Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 95 - An Bíobla Naofa 1981


Gairdimis do Dhia

1 Téanam agus canaimis don Tiarna; déanaimis gairdeas do charraig ár slánaithe.

2 Druidimis ina láthair le haltú buíochais; déanaimis pléaráca do le hamhráin mholta.

3 Óir is Dia mór é go dearfa an Tiarna; is rí mór é os cionn na ndéithe go léir.

4 Is ina lámha atá duibheagáin na cruinne, agus is leis mar an gcéanna na hardsléibhte.

5 Is leis an fharraige, óir is é a chruthaigh í; agus is iad a lámha a dhealbhaigh an talamh tirim.

6 Téanam, go n‑adharfaimis agus go sléachtfaimis; feacam ár nglúine i láthair an Tiarna a chruthaigh sinn.

7 Óir is é ár nDia é, agus is sinne pobal a pháirce agus caoirigh a láimhe.

8 Á, dá n‑eistfeadh sibh inniu lena ghlór: “Ná cruaigí bhur gcroí mar a tharla i Miríbeá, nó an lá úd ag Masá san fhásach

9 mar a ndearna bhur n‑aithreacha mo phromhadh, do mo thriail cé go bhfacadar mo bhearta.

10 Ar feadh daichead bliain ba ghráin liom an ghlúin sin agus dúirt mé: ‘Is seachránach a gcroí siúd; is pobal iad nach eol dóibh mo shlite.’

11 Ar an ábhar sin mhionnaigh mé i m'fhearg nach rachaidís i mo shuaimhneas isteach go brách.”

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí