Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 10:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Moladh leis an Tiarna do Dhia, a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar ríchathaoir Iosrael thú. De bhrí go raibh grá bithbhuan ag an Tiarna d'Iosrael, rinne sé rí díotsa chun an chóir agus an ceart a riar.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Go madh beannuigh do THIGHEARNA Día, fuáir dúil ionnad, dot shuighiughadh a ccathaóir ríogha Israel: do bhrígh gur ghrádhuigh an TIGHEARNA Israel go bráth, as uime sin do rinne sé rígh dhiotsa, do dhéanamh breitheamhnuis agus ceirt.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 10:9
23 Tagairtí Cros  

Labhair Dia Iacóib agus dúirt Carraig Iosrael liom: An té a rialaíonn daoine leis an gceart, agus a bhfuil eagla Dé air ag rialú dó,


Thuig Dáiví ansin go raibh sé daingnithe ina rí ar Iosrael ag an Tiarna agus go raibh a réim á móradh aige ar son a phobail Iosrael.


Bhí Dáiví i réim os cionn Iosrael ar fad. Bhí Dáiví ag riar dlí agus cirt ar a phobal go léir.


Chuala Iosrael go léir an bhreith a thug an rí, agus thugadar urraim don rí mar gur thuigeadar go raibh eagna Dé ann chun an ceart a riar.


Rinne na reachtairí sin bia a sholáthar do Sholamh agus dóibh siúd go léir dár thug sé cuireadh go bord an rí Solamh, gach reachtaire ar feadh míosa; rinneadar deimhin de nach mbeadh aon ní in easnamh.


De do phobal Iosrael rinne tú do phobal féin go deo, agus is tusa, a Thiarna, atá i do Dhia acu feasta.


“Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, a rinne neamh agus talamh, a thug mac eagnaí do Dháiví, a bhfuil tuiscint agus ciall aige, agus a thógfaidh teach don Tiarna agus ceann eile dó féin agus dá chúirt.


D'ionsaíodar mé lá mo thubaiste, ach tharla an Tiarna ina thaca dom.


Gabhann a bhfeiceann mé ag fonóid fúm: croitheann siad a gceann agus pus orthu:


chun go dtuga sé ceartbhreithiúnas ar a phobal agus cothrom do dhaoine bochta.


Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.


Ní déarfaidh siad Uaigneach leat feasta, ná ní ghairfear Fásach do do dhúiche. Ach is é ainm a bheidh ort féin “Bean mo rúin” agus “an Céile” a bheidh ar do dhúiche. Óir lig an Tiarna a rún leat agus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile.


Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách. - Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.


Caitheann an Tiarna focal le Iacób agus titeann sé ar Iosrael.


Nocht an Tiarna [dó], ó i bhfad i gcéin: ghráigh mé thú le grá síoraí, ar an ábhar sin is dochaite mo ghean ort.


“Tá grá agam daoibh,” a deir an Tiarna; ach deir sibhse: “Conas a ghráíonn tú sinn?” “Nach é Éasau deartháir Iacóib?” a deir an Tiarna. “Mar sin féin, tá grá agam do Iacób;


Is le barr a ghrá daoibh agus toisc go bhfuil an Tiarna ag comhlíonadh an mhionna a mhionnaigh sé do bhur n‑aithreacha, a thug an Tiarna amach sibh le láimh láidir agus a d'fhuascail sé sibh ó theach na daoirse, agus ó chumhacht Fhorainn rí na hÉigipte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí