1 Ríthe 5 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil V. Tug Híram adhmad agus sáoir do Sholamh, a bfreasdal an teampuill. 1 Agus do chúir Híram rígh Tíor a sheirbhisigh go Solamh; a núair do chúaluidh sé gur ungadar ná rígh a nionad a athar é: óir bá caruid do Dháibhi Híram a ríamh. 2 Agus do chuir Solamh fios go Híram, gha radh, 3 Atá a fhios agadsa ciondus nar fhéud mathair Dáibhi tigh do chur súas dainm a THIGHEARNA Dé, do bhrígh an chogaidh do bhí na thimchioll ann gach uile tháobh, nó gur chuir an TIGHEARNA fáoi bhonnuibh a chos íad. 4 Achd anois thug mo TIGHEARNA Día súaimhnios air gach áontáobh, iondus nach bhfuil námhuid ná olc ag teachd orum. 5 Agus, féuch, is mían leam tigh chur súas dainm mo THIGHEARNA Dé, mar do labhair an TIGHEARNA rem athair Dáibhi ga rádh, Do mhac, noch chuirfios mé ad ionad, ann do chathaoir ríogha, cuirfe sé tigh súas dom ainmsi. 6 Anois ar a nadhbharsin tabhair aithne go ngéarrfaid damhsa crainn cédair an Lebanon; agus béid mo shearbhfhoghantuighidhsi maille led shearbhfhoghantaibhse: agus do bhéara mé tuárusdal do sherbhiseach dhuitse do réir gach a noirdeocha tú féin: óir ata a fhios agad nach bhfuil eadruinne dáoine aga bhfuil eólus ar adhmad do ghearradh cosmhuil ris na Sidónianachaibh. 7 ¶ Agus, tárla, a núair do chúaluidh Hiram bríathra Sholuimh, go ndeárna lúathgháire mhór, agus a dubhairt, Go madh beannuigh a niugh an TIGHEARNA, noch thug do Dháibhi mac glic ós cionn an phobail mbóirse. 8 Agus do chuir Híram fios go Solamh, gha rádh, Do mheas mé na neithe air ar chuir tú fios chugam: agus do dhéana mé do thoil uile a ttaobh adhmaid Cédair, agus a ttaobh adhmuid giumhuis. 9 Béaruid mo mhuinntirse síos íad ó Lebanon go nuige an bhfairge: agus cuirfe mé ar siubhal íad ar fairge a mbáduibh go nuige a náit a nóirdeocha tú dhamh, agus do bhéara mé fa deara a bhfágbháil ann sin, agus glacfa tusa íad: agus coimhlíonfa tú mo thoil, a mbíadh do thabhairt dom mhuinntir. 10 ¶ Marsin thug Híram crainn cédair do Sholamh, agus crainn giumhuis mar ba mían leis. 11 Agus thug Solamh do Híram fithche míle miosúr cruithneachda mar bheatha da mhuinntir, agus fithche miosúr dola fhiórghlain: marso do bheireadh Solamh do Híram ó bhlíadhuin go blíadhuin. 12 Agus thug an TIGHEARNA eagna do Sholamh, mar do gheall sé dhó: agus do bhí síothcháin eidir Sholamh agus Híram; agus do rinneadar aráon ceangal re chéile. 13 ¶ Agus do thóg an righ Solamh éirghe‐amach ó Israel uile; agus do bhí an néirghe‐amach tríochad mile fear. 14 Agus do chuir sé go Lebanon íad, deich míle an sa mí gach re núair: do bhidis mí a Lebanun, agus dhá mhí san mbaile: agus do bhí Adoniram ós cionn na heírghe‐amach. 15 Agus do bhí ag Solamh trí fithchid agus deích mile noch diomchradh úaluidhe, agus ceithre fithchid mile snoigheadóir ann sna sléibhtibh; 16 Taobh amuigh do na húachdaránuibh do bhí air oifigeachaibh Sholuimh noch do bhí ós cionn na hoibre, trí mhíle agus trí chéad, do ríaghladh ós cionn na ndaóineadh do oibrigh an sa nobair. 17 Agus dfuágair an rígh, agus tugadar clocha móra leó, clocha mórluaigh, agus clocha snoighte, do chur bunaíte an tighe na shuidhe. 18 Agus sáoir Sholuimh agus saóir Hiram, agus na snoigheadóirigh cloch do shnoigheadar íad: mar sin do ghléusadar adhmad agus clocha do chur an tighe súas. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society