Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,
Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Do bhéara an TIGHEARNA neart dá phobal; benneochuidh an TIGHEARNA a phobal lé síothcháin.
Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad.
Luighfe mé mar an ccéadna a síothcháin, agus coidéola mé: óir tusá, a THIGHEARNA, amháin chuireas am chomhnuidh me a neamhbáoghal.
Atá síothcháin mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.
Acht géubhuid na ceansuighthe oighreachd a nfearuinn; agus biáidh a ndúil a niomad na síothchána.
Agus budh síothcháin obair na fíréuntachda; agus budh súaimhneas éifeacht a nionnracuis agus daingion go bráth.
Cluinfiod cred e déaras Día an TIGHEARNA: óir laibheoruidh sé síothcháin ré na dhaóinibh, agus ré na náomhuibh: iondus nach bhfillfid a rís chum éigcríonachd.
Agus do dtuguidh Tíghearna na síothchána féin síothcháin dhíbh do shíor ar gach éunchor. An Tíghearna maille ribh uile.
Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna.
Oír as eision ar síothcháinne, noch do rinne áon dinn aráon, agus do bhris síos balla méadhónach na teóruinne;
Se Día ar ndídean agus ar neart, cungnamh ro ollamh a mbuaidhreadh. Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh. Atá TIGHEARNA nа slogh linn; atá Día Iácob na ro dhidean aguinn. Selah. Ar a nadhbharsin ní bhía eagla oruinn, da mbeith go nárthochadh an talamh, bíodh go náthrochadh na sléibhte go meadhon na fairge; Bíodh go ndeanadh a huisceadha sin fuáim, agus go mbeidis buáidheartha, da ccriothnuighdís na cnuic le na hat sin go hanmhór. Selah.
Oír imeochuid na sléibhte, áthrochar na cnoic; acht ní imeochuidh mo chínealsa uáitsi, ní mo áthrochthar cunnradh mo shíothchána, a deir an TIGHEARNA do rinne trócaire ort.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh, Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.
Oir is marso a deir an Tighearna DIA, Neach Náomhtha Israel; A niompogh agus a suáimhnios béithí tárthúighthe; a cciúnas agus a ndóthchus bhías bhur neart: agus níor bháill libh.
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Atá mo chos na seasamh a nionad chomhthrom: annsna coimhthionóluibh beinneochad an TIGHEARNA.
Muna bhfoirgníghe an TIGHEARNA an tigh, is díomhaóin oibrighid an lucht fhoirgnighios é: muna ccumhduighe an TIGHEARNA an chathair, is go díomhaóin do ní an fear coimhéada faire.
Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána.
Agus, na huile neither do dhéunamh réidh ris féin thrídsion, ar ndéunamh siothchána tré fhuil a chroichesean; mas air talamh íad, no air neamh.
Cláoidhtear na huáibhrigh; óir do rinneadar olc orum gan adhbhar: do dhéan smuáineadh ann haitheantaibhsi.
Is beannuighe gach áon air a bhfuil eagla an TIGHEARNA; noch shiobhlas iona shlighthibh. Oír íosfa tú sáothar do lámh féin: biáidh tú sona, agus rachaidh go maith dhuit. Biáidh do bhean cosmhuil ris an bhfíneamhuin thoruigh ar tháobhuibh do thighe: do chlann cosmhuil le planntoighibh chroinn na hola a ttimthioll do bhóird. Féuch, gur marso bhías an duine beannuigh air a bhfuil eagla an TIGHEARNA.
Oír do rugadh leanabh dhúinne, tugadh mac dhúinn: agus biáidh an ríaghladh air a ghúaluinn: agus goirrfighear a ainm Iongantach, Comhairleach, An Día cumhachtach, An Tathair síorruidhe, An Prionnsa na Síothchána.
Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
Má umhluighid mo phobal, noch ghoirthear am ainmsi, iad féin, agus guidhe, agus maghaidhsi díarruidh, agus filleadh ó na ndroichshlighthibh; annsin cluinfe misi ó fhlaitheamhnus, agus maithfe mé a bpeacadh, agus leigheosuidh mé a bhfearann.
Foileochuidh tú íad a nuáignios ad fhiaghnuise ó úabhar an duine: foileochuidh tú íad ann do thabernacuil ó imreasan na tteangtha.
Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh.
Guidhidh ar son síothchána Ierúsalem: bídis a síothcháin noch ler bionmhuin thú. Bíodh síothcháin ann do dhaingion, sonas a stigh ann do phálásaibh.
A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort.
Dealuidh ris a nolc, agus déan maith; íarr síothcháin, agus lean í. Atáid súile an TIGHEARNA chum nа bhfíréin, agus a chlúasa chum a ccomharc.
Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd:
Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean.
Féuch, is Día mo shlánaightheóir; bím dothchusach ann, agus ní bhía eagla orum: óir isé an TIGHEARNA IEHOBHAH mo neart agus mó chaintic; sé fós mo shlánughadh é.
Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.
Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Oir íona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
Cealg bhíos a ccroidhe na droinge noch smuáinios an tolc: acht do chomh-airleachaibh na síothchána atá gáirdeachus.
Lingidh a steach ann a gheatuighibh maille ré tabhairt buidheachuis, iona chúirtibh lé moladh: molaidh é, agus beannuigh a ainm. Oír is maith an TIGHEARNA; is síorruidhe a thrócaire; agus a fhírinne ó ghinealach go ginealach.
Is beannuighe an té thoghas tú, agus do bheirir a ngar, do dhéana sé comhnuighe ann do chuirtibh: saiseochthar sinne re neithibh maithe do thighe, do theampuill náomhtha.
Go deibhin do chumas me fein agus do chuirios am chomhnuighe mar leanamh do coisgfidh do chích agá mhathar: mar leanamh ar ccosg do chígh atá manamsa.
Agus grádh ro dhióghraiseach do bheith aguibh dhóibh ar son a noibre Bíghidh síothchánta eadruibh féin.
Ann mamhgar do ghoireas aír mo THIGHEARNA, agus déighios air mo Dhía: do chúaluidh sé ó na theampull mo ghuth, agus do chuáidh méighmhe ós a choinne, iona chlúasaibh.
¶ A THIGHEARNA, órdeochuidh tusa síothcháin dúinn: óir is tú fós do oibrigh ar noibreacha uile ionnuinn.
Tráothfuidh an tanfadh a cciúnas, agus béid a ttonna sin na comhnuighe. Agus do chruinnigh íad as na críochaibh, ó náird shoir, agus ó náird shíar, agus ó náird thuáigh, agus theas. Agus béid lúathgháireach do bhrígh go mbéid síad súaimhneach; agus tréorochuidh íad go cúan a ttoile.
A nuáir thaitnid slighthe an duine leis an TTIGHEARNA, do bheir sé air a námhaid féin bheith síodhach ris.
Agus Día na nuile ghrás, noch do ghoir sinn chum a ghlóire síorruidhe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáidheartha dfulang dhíbh, go ndéuna sé féin sibh íomlán, go neartuighe, go láidrighe, agus go ndaingnighe sé sibh.
Má shiúbhluim a meadhón an chúmhgaidh, aithbheochuidh tusa mé: ar son fheirge mo námhad sínfe tú úait do lámh, agus tárthocair mé lé do láimh dheis.
¶ Gidheadh fuirfheithmhigh an TIGHEARNA, ré bheith grásamhuil daóibh, agus áirdeochthar uimesin é, chor go ndéana sé trócaire oruibh: óir is Día breitheamhnuis an TIGHEARNA: is beannuigh an mhéid fhuirfheithfios air.
Acht ionnadsa do chuir misi mo dhóthchus, a THIGHEARNA: a dúbhrus, Is tú mo Dhía. Atáid maimseara ad láimhse: sáor mé ó láimh mo námhad, óm luchd ainleamhuna.
Bíaidh an TIGHEARNA mar an ccéadna na ionad dídin don té sháruighthear, na dhaingion a naimsearuibh buáidheartha.
Focail an TIGHEARNA is focail ghlana íad: mar airgiod dearbhtha a bhfuirnéis chríadh, niamhghlanta seachd nuáire. Coimhéadfa tú íad, ó a THIGHEARNA, cuimhdeocha tú íad ón ghinealachso go bráth.
An dream chuirios síol a ndéaruibh beanfaid a lúathgháire. An té dimthigh amach go doilghiosach agus do ghuil, ag cur a shíl, tiocfa sé lé lúathgháire, ag iomchar a phunnann.
Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.
Coimhneochuidh an mactíre fós a bhfochair an lubháin, agus luighfidh an líopard síos ag an meannán; agus an gamhuin agus an leomhan óg agus an teallach méith a bhfochair a chéile; agus tréorochuidh leanabh beag íad. Agus ingheiltfid an mart agus an bheithir; luidhfid a nóga síos a bhfochair a chéile: agus íosuidh an leómhan an tuighe amhuil damh. Agus biáidh naóidhe na ccíoch ag súgradh ag poll na haspa, cuirfidh leanabh baineadh do chích a lámh ar úamhuigh an chocatrís. Ní dhéanaid siad gortadh ná milleadh ann mo shlíabh náomhtha uile: óir biáidh an talamh lán déolus an TIGHEARNA, mar fholuighid na huisgeadha a nfairge.
Ata fós manam ag feithiomh amháin air Dhía: noch ó bhfuil mo shlánughadh. Ná cuirigh bhur ndóigh a sárughadh, agus a sladuigheachd ná bíthi díomhaóin: an tan fhásas saidhbhrios, ná cuiridh bhur ccroidhe air. Do labhair Día aonuáir; fá dhó chúala mé so; gur ré Día bheanas cumhachda. Mar an ccéadna is leátsa, a THIGHEARNA, trócaire: óir do bhéarair don duine do réir a oibre. Isé fós mo charruic agus mo shlánughadh; mo dhídean; ní chorrochthar mé go mór.
Iarruigh, agus do bhéurthar dhaóibh; lorgairídh, agus do gheabhtháoi; búalidh an dorus, agus oisgéoltar dháoibh: Oír gach uile neach iárrus glacuidh sé; agus giodh bé lorgaireas do ghéibh sé; agus is don té bhuaileas an dorus oisgéoltar.
Féuch, is oighreacht don TIGHEARNA clann: toradh na mbronn a luaidheachd. Mar shoighde a láimh an duine arrachtaigh; is amhluigh sin atá clann na hóige. Is beannuighe an duine agá bhfuil a bholgán soighiod lán díobh: ní bhiáid claóidhte, an tan leibheoruid lé na naimhdibh san gheata.
Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid;
A nuáir bhías eagla orum, biáidh mo dhóigh ionnadsa. A Ndía mholfas mé a bhríathar, a Ndía chuirim mo dhóigh; ní bhiáidh eagla orum cred do dhéanas feóil orum.
Cláon mo chroidhe chum thfiaghnuiseadh, agus ní chum sainte. Tabhair air mo shúilibh gabháil seacha ó dhíomhaoineas dfaicsin; béoghuidh mé ann do shlighe.
Cruthuighim toradh na bpuisíneadh; Siothcháin, síothcháin don tí bhíos a nimchéin, agus don tí atá bhfogus, a deir an TIGHEARNA; agus leigheosuidh mé é.
Lé manam díarr mé thú san noidhche; fos, lé mo spioraid a stigh ionnam íarrfas mé thú go moch: óir a nuáir bhéid do bhreatheamhnuis annsa talamh, foghlaimfid áitreabhuigh na talmhan fíreantachd.
Acht ís maith dhamhsa druidean ré Día: atá mo dhóigh annsa TTIGHEARNA Día, go bhfoillsighe mé hoibreacha uile.
Agus a sé so an dóthchas atá aguinn as, éadhon, ma íarrmuid éinne air do réir a thola, go néisdeann sé rinn:
Ionnus go ccanfadh mo ghlóir moladh dhuitsi, agus gan bheith am thochd. O а THIGHEARNA mo Dhía, do bhéarad buidheachus riot go bráth.
Ma sheasmaoid as coinne an tighesi, agus dot lathaírsi, (óir atá hainm sa tighse,) a núair thiocfas olc oruinn, mar atá an cloidheamh, breitheamhnus, nó pláigh, nó gorta, agus éighfeam chugadsa íonar naindeisi, annsin cluinfe tusa agus cuideochuidh tú.
Graidheochuidh mé thú, a THIGHEARNA mo neart. Agus do bhí ag marcuigheachd ar Cherub, agus deitil sé; deitil go ro lúath ar sciothánuibh na gaóithe. Do rinne a ionad uáigneach don dorchadus; uisgeadh dorcha agus néulla tiugha a naiéir bá páilliúin dóma thimchioll. On deálradh do bhí as a choinne dimthigheadar a néulla tiugha, cloichshneachda, agus gúal teineadh. Agus do rinne an TIGHEARNA tóirneach annsna neamhuibh, agus thug an té is ro áirde a ghuth; cloichshneachda agus gúal teineadh. Fós, do chaith sé a shoighde, agus do spréidh sé íad; agus do chaith tinnteach, agus do chlaói íad. Agus do chonncas aigéun na nuisgeadh, agus do nochtadh íochdar an domhuin ód achmhusansa, a THIGHEARNA, ó shoinnéun anála do shróna. Do chuir sé a núas, do ghabh sé misi, do tharruing sé mé as iomad uisgeadh. Do sháor sé mé óm námhuid neartmhuir, agus ón druing do fhúathaigh mé: óir do bhádar ro neartmhar orum. Thangadar am aghaidh a ló mo thruáighmhéile: acht do bhí an TIGHEARNA na urrainn agam. Agus thug sé amach a nionad fhairsing mé; do sháor sé mé, do bhrígh go raibh dúil aige ionnam. An TIGHEARNA mo charruic, agus mo dhaingean, agus mfear sáortha; mo Dhía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo dhóthchus; mo scíath, agus adharc mo shlánuighthe, mo ionad árd. Do aisig an TIGHEARNA dhamh do réir mfíréantachd; do réir ghloine mo lámh thug sé díoluigheachd dhamh. Do bhrígh gur choimhéud mé slighthe an TIGHEARNA, agus nar fhill mé go cionntach ó mo Dhía. Oír do bhádar a bhreitheamhnusa uile ós mo chomhair, agus níor chuireas a reachda uáim. Agus do bhí mé díreach aige, agus do choimhéadas mé féin ó mo chionntuibh. Agus thug an TIGHEARNA luáigheachd dhamh do réir mfíréuntachda, do réir ghloine mo lámh ós coinne a shúl. Don trócaireach táisbeanfa tú thú féin trócaireach; ris аn duine díreach táisbeanfa tú thú féin díreach; Do nfíorghlan foillseachthair thú féin fíorghlan; agus leis an cceannairctheach foillseochthair thú féin ceannairctheach. Oír sáorfa tú na daóine buáidheartha; agus bhéarair na súile ro árda a núas. Oír lasfaidh tú mo chonniol: soillseochthuidh mo THIGHEARNA Día mo dhorchadus. Oír tré do chungnamhso rithfiod thríd shlúagh; agus maille ré mo Dhía rachad do léim thar bhalla. Goirfe mé air an TTIGHEARNA, nóch is fíu a mholadh: agus sáorfuighthear óm naimhdibh mé.
Smachtuigh do mhac, agus do bhéara sé suáimhnios duit; do bhéara sé fós, sólas dot anam.
Taisbeanfa tú dhamh casáin na beatha: ad lathairsi atá líonmhaireachd lúathgháire; air do láimh dheis atá sáimhe go síothbhúan.
A nuáir luidhfios tú síos, ní bhía eagla ort: fós, luidhgidh tú síos, agus biáidh do chodhladh sáimh.
Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?
Do mhoichéirghe mé theacht an laói, agus déighios: do bhí mo dhúil red fhocalsa. Bíd mo shúile na ndúscadh a ttráthuibh na hoidhche, chum smuainiughadh ann do bhréithir.
Foghnuidh croidhe súgach amhuil leighios: acht tiormuighidh spiorad briste na cnámha.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do aithghin sinn do réir a mhórthrócaire chum béomhuinighne tré eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh.
Oh nach ttug tú aire dom aitheantnibhsi! annsin do bhíath do shíothcháin amhuil sruth, agus thfíréanteachd amhuil tonna na fairge:
Isé an TIGHEARNA comhroinn moighreachda agus mo chupáin: cothuighionn tú mo chrannchair. Do thuiteadar na comharthadha chugamsa a nionaduibh thaitneamhacha; fós, atá oighreachd mhaith agum.
Atá Día iona meadhon; ní corrochtar í: do bhéaraidh Día furtachd di, re héirghe amuch na maidne.
Tuguidh dá bhur naire, créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: is uime so nach aithnidh don tsáoghal sinn, do bhrígh nach aithnidh dhó eisean.
Deanaidh fuaim lúathgháireach chum an TIGHEARNA, a thalamh uile. Déanuidh seirbhís don TIGHEARNA re lúathgháire: tigidh ós coinne a aighthe re gáirdeachus. Bíodh a fhios agaibh gur bé an TIGHEARNA is Día: isé do rinne sinne, agus ní sinn féin; is sinne a dhaóine, agus caóirigh a innbhir.
Do tháobh Dé, atá a shlighe iomlán: do dearbhadh bríathra an TIGHEARNA: is scíath é do nuile chuirios a ndothchus ann.
Agus fóirfidh mó Dhíasa gach uile uireasbhuidh dhá mbía oruibhse do réir a sháidhbhris maille ré glóir a Níosa Críosd.
Do chuimhnigh mé do bhreitheamhnuis ón tseanaimsir, a THIGHEARNA; agus do mheisnigh mé mé féin.
Agus budh síothcháin obair na fíréuntachda; agus budh súaimhneas éifeacht a nionnracuis agus daingion go bráth. Agus cóimhneochuidh mo phobalsa a náitreabh shíothchanta, agus a ttighthibh daingne, agus a socamhul shuáimhneach;
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
A Dhia, is tú mo Dhíasa; sírfe mé thú go moch: atá manam tartmhar chugad, atá mfeóil míanmhar chugad a ttalamh thirm thartmhar, mar nach bhfuilid uisgeadha; Dóirtfighthear a bhfuil ris an ccloidheamh: béid na ccuid ronna ag sionnchaibh. Agus do dhéana an rígh lúathgháir a Ndía; do dhéana gach áon mhionnuigheas thrídsion glóir: óir druidfear béul na druinge do ní bréuga. Dfaicsin do chumhachd agus do ghlóire, mar do chonnairc mé thú annsa tsanctora. Oír is féarr do chinéul grádhach, ná beatha, molfa mo bhéul thú.
Anuair do thug an TIGHEARNA braighdionas Síon air ais, bá cosmhuil sinn leis a ndroing do chídh aisling. Annsin do líonadh ar mbéul ré gáireadha, agus ar tteanga ré lúathgháire: a dubhradar annsin a measg na gcineadhach, Do rinne an TIGHEARNA éachta móra dhóibh. Do rinne an TIGHEARNA neithe móra linne; atamaóid lúathgháireach.
Go dearbhtha leanfuidh maith agus trócaire mé air feadh mo sháoghail: agus do dhéanad áitreabh a ttigh mo THIGHEARNA go bráth.
Bíth uireasbhuidh air na leomhnuibh óga, agus fuilingid ocrus: acht ní bhiáidh uireasbhuidh éanmhaitheasa ar an luchd íarrus an TIGHEARNA.
Agus cóimhneochuidh mo phobalsa a náitreabh shíothchanta, agus a ttighthibh daingne, agus a socamhul shuáimhneach;
Agus an mhuinntir agá bhfuil fios hanma cuirfid a ndóigh ionnad: óir thusa, a THIGHEARNA, níor thréigis an luchd íarrus thú.
Cuir do dhóigh annsa TIGHEARNA, agus déan maith; áitreibhigh tú annsa dúithche, agus beathóchar thú go deimhin.
Is beannuigh sibh ón TTIGHEARNA noch do rinne neamh agus talamh. Is leis an TTIGHEARNA, neamh, na neamha: agus thug sé an talamh do chloinn na ndáoine.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
A mhic, má ghabhann tú mo bhríathrasa, agus maitheanta dfolachagad féin; A nuáir rachus a neagna a steach ann do chroidhe, agus bhías éolus taitneamhach dot anam; Cuimhdeochuidh deiscréid thú, coimhéadfuidh tuicse thú: Dot sháoradh ó shlighe an drochdhuine, ón duine labhras neithe éaigcneasta; Noch thréigios slighe a nionnracais, do shiubhal a slighthibh an dorchadais; Noch lúathgháirighios um dhéanamh uilc, agus dhúilighios a néigcneasdacht na cciontach; A bhfuilid a slighthe cam, agus íad éaigcneasta iona slighthibh: Dot sháorach air an mnaói choimhthigh, eadhon an coimhthigheach noch mheallus le na bríathruibh; Noch thréigios éoluighe a hóige, agus dhearmadas cunnradh a Dé. Oír cláonuidh a tigh chum báis, agus a casain chum na marbh. Ni fhílleann áonduine dá ttéid go nuige í a rís, ní mó ghlacaid síad greim do chasánabh na beatha. Iondus go ccláonfa tú do chlúas chum na heagna, agus go ttinbhra tú do chroidhe don tuigsin; Go madh héidir léatsa imtheacht a slighthibh na ndaoine maith, agus coiscéime na bhfíréun do choimhéad. Oír coimhneochuidh an tionnraic annsa dúthaigh, agus buáineochuidh an duine iomlán innte. Acht géarrfuighthear na drochdhaóine amach as an ttalamh, agus tochaltar lucht an tsaruighthe as amach. Má éighionn tú fós a ndiáigh éoluis, agus go ttóigfe tú do ghuth súas chum na tuigsiona; Má íarrair í amhuil airgiod, agus go spíonfuidh tú da híarruidh mar ionnmhusaibh foluightheacha; Annsin tuigfidh tú eagla an TIGHEARNA, agus do gheabha tú éolus Dé.
Do ní aingeal an TIGHEARNA campa go cruinn a ttimchioll na druinge air a mbí a eagla, agus sáoruidh sé íad.
Atá an TIGHEARNA ar mo shonsa; ní bhíaidh eagla orum: cred dhéanas duine riom? Atá an TIGHEARNA ar mo shonsa a measc lucht mfurtachda: agus do chífe mé mó mhían air an lucht fhúathuighios mé.
Agus Día na síothchana, tug air ais ó mharbhuibh an Tíghearna Iósa, árdáodhaire na gcáorach, tré fhuil an chonnartha shíorruidhe, Go ndéuna sé sibh diongmhalta sa nuile deaghobair, chum a thola do dhéunamh, ag oibriughadh ionnuibh an neithe as geanamhuil na fhíadhnuise, tré Iósa Críosd; dá bhfuil glóir go sáoghal na sáoghal. Amén.
Oír misi an TIGHEARNA do Dhía choinneochus do lámh dheas, ghá rádh riot, Ná himeagluidh; cuideochuidh mé leachd.
Is on TTIGHEARNA, thig ullmhughadh an chroidhe annsa duine, agus freagra na teangtha.
Agus do bheathaidh sé íad ré iomláine a chroidhe; agus do thréoruidh íad lé héolus a lámh.