Bíonn m'anam ag sileadh deor le neart bróin; tabhair misneach dom le do bhriathar.
1 Peadar 1:6 - An Bíobla Naofa 1981 Is údar lúcháire agaibhse é seo, fiú más dobrónach féin sibh ar feadh tamaill bhig de bharr trialacha den uile chineál, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is cúis lúcháire agaibh é sin, siúd is go bhfuil oraibh cruatain éagsúla a fhulaingt ar feadh tréimhse bige, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Nidh is eadh é do‐bheir adhbhar gáirdeachais daoibh, bíodh, má’s gábhadh é, go bhfuil atuirse ar feadh tamaill oraibh mar gheall ar chathuighthibh éagsamhla; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An ní ann a bhfuil sibhse ag déunamh gáirdeachais, bíodh go bhfuil sibh a nois ré sealad, má atá na riachdanus, fá thuirse a gcathuighthibh éugsamhla: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Is údar lúcháire agaibh-se é seo, fiú más dobrónach féin sibh ar feadh tamaill bhig de bharr trialacha den uile chineál, |
Bíonn m'anam ag sileadh deor le neart bróin; tabhair misneach dom le do bhriathar.
Tuigim, a Thiarna, gur cóir iad d'fhoraitheanta; agus gur le barr dílseachta a chráigh tú mé.
Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscartha agus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.
Déarfaidh mé ó mo chroí go hiomlán: “Cé is cosúil leat, a Thiarna, an té a tharrthaíonn an truán ón tréanfhear, an duine dealbh ón tíoránach?”
Déan trócaire orm, a Thiarna; féach a bhfulaingím; d'ardaigh tú ó dhoirse an bháis mé,
“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.
agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.
“Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh.
Agus rug sé leis Peadar agus beirt mhac Zeibidé, agus thosaigh sé bheith buartha agus in anbhuain.
“Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh; óir is mar sin a rinneadh géarleanúint ar na fáithe a chuaigh romhaibh.
Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n‑ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.”
Agus dúirt an t‑aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile:
Agus sibhse mar an gcéanna, tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh, agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais, agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n‑áthas díbh.
Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.”
ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.”
Agus ní hé sin amháin é, ach táimid mórálach as Dia trínár dTiarna Íosa Críost, an té a ghnóthaigh an t‑athmhuintearas sin anois dúinn.
mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn.
An buaireamh beag gearrshaolach seo atá orainn, tá ualach as cuimse den ghlóir bhithbhuan á thuilleamh aige dúinn.
Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn.
Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht,
Is fada leis uaidh sibh go léir agus tá imní air toisc gur chuala sibh go raibh sé breoite.
Is againne atá an fíorthimpeallghearradh mar is faoi anáil an Spioraid a adhraímid Dia agus is as Íosa Críost atá ár maíomh in ionad dul i muinín na colainne,
Agus rinne sibhse aithris orainn agus ar an Tiarna, mar d'ainneoin gach anacra ghlac sibh leis an mbriathar uainn le lúcháir an Spioraid Naoimh,
Bígí go dearóil, ag gol is ag caoineadh. Bíodh bhur ngáire ina gol agaibh, agus bhur lúcháir ina gruaim.
Óir nach fearr fulaingt de chionn na maitheasa, más é toil Dé é, ná de chionn an oilc?
Tá deireadh gach ní ar láimh. Bígí ciallmhar dá bhrí sin agus bíodh smacht agaibh oraibh féin mar mhaithe le bhur n‑urnaithe.
Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.
Ansin ghuigh Hanná mar leanas: “Tá mórtas croí orm sa Tiarna. Cuireadh breis le mo neart sa Tiarna. Tá mo bheola ag déanamh fonóide faoi mo naimhde, Mar gur lúcháir liom do chumas slánaithe.