1 Ríthe 10 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil X. Táinic bainrioghan Sheba, do chúr ceastanna ar Sholaimh. 1 Agus a núair do chúalaidh bainríoghan Shéba clú Sholuimh fá anma an TIGHEARNA, tháinic sí dá dhearbhadh le ceastuibh cruaidhe. 2 Agus tháinic sí go Hierusalem ré cuideachduin romhóir, maille re cámhalluibh diomchuir spíosraidh, agus iomarcaigh óir, agus clocha uáisle: agus a nuáir tháinic sí mar a raibh Solámh, do chomhráidh si ris fá gach éinni dá raibh ann a croidhe. 3 Agus dinnis Solamh dhi a ceastanna uile: ní raibh éainni díam hair air an rígh, nach ar innis sé dhi. 4 ¶ Agus a nuáir do chonnairc bainríoghan Shéba críonnachd Sholuimh uile, agus an tigh do thóg sé, 5 Agus biádh a bhuird, agus suidhe a sherbhíseach, agus miniostralachd a luchd fritheoilte, agus a néuduighe, agus fós a ghiolluighe cupáin, agus a dhul súas mar a ttíagh súas go tigh an TIGHEARNA; ní raibh nios mó do spioruid inte. 6 Agus a dubhairt sí ris an rígh, As fíor a naithris do chuala misi am dhuithche féin ar do ghníomhuibhsi agus ar do chríonnachd. 7 Gidheadh níor chreid mé na bríathra, nó go ttáinic mé, agus go bhfacuidh mo shúile íad: agus, féuch, níor hinnseadh a leath dhamh: do sháruigh do chríonnachd agus do shonus an túarusgbháil do chúala mé. 8 Is sona atáid do dhaóine, sona atáid so do sherbhísigh, noch sheasas a ccomhnuighe ad lathair, agus chluinneas do chríonnachd. 9 Go madh beannuigh do THIGHEARNA Día, fuáir dúil ionnad, dot shuighiughadh a ccathaóir ríogha Israel: do bhrígh gur ghrádhuigh an TIGHEARNA Israel go bráth, as uime sin do rinne sé rígh dhiotsa, do dhéanamh breitheamhnuis agus ceirt. 10 ¶ Agus thug sí don rígh céud agus fithche tallann óir, agus romhórán spíosradh, agus cloch úasal: ní thainic a ríamh na dhiáigh nios mó do shaidhbhrios spíosradh ná íad so thug bainríoghan Shéba don rígh Solamh. 11 Agus cobhlach Híram mar an gcéadna, noch thug ór ó Ophir, thugadar leó ó Ophir ro mhórán crann Almug, agus cloch úasal. 12 Agus do rinne an rígh do na crannuibh Almug piléir do thigh an TIGHEARNA, agus do thigh an rígh, cláirseacha mar an gcéadna agus adhbha chíuil don luchd ceóil: ní thainic a leithéid sin do chrannuibh Almug, ní mó do chonncus íad gus a niugh. 13 Agus thug an rígh Solamh do bhaínríoghain Shéba a míana uile, gidh bé ar bith ní díarr sí, táobh amuigh dhá ttug an rígh Solamh dhi dá thiodhlaicibh ríoghamhla féin. Marsin dfill sí, agus do chuáidh dá tír féin, í féin agus a muinntir. 14 ¶ Anois do bé cómhthrom a nóir tháinic chum Soluimh a néainbhlíadhuin sé chéud trí fithchid agus sé tallanna óir. 15 Taobh amuigh dá bhfuáir sé ó na ceannuighibh, agus ó thurusaibh ceannuigheadh na spíosradh, agus ó ríghthibh na Harábia uile, agus ó úachdaránuibh na tíre. 16 ¶ Agus do rinne an rígh Solamh dhá chéud sgíath dór bhúailte: sé chéud secel óir do chuáidh chum gach éain scéithe. 17 Agus do rinne sé trí chéud láimhsciath dór bhuailte; do chuáidh trí phunta óir chum gach éainscéithe: agus do chuir an rígh íad a ttigh na foraóise a Lebanon. 18 ¶ Mar an gcéadna do rinne an rígh cathaóir mhór ríogha do ebur, agus dfoluigh í uile re hór fíorghlan. 19 Do bhádar sé choiscéim ag an gcathaóir, agus mullach na cathaóire cruinn taobh shíar: agus do bhádar fulaing ar gach taóibh do nionad suidhe, agus dhá leomhan na seasamh re taóibh na bhfulang. 20 Agus do sheas dhá leomhan déug annsin ar a ttaóibhse agus ar an ttáoibh oile ar na sé choiscéim: ní déarnadh a leithéid a néainrioghachd. 21 ¶ Agus do bhádar soithighe óil thighe Sholuimh uile dór, agus soithighe tighe fhoraóise Lebanon do bhádar uile dór fhiorghlan; níor bhairgead éantsoitheach dhíobh: ní raibh meas air a láethibh Sholuímh. 22 Oír do bhí ag an rígh ar fairge cobhlach Tharsis maille re cobhlach Híram: éanuáir annsna trí blíadhnaibh do thigeadh cobhlach Tharsis, ag tabhairt óir, agus airgid, agus fhíacal Elephant, agus Appadh, agus phéacóg. 23 Marsin do sháruigh an rígh Solamh righthe an domhuin uile á saidhbhrios agus a neagna. 24 ¶ Agus do bhí an sáoghal uile ag íarruidh teachd go Solumh, déisteachd ré na eagna, noch do chuir Día iona chroidhe. 25 Agus thugadar léo gach áon aca a bhronntanus, soithighe airgid, agus soithighe óir, agus culaidheacha, agus arm, agus spíosradh, eich, agus múilligh, suim áirigh gacha blíadhna. 26 ¶ Agus do chruinnigh Solamh a gceann a cheile carbuid agus marcslúagh: agus do bhí aige míle agus ceithre chéud carbad, agus dhá mhile dhéug marcach, noch do chuir sé annsna caithreachaibh chum na ccarbad, agus ag an rígh ann Ierusalem. 27 ¶ Thug an rígh airgiod do bheith ann Ierusalem amhuil clocha: agus thug cedar do bheith ann amhuil crann sicamor noch atá ánnsa ghleann, air líonmhaireachd. 28 ¶ Agus do thigeadh chum Soluimh eich as an Négipt, agus snáth lín: do ghlacaidís ceannuighthe an righ an snáth lín ar shuim áirigh. 29 Agus do chuáidh carbad súas agus tháinic as an Négipt ar cheann sé chéad secel airgid, agus eich ar ceann chéud agus cáogad: agus mairsin do ríoghuibh na Hititeach uile, agus do ríoghuibh na Síria, agus do bheireadh síadsan amach íad le na láimh. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society