Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 3:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Ní bheidh eagla ort i do shuí duit, agus beidh do chodladh go sámh i do luí duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 A nuáir luidhfios tú síos, ní bhía eagla ort: fós, luidhgidh tú síos, agus biáidh do chodhladh sáimh.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 3:24
21 Tagairtí Cros  

Bhí ríocht Iahóiseáfát faoi shíocháin mar gur thug a Dhia síocháin dó ar a theorainneacha uile máguaird.


Luífidh tú síos, gan eagla aon duine ort, Ach a lán ar thóir do ghnaoi.


Is dílis daingean a chroí gan eagla; feicfidh sé a naimhde á dtreascairt.


Is díomhaoin daoibh éirí roimh an solas, agus bheith ag airneán go déanach, sibhse a itheann arán an tsaothair; óir is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh.


Nuair a ghlaoim ar an Tiarna os ard tugann sé freagra orm óna shliabh naofa.


Chuaigh mé a luí agus chodail mé; agus dhúisigh mé toisc gur chosain an Tiarna mé.


Is mó a chuir tusa d'aoibhneas i mo chroí ná iad siúd de bharr flúirse aráin agus fíona.


Ní eagal duit uamhan na hoíche, ná an tsaighead a scaoiltear sa lá,


An té a éisteann liomsa, mairfidh sé go sochma, beidh sé ar a shuaimhneas, gan eagla air roimh aon urchóid.”


Seolann eagla Dé chun na beatha; an té a mbíonn sí aige, bíonn bia agus fothain aige, gan scéin roimh aon olc air.


Ag siúl duit, treoróidh siad thú; i do luí duit, déanfaidh siad thú a fhaire; i do dhúiseacht duit, labhróidh siad leat.


Tá olc scannalach ann a chonaic mé féin abhus faoi luí na gréine: saibhreas á thaisceadh ag an duine ar leis é chun a dhíobhála féin;


Beidh tú bunaithe ar an bhfíréantacht; i bhfad uait an leatrom, agus ní bheidh eagla ort, i bhfad uait an scéin, mar ní thiocfaidh sí i do chomhair.


Agus uaidhsean: Dhúisigh mé agus bhí [athbheocht] ionam, agus ba shámh é mo chodladh.


Beathóidh mise féin mo chaoirigh agus tabharfaidh orthu a scíste a ligean - an Tiarna Dia a labhraíonn.


Déanfaidh mé conradh síochána leo agus díbreoidh na hainmhithe allta ón tír, ionas gur féidir leo cur fúthu gan bhaol san fhásach agus codladh sna coillte.


Tabharfaidh crainn na tuaithe a dtoradh agus an talamh a biseach, agus beidh siad gan bhaol ar a bhfód dúchais. Tuigfidh siad gur mise an Tiarna nuair a scaoilfidh mé ceangal a gcuinge agus iad a fhuascailt ó lucht a ndaoirse.


Tabharfaidh mé síocháin in bhur dtír, agus beidh codladh agaibh gan baol ó aon duine. Cuirfidh mé an ruaig ar ainmhithe allta as an tír; ní ghabhfaidh an claíomh thar bhur dtír.


An oíche sula raibh Héaród chun é a thabhairt os comhair an phobail, bhí Peadar ina chodladh idir beirt shaighdiúirí agus dhá shlabhra faoi agus bhí garda os comhair an gheata ag faire an phríosúin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí