh.


An fiche banlámh tomhaiste ó dheireadh an Teampaill, thóg sé iad de chláir chéadair ó urlár go fraitheacha, agus thóg sé iadsan ar leithligh mar shanctóir, an t‑ionad sárnaofa.


Bhí an sanctóir istigh fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead agus fiche banlámh ar airde, agus chuir sé cumhdach d'ór fíre air. Rinne sé altóir chomh maith d'adhmad céadair.


agus na cathracha stóir go léir a bhí ag Solamh, na cathracha dá charbaid agus dá eachra, agus gach arbh áil le Solamh a thógáil in Iarúsailéim, sa Liobáin, agus sna tíortha go léir a bhí faoina cheannas.


Don chabhlach seo chuir Híorám fir dá chuid a bhí eolgaiseach ar chúrsaí mara chun seirbhís a dhéanamh le fir Sholaimh.


agus bíomaí céadair gan áireamh, mar thug na Síodónaigh agus na Tuírigh freisin raidhse céadair chuig Dáiví.


Bhailigh sé fórsa carbad agus capall. Bhí ceithre chéad déag carbad aige agus dhá mhíle déag capall, agus bhuanaigh sé iad sna cathracha carbad agus leis an rí in Iarúsailéim.


D'fhreagair Húrám rí na Tuíre i litir a chuir sé go Solamh: “Le barr grá dá phobal a rinne an Tiarna rí díot ós a gcionn.” Agus lean Húrám air:


Déanfaidh siad raidhse adhmaid a ullmhú dom, mar is teach ábhalmhór an teach atá le tógáil agam.


Ansin thug siad airgead do na saoir chloiche agus admhaid; thug siad bia, deoch agus ola do na Suídónaigh agus do na Tuírigh, le go dtabharfaidís adhmad céadair ón Liobáin ar muir go Iopa, rud a bhí ceadaithe dóibh ag Cíoras rí na Peirse.


Briseann glór an Tiarna na céadrais, briseann sé céadrais na Liobáine.


Dúirt mé leo ansin: “Más maith libh é, tugaigí mo thuarastal dom; ach mura maith, ná bacaigí leis mar scéal.” Agus chomhair siad mo thuarastal amach dom, tríocha píosa d'airgead geal.


Ná himrígí cor in aghaidh an chaim ar aon duine ach an rud uasal a bheith mar aidhm agaibh os comhair an tsaoil.


Ach tá a thabhartas féin faighte ag gach duine ar leith againn de réir mar a riar Críost orainn é,


Ná cruinníodh sé a lán each dó féin áfach, agus ná cuireadh sé iallach ar an bpobal filleadh ar an Éigipt d'fhonn méadú ar líon a eachra; óir dúirt an Tiarna libh: ‘Ná filligí ar ais ar an mbealach sin go brách arís.’


Mar fhocal scoir, a bhráithre, bíodh bhur n‑aire ar an rud fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí