Íseáia 9 - An Bíobla Naofa 19811 An pobal a bhí ag siúl sa dorchadas, chonaic siad solas mór; agus ar mhuintir na tíre gruama tá solas ag lonrú. 2 Chuir tú go mór lena n‑áthas, mheadaigh tú ar a lúcháir; tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair, mar a dhéanann in aimsir an fhómhair, amhail an gairdeas lena roinntear an chreach. 3 Óir an chuing a bhí anuas orthu, an choirb ar a nguaillí, agus slat an aintiarna, déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá briste Mhidián. 4 Óir gach coisbheart catha, agus gach fallaing a tumadh san fhuil, tá siad loiscthe, tá siad dóite le tine. 5 Óir rugadh leanbh dúinn, tugadh mac dúinn; tá an tiarnas ar a ghualainn, agus is é ainm atá air: “Comhairleoir iontach”, “Dia láidir”, “Athair síoraí”, “Prionsa na síochána”. 6 Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách. - Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích. Díoltas an Tiarna 7 Caitheann an Tiarna focal le Iacób agus titeann sé ar Iosrael. 8 Pobal iomlán Eafráim agus muintir na Samáire, aithníonn siad é. Dúirt siad ina ndíomas agus i sotal a gcroí: 9 “Tá na brící tar éis titim, tógfaimid le clocha gearrtha; tá na seiceamair leagtha, cuirfimid céadrais ina n‑áit.” 10 Ach tá an Tiarna ag dreasú a naimhde i gcoinne an phobail seo, tá sé ag gríosú a gcéilí comhraic: 11 Arám thoir agus na Filistínigh thiar, alpann siad Iosrael go cíocrach. Ach níl a fhearg síothlaithe; tá a lámh sínte amach i gcónaí. 12 Ach níor fhill an pobal ar an té a bhí á bhualadh, níor lorg sé Tiarna na Slua; 13 mar sin tá an Tiarna i ndiaidh ceann agus eireaball a theascadh d'Iosrael, pailm agus giolcach in aon lá amháin., 14 (Seanóir agus móruasal - sin é an ceann; fáidh na bhfíseanna bréagacha, is é sin an t‑eireaball.) 15 Lucht treoraithe an phobail seo, tá siad ar strae, agus an dream atá siad a threorú, tá siad ar seachrán. 16 Sin é an fáth nach dtabharfaidh an Tiarna anacal dá n‑ógánaigh, ní bheidh trua aige dá ndílleachtaí ná dá mbaintreacha. Tá an pobal seo aindiaga ainbheartach ar fad, tá a gcaint seafóideach. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí. 17 Is ea, loisceann an urchóid mar bheadh tine ann; alpann sé driseacha agus sceacha, ansin cuireann sé tine le mothair na foraoise agus téann an deatach in airde ina ghuairneáin. 18 Fearg Thiarna na Slua is í chuir an tír trí thine, agus is cuma nó breosla an pobal. Níl duine acu a thugann anacal dá bhráthair, 19 Gearrann siad ar dheis, agus tá ocras orthu fós; slogann siad ar chlé, agus níl siad sásaithe, gach aon ag alpadh feoil a chomharsan. 20 Alpann Manaise Eafráim, agus Eafráim Manaise, agus tá an bheirt acu in éadan Iúdá. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart