Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 137 - An Bíobla Naofa 1981


Cois Sruthanna na Bablóine

1 Cois sruthanna na Bablóine a shuíomar ag sileadh deor, ag cuimhneamh dúinn ar Shíón.

2 Ar shaileoga na tíre sin chrochamar ár gcruiteanna.

3 Óir an drong a rinne bránna dínn, d'iarr siad amhráin orainn, agus an drong a bhíodh dár gciapadh, d'iarr siad lúcháir orainn: “Scaoiligí chugainn,” a deiridís, “amhrán d'amhráin Shíón.”

4 Conas a chanfaimis amhrán an Tiarna i dtír na gcoimhthíoch?

5 Má dhéanaim dearmad ort, a Iarúsailéim, go gcrapa mo dheaslámh!

6 Go gceanglaí mo theanga de mo charball, mura gcuimhním ort, mura gcuire mé Iarúsailéim mar bharr m'aoibhnis uile.

7 Cuimhnigh, a Thiarna, in aghaidh chlann Eadóm, lá treascartha Iarúsailéim, nuair a dúirt siad: “Scriosaigí í, scriosaigí í; leagaigí go talamh í.”

8 A iníon na Bablóine, nach tú an scriosaire! Is méanar don té a dhíolfaidh leatsa na dochair a d'imir tú orainne -

9 an té a bhéarfaidh ar do leanaí á mbascadh in éadan na carraige!

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí