Ná bíodh breithiúnas agaibh de réir deilbhe, ach de réir an chirt. (Eoin 7:24) I ndomhan ina bhfuil an-mheas ar an íomhá, tugann an véarsa seo dúshlán dúinn breathnú níos doimhne ná an craiceann amháin agus croí an duine a fheiceáil.
Is minic a dhéanaimid breithiúnais thapa bunaithe ar chuma, ar éadaí nó ar stádas sóisialta duine, ach múineann eagna na Scrioptúir dúinn go bhfuil i bhfad níos mó i ngach duine ná mar a fheicimid ar an dromchla. Taobh thiar de dhromchla gach duine tá scéalta streachailte, buanna agus grá.
Is dea-chomhairle í seo dúinn faoi bhreithiúnais agus cuma. Meabhraíonn sí dúinn gur daoine neamhfhoirfe muid agus gur féidir linn botúin a dhéanamh nuair a dhéanaimid breithiúnais bunaithe ar an taobh amuigh amháin. Ina áit sin, is fearr dúinn cleachtadh a dhéanamh ar an gceart trí ár dTiarna Íosa Críost agus gan brath ar ár dtuairim féin.
Tugann an smaoineamh seo dúshlán dúinn ceist a chur orainn féin: cé chomh domhain is atáimid sásta breathnú? An bhfuilimid cóir nuair a dhéanaimid breithiúnas ar dhaoine eile? Conas is féidir linn an eagna a chothú chun breathnú níos faide ná an rud is léir?
Múineann sé seo dúinn breathnú ar dhaoine le súile an ghrá agus na trócaire, fírinne a chur roimh shárfhlaitheas agus áilleacht gach duine a aithint, beag beann ar a gcuma sheachtrach. Agus thar aon rud eile, tuigimid nach leor dúinn a bheith ag breathnú ar chuma nó ar iompar daoine eile. Ní mór dúinn aire a thabhairt dúinn féin ar dtús, ionas go mbeidh muid gan smál agus gan roic nuair a fhillfidh Críost ar a Eaglais – is é sin le rá, aire a thabhairt dár gcroí agus ní dár gcuma.
Is mar an gcéadna a tátháoisi leith a muich a bhfíadhnuisi na ndáoine bhar bhfíreanchuibh, achd don táobh a sdigh a tátháoi lán dfúarchrábhadh agus déagcoir.
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Samuel, Ná féach ar a ghnúis, no ar áirde a phearsann; do chionn gur dhíult misi é: óir ní fhaiceann an TIGHEARNA mar do chí duine; óir do chí an duine an ní bhías a bhfiaghnuise a shúl, achd do chí an TIGHEARNA an croidhe.
Is anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhuarchrabhuidh! oír is cosmhuil sibh ré túamidhibh geala a tá deaghmhaiseach don taóbh a muich, agus a tá a sdígh lán do chnámhaibh dáoine marbh, agus dá gach uile shalchar. Is mar an gcéadna a tátháoisi leith a muich a bhfíadhnuisi na ndáoine bhar bhfíreanchuibh, achd don táobh a sdigh a tátháoi lán dfúarchrábhadh agus déagcoir.
Oír ní bhfuilmís a rís dar moladh féin ribhse, achd do bheirmíd fáth gáirdeachais díbh dhár dtáobh, ionnus go mbíadh freagra aguibh ré thabhairt ar an druing do ní gáirdeachas a ngnúis, agus ní a gcroidhe.
Is meallta an dathamhlachd, agus is díomhaoin an scéimh: acht an bhean eagluighios an TIGHEARNA, is isi mholfuighthear.
Nar go foiriomlach bhías a maise a ngruáig chasda, ná a gcur óir na dtimchioll, ná a gcur chulúigheach orrtha; Achd go madh hé a maise duine foluigheach an chróidhe, a neamhthruáilleadh, spioruide ceannsa ciúin, noch is morluáich a bhfíadhnuise Dé.
Agus ón druing air a saóiltear cáil éigin oirdhearcuis do bheith, (gidh bé mar do bhádar róimhe so, ní bheanann sé dhamhsa: ní ar phearsainn dhuine bhíos mea sag Día: oír) an dream shaóiltear do bheith oirdheirc, níor chuireadarr bárr ar mo theagusgsa:
Agus do dhéana sé do thuicsin bhrioghmhair é a neagla an TIGHEARNA: agus ní dhéana breitheamhnus do réir radhairc a shúl, agus ní aithbheoruigh do réir éisteachda a chlúas:
A dhearbhraithre, ná bíodh creideamh ar Dtíghearna ghlórmhar Iósa Críosd aguibh, maille ré féuchain do phearsuin seach a chéile. Oir gidh bé neach choimhlíonfus an reachd uile, agus gheubhas tuisleadh a néun áithne amháin, ata sé ciontach ionnta uile. Oír an tí a dubhairt, Ná déun adhaltrannas, a dubhairt sé mar an gcéudna, Ná déun dúnmharbhadh. Agus bíodh nach ndéun tú adhaltrannas, achd go ndéun tú dúnmharbhadh, do rinneadh fear sáruighe an réachda dhíot. Go madh hamhluigh laibhéorthaói, agus go madh hamhluidh dhéunas sibh, mar an luchd ar a ndéuntar breitheamhnus tré reachd na saóirsi. Oír breitheamhnus gan trócaire, don tí nach dearnadh trócaire; agus do ní an trócaire gáirdeachas a naghuidh an bhreitheamhnuis. Créd é an tarbha, a dhearbhráithre, do neach a rádh go bhfuil creideamh aige, agus gan oibreacha aige? an bhféudann an creideamh a sháoradh? Oir da raibh dearbhráthair nó deirbhshíur lomnochduighe, agus a riachdanas na béatha láetheamhla, Agus go naibéora neach aguibhse ríu, Imthighe rómhuibh a síothchain, goruidh sibh féin agus líonuigh bhur mbuilg; agus gan sibh do thabhairt na neitheann atá na riachdanas ar an gcolainn dóibh; créd é a tharbha sin? As amhluidh sin an chreideamh mar an gcéudna, muna bhfuilid oibreacha aige, atá sé marbh ann féin. Achd, a déuruidh neach éigin, Atá creideamh agadsa, agus atáid oibreacha agumsa: taisbéinse dhámhsa do chreideamh a bhféugmuis hoibreacha, agus taisbéuneadsa mo chreidimh dhuitse as mhoibreachuibh. Creidigh tusa go bhfuil áon Ndía ann; as maith do ní tú sin: creidid na deamhuin féin mar an gcéudna, agus criothnuighid síad. Oír dá dtí neach a steach da bhur gcoimhthíonól ar a mbiáidh fáinne óir, a néudach lonnrach, agus go dtiucfuidh duine bochd mar an gcéudna a néudach thruáillighe; Achd a dhuine dhíomhaóin, an mían leachd a fhios dfágháil, gur marbh an creideamh gan oibreachuibh? A né nach ó oibreachuibh do rinneadh ar nathair Abráham fíréunta, an tan dforáil sé a mhác Isaac ar naltóir? A né nach léir dhuit go raibh an creideamh ag comhoibriughadh maille ré na ghníomharthuibh, agus gur ab as na gníomharthuibh do rinneadh an creideamh diongmhálta? Agus do coimhlíonadh an sgriobtúir a deir, Do chreid Abraham do Dhía, agus do measadh dhó é na fhiréuntachd: agus do goireadh Caruid Dé dhe. Ar a nadhbharsin do chí sibh gur ab as oibreachuibh do nithear duine fíreunta, agus nach as creideamh amháin. Agus mar an gcéudna fós an mheirdreach Rahab, a né nách as oibreachuibh do rinenadh firéunta í, an tan tug sí aóidheachd do na teachdaireadhibh, agus do chuir sí uáithe íad a slighe eile? Oir amhuil is marbh an corp a bhféugmhuis na spioruide, as amhluidh sin mar an gcéudna bhíos an creideamh marbh gan oibreachuibh. Agus go mbiáidh féuchain aguibh don tí ar a mbí an téudach lonnrach, agus go naibéora sibh ris, Suighse sa nionad onórachsa; agus go naibéora sibh ris an duine bochd, Seasaimhse ann sin thall, no suígh ann so faói sdol mo chos: A né nach bhfuil sibh ag breathnughadh eadruibh féin, agus do rinneadh breitheamhuin díbh air dhroch smuáintighibh?
Thusa fós, rug breath air do dheirbhsheathrachaibh, iomchair do náire féin arson do pheacaidh do rinne tú ní as adhfhúathmhaire ná íadsan: is ro ionnraca íad ná thusa: aseadh, náirighthear thusa fós, agus iomchair do náire, do bhrígh gur fhíréunuigh tú do dheirbhsheathracha.
Agus a ccionn dheich lá do chonncas a ngnúise ní is breághdha agus ní is reimhe a bhfeóil ná an chlann uile noch a duáigh do chuid ronna bídh an rígh.
Annsin féuchthar air ar ngnúisibh dot lathairsi, agus ar ghnúisibh na cloinne ithios do chuid ronna bidh an righ: agus amhuil do chifios tú, déana re do sheirbhíseachaibh.
Oír gach ní atá sa tsáoghal, mar atá ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na beatha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid.
Tarbhraidh bhur naire nach deúntáoi bhur ndeirc á bhfiadhnuisi dáoine, do chum go bhfaicfidís sibh: nó ní bhfuighthí lúaidheachd ó bhur Nathair atá air neamh.
Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.
As so do gheibh Mathairsi glóir sibhsi do thabhairt móráin toraidh; agus bheithí bhur ndeisciobluibh agamsa.
Foghnuidh croidhe súgach amhuil leighios: acht tiormuighidh spiorad briste na cnámha.
¶ Uime sin a dúbhairt an Tighearna, Do bhrígh go ttairingid an mhuinntirse láimh riom le na mbéul, agus go nonóruighid le na bpuisinibh mé, acht gur áthruigheadar a ccroidhe a bhfad uáim, agus gur múineadh a neagla dom thaóibhsi maille re aithne dhaóine:
Oír a nois an íad dáoine, nó a né Día theaguisgim? nó a ní toil na ndáoine íarruim a dhéunamh? go deimhin dá mbéinn gus a nois ag déunamh toil na ndáoine, ní bhéinn um shearbhfhoghantuidhe ag Críosd.
Oir atáid a leithid sin dabsdaluibh fallsa, na luchd oibre meabhlacha, dá gcur féin a bhfoirm absdál Chríosd. Agus ní híongnadh sin; óir cuiridh Satán é féin a bhfoirm aingil na soillse. Uime sin ní mór an ní é dá gcuirid a mhinisdrí íad féin mar an gcéudna a bhfoirm minisdridhe na firéantachda; agá mbiáidh a gcríoch dheigheanach do réir a noibreacha.
Coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidh állta fhúaduigheachda.
Neithe agá mbí cáil éagna orrtha, sa seirbhís chúmuid daóine úatha féin, agus a númhlachd inntinne, agus a neamhchoigilt an chuirp; ní a nonóir air bith do shásadh na colla.
Oír éireochuidh sé súas as a choinne amhuil plannda máoth, agus amhuil fréumh as talamh thirim: ní bhfuil cuma nó sgéimh air; agus núair chinnd é, ní bhfuil scíamh go níarrfamaóis é, Atá sé ar na tharcuisniúghadh, agus ar na mhímheas ag na daóinibh; duine doilghiosach, agus éolach ar dhóbrón: agus foileochamaoidne mur budh eadh ar naighthe úadh; do tarcuisnigheadh é, agus ní raibh meas aguinn air.
Cúartuigh mé, a Dhé, agus tuig mo chroidhe: teastuidh me, agus tuig mo smuáintighe: Agus féuch an bhfuil slighe ar bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé a slighe na síorruidheachta.
An do réir a bhfaicseana mheasas sibh neithe? Má atá dóthchas ag áoinneach as féin gur lé Críosd é, smuáineadh sé so a rís úadh féin, amhuil is ré Críosd eision, gur lé Críosd sinne fós mar an gcéudna.
Na beiridh breath, do chum nach mbéarthaói breath oraibh. Agus mas iásg iárrfus sém an nathair neimhe do bheúradh sé dhó? Ar a nadhbharsin, ma atá a fhios agaibhsi atá olc, tiodhluicthe maithe do thabhairt dá bhur gcloinn, a né nach mó ná sin do bhéuraidh bhur Nathairse atá air neamh neithe maithe don dreim iárrus air iád? Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe. Imthighidh a sdeach sa dorús chumhann: óir is farsing an dorus, agus is leathan an tslighe, thréoraigheas do chum damanta, agus is mór théid a sdeach thríthe: Do bhrígh gur cumhann an doras, agus is caól an tslighe thréoraigheas chum na beatha, agus is beag do gheibh eólus uirrthe. Coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidh állta fhúaduigheachda. Air a ttórrthaibh aitheóntaoi íad. An gcrunnighid daóine caóra fíneamhna do dhriseach, no fígighe do na fothannanaibh? Is mar sin do bheir gach uile chrann maith tórrtha maithe; achd do bheir an drochchrann drochthórrtha. Ní héidir leis an gcrann maith drochthórrtha diomchar, na leis an gcrann gcrion tórrtha maithe do thabhairt. Gach uile chrann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus téilgthear san teinidh é. Oír is do réir na breithe bheirthí, bheúrhar breath oruibh: Agus is leis an miosúr thomhaistí, toimheósfuidhthear dháoibh a rís. Ar a nadhbharsin is air ttórthaibh aitheontaói íad. Ní é gach uile neach a deir riomsa, A Thighearna, A Thighearna, rachas a sdeach sa rióghachd neamhdha; achd an té do ní toil Mhatharsa atá áir neamh. As iomdha daóine a deuraidh ríum annsa la úd, A Thighearna, a Thighearna, a né nach ad ainmsi do rinneamar fáigheadóireachd? agus ad ainmsi do theilgeamar a mach na deamhain? agus do rinneamar iomad míorbhuileadh? Achd cheana aidmheóchuidh misi ós aird dhóibh an tansin, Níor aithin mé a riamh sibh: imthighidh uáim, a luch déunta na heugcóra. Ar a nadhbharsin gach uile neach do chluinn na bríathrasa agamsa, agus do ní íad, saimhléochaidh mé lé duine glic é, neach do rinne a thigh air chárraig: Agus do thúirling an fhearthainn, agus tangadar na tuilte, agus do shéideadar na gaótha, agus do bhúaileadar ar an ttigh úd; agus níor thúit sé: óir do bhí a fhuinniméd air charraig. Agus gach uile neach do chlúin mo bhríathrasa, agus nach ccoimhlíonann íad, saimhléochthar é lé duine leamh, neach do thógaibh a thigh air ghaineamh. Agus do thuirling an fhearthainn, agus tangadar na tuilte, agus do shéideadar na gaótha, agus do bhuáileadar air an ttigh úd; agus do thuit sé: agus bá mór a thuitim. Agus tárla, an tan do chríochnaigh Iósa na bríathrasa, gur ghabh úathbhas an pubal tré na theagasgsan: Oír do thegaisg sé íad mar neach agá raibh cumhachda, agus ní mar na sgríobuighe. Achd oréd fá a bhfaiceann tú an broth atá a súil do dhearbhráthar, agus nach ccuireann tú á numhail an tsail atá ann do shúil féin? No cionnas a deúra tú réd dhearbhráthair, Fulang dhamh an broth do bhúain as do shúil; agus, féuch, an tsail ann do shúil féin? A fhir an fhúarchrábhaidh, bean an tsail ar tús as do shúil féin; agus an sin budh léir dhuit an broth do bháin as súil do dhearbhrathar.
Bíd uile shlighthe an duine glan iona shúilibh féin; acht comhthromuigh an TIGHEARNA na spioraid.
Is díreach uile shlighe an duine iona shúilibh féin: acht measuidh an TIGHEARNA na croidhthe.
Agus a dubhairt seision ríu, Is sibhsi an dream sháorus sibh féin a bhfíadhnuisi na ndaoine; achd is aithnid do Dia bhur griodhethe: óir an ní atá fá mhóirchion a bhfiádhnuisi na ndaóine atá sé gráineamhnil a bhfiádhnuisi Dé.
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
An mhéid lér mían íad féin do thaisbéunadh go sgíamhach sa ccoluinn, cuirid dfíachuibh oruibhse an timchillghearradh do ghabhail chuguibh; amháin deagla go ndéantáoi gérleanmhuin orrtha ar son chroíthe Chríosd.
Nar go foiriomlach bhías a maise a ngruáig chasda, ná a gcur óir na dtimchioll, ná a gcur chulúigheach orrtha; Achd go madh hé a maise duine foluigheach an chróidhe, a neamhthruáilleadh, spioruide ceannsa ciúin, noch is morluáich a bhfíadhnuise Dé. Oír is mar so niódh a nallód na mná náomhtha, do chuireadh a munighin a Ndia, íad féin do dheaghmhaisiughadh, ar mbeith dhóibh úmhal dá bhfearuibh:
Agus an tan do nithi trosgadh, na bidhidh grúama, mar luchd an fhúarchrabháidh: óir dorchuidhid siád a naighthe, do chum go madh follus dona dáoinibh iád do throsgadh. A deirimsi ribh go fírrineach, Go bhfuil a ttúarasdal aca. Ach cheana, an tan do dheana tusa trosgadh, cuir ola ar do cheann, agus ionnail haghaidh; Do chum nach budh follas dona dáoinibh go ndéanann tú trosgadh, achd dod Athair atá a bhfolach: agus do bhéuraidh Hathair, do chí a bhfolach, lúaidheachd dhuit ós aírd.
Má atá aóinneach eadruibh lér cosmhuil bheith ríaghalta, agus nach ccuireann srían ré na thanguidh, achd bhíos ag mealladh a chroidhe féin, as diomhaóin ríaghail an tíse. Ag so an ríaghail ghlan gan cháidhe a bhfíadnuise Dé agus a Nathar, Eadhon dul dféuchain na ndileachdadh agus na mbaintreabhach a nám a ríachdanuis, neach é féin do choimhéud gan cháidhe ón tsáoghal.
Uime sin ná beiridh breith ar áoinní roimh a nam, nó go dtíg an Tighearna, noch fhoillseóchas neithe folaigheacha an dorchadais, agus nochdfus rún na gcroidheadh: agus ann sin do ghéubhaidh gach áon moladh ó Dhía.
Ná bíodh dúil a nglóir dhiomháoin aguinn, ag cur chathuighe ár a chéile, ag tnúth ré chéile.
Misi an TIGHEARNA scrúduim an croidhe, dearbhuim na dubháin, eadhon do thabhairt dá gach uile dhuine do réir a shlightheach, agus do réir toruidh a ghníomh.
Achd amhuil fuáir Día dúil ionnuinn ré cúram an tsoisgéil do chur oruinn, as dá réir sin labhramaóid; ní mar dhruing do ní toil na ndaóineadh, achd toil Dé dhearbhus ar gcroidhthe.
Druididh an pubalsa leamsa lé na mbéul, agus onóruighid me lé na bpusuibh; achd cheana is fada úaim atá a gcroidhe.
Ar a nadhbharin ní héidir do leisgél a ghabháil, a dhuine, gidh bé ar bith thú dhamnuigheas duine eile, oir ann sa ní a ndáorann tú neach eile, dáoradh tú thú féin; óir thusa dháorus duine eile do ní tú na neithe céadna.
Achd cheana is do chum go bhféachfaidís dáoine órrtha do níd síad a noibrighthe uile: óir do níd síad a bhphiolactérighe leathna, agus do níd síad imeal a neaduigheadh taidhbhseach. Agus as ionmhuin léo an céadionad suidhe ann sna féasduidhibh: agus na céadchaithíreacha annsna coimhthionóluibh. Agus fáiltighe dfagháil ar na marguidhibh, agus dáoine do ghairm, Rábbi, Rabbi, dhióbh.
Leigeas orrtha féin bheith díagha, achd do dhíult do chúmhachd na díaghachda: agus seachainse a samhuil sin.
¶ Gáirdigh, a dhuine óig, ann hóige; agus cuireadh do chroidhe súgachus ort a láethibh hóige, agus siubhail a slighthibh do chroidhe, agus a radharc do shúl: acht bíodh a fhios agad, ar son na neithionnso uile go ttiubhraidh Día chum breitheamhnus thú.
Bíodh bhur ngrádh gan cheilg. Bíodh gráin agaibh ar a nolc; agus ceangluigh don mhaith.
Ní ag déunamh seirbhíse don tsúil, mar an luchd do ní toil na ndáoine; achd mar shearbhfhoghantuighibh Chríosd, ag déunamh toil Dé ó chróidhe;
Giodh go laibhéoruinn ré teangthuibh dháóine agus aingeal, agus gan grádh ionnam, ní bhfuilim achd mar phrás ag déunmah fuáime, nó mar chimbal ag cluigineachd. Achd an tan thiucfus a ní iomlán, cuirfighthear an tansin a ní easbhuidheach ar gcúl. An tan do bhí mé am náoidhean, do labhair mé mar náoidhean, do thuig mé mar náoidhean: as cíall náoidhin do bhí agum: achd ar dteachd damh go háois iomláin, do chuir mé na neithe leanbuidhe ar gcúl. Oír is radharc spéucláire dorcha, atá aguinn a nois; achd a núairsin bíam ar aghaidh a chéile: a nois atá gné aithne agam; achd an tan sin aithéonad do réir mar atá aithne oram. Agus a nois fanaid na trí neithesi, creideamh, dóthchas, agus grádh; gidheadh a sé an grádh is mó dhíobh so. Agus bíodh go mbeith fáidheadóireachd agam, agus go mbeith fios na nuile ruindíamhradh, agus gach uile éolas agam; agus bíodh go mbeith an creideamh uile agam, ar ghléus go bhféudfuinn sléibhte athrughadh, agus mé bheith gan ghrádh, ní bhfuil éifeachd ionnam. Agus bíodh go gcaithfinn a bhfuil agam ré bochdaibh do chothughadh, agus go dtuibhruinn mo chorp da losgadh, agus mé bheith gan grádh, ní bhfuil tarbha dhamh ann.
Oír dá sáoilidh éunduine é féin do bheith éifeachdach, ar mbeith dhó gan éifeachd, atá sé meallta ann a inntinn féin.
Dearbhuidh na huile neither; congmhuidh an ní bhias maith. Seachnuidh gach uile chosamhlachd uilc,
Mar chloinn na húmhlachda, gan bheith dhíbh dá bhur nathchuma féin ris na hainmíanuibh do ghnáthuigh sibh roimhe ann bhur nainbhfios: Achd do réir mar atá an tí do ghoir sibh náomhtha, bíghidhse mar an gcéudna náomhtha sa nuile choinbhearsáid; Do bhrigh go bhfuil sgríobhtha, Bighidhse náomhtha; óir atáimse náomhtha.
Amhuil fhreagras aghaidh daghaidh annsa nuisge, mar sin fhreagras croidhe dhuine do dhuine.
Admhuighid síad eólas do bheith aca air Dhía; gidheadh séunuid a ngníomharthuibh é, ar mbeith dhóibh adhfhúathmhar, easúmhal, agus mearuighthe a dtáobh gach uile dhéaghoibbre.
Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid;
Cía rachus súas a slíabh an TIGHEARNA? agus cía sheasfas ion ionad náomhtha? An té agá bhfuil lámha glana, agus croidhe fíorghlan; noch nar thóg súas a anum chum díomhaoinis, agus nach ttug a mhionna chum ceilge.
Is féarr an té tharcuisnighthear, agus agá mbí seirbhíseach, ná an té onóruighios é féin, agus ag nach bí arán.
Druidigh ré Día, agus druidfé sé ribh. Glanuidh bhur lámha, a pheacacha; agus glanuigh bhur gcroídhthe, a luchd na dá intinne.
Coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidh állta fhúaduigheachda. Air a ttórrthaibh aitheóntaoi íad. An gcrunnighid daóine caóra fíneamhna do dhriseach, no fígighe do na fothannanaibh? Is mar sin do bheir gach uile chrann maith tórrtha maithe; achd do bheir an drochchrann drochthórrtha. Ní héidir leis an gcrann maith drochthórrtha diomchar, na leis an gcrann gcrion tórrtha maithe do thabhairt. Gach uile chrann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus téilgthear san teinidh é. Oír is do réir na breithe bheirthí, bheúrhar breath oruibh: Agus is leis an miosúr thomhaistí, toimheósfuidhthear dháoibh a rís. Ar a nadhbharsin is air ttórthaibh aitheontaói íad.
Gur coir dháoibh do réir na céud choinbhearsáide an seanduine do chur dhíbh, noch atá ar na thruáilleadh ó ainmhíanuibh seachráin; Agus bheith dháoibh ar bhur nathnúadhughadh a sbioruid bhur ninntinne; Agus an duine núadh do chur íomuibh, noch atá ar na chrúthughadh do réir Dé a bhfiréuntachd agus a bhfíornáomhthachd.
Oir atá bríathar Dé beó, agus bríoghmhar, agus ní sa ghéire ná clóidheamh ar bith dhá fháobhar, agus téid sí thrín a steach go roinn a nanma agus na sbioruide, na nalt agus an smeara ré chéile, agus is breathamh í ar smúaintighibh agus ar bhreathnuighibh an chróidhe. Agus ní bhfuil creatúr ar bith nach bhfuil follas na fhíadhnuisision: achd na huile neithe nochduighe soilléir do shúilibh an tí ar a bhfuilmidne ag labhairt.
As í so máithnesi, sibhsi do ghrádhughadh a cheile, mar do ghrádhaigh misi sibhsi. Ní bhfuil grádh as mó ná so ag éinneach, ná a anam féin do thabhairt ar son a charad.
Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin.
Uime sin ní bhfuilmíd ag dul a nanbhfainne; achd bíodh go dtruáillighthear ar nduine leithimealach, athnúadhaighthear fós an tí atá don táóbh a stigh go láethamhuil. Oír oibrighidh ar mbuáidhirt éudtrom, noch nach mhairios acht momeint, níos módh go líonmhar agus truime mbairthanach dan ghloire dhuinne: Ar mbeith dhúinn ag tabhairt ar naire do na neithibh nach bhfuil ré a bhfaicsin, agus ní do na néithibh ata re a bhfaicsin: oír is neamhbúan na neithe atá ré a bhfaicsin; agus is síorruidhe na neithe nach bhfaicthear.
Oír an dream atá do réir na féola smuáintighid síad neithe bheanas ris an bhfeóil; achd an dream atá do réir na Spioruide na neithe bheanas ris an Spioruid. Oír is bás gliocas na feóla; achd is beatha agus siothcháin gliocas na Spioruide.
Ná cláon mo chroidhe chum droichneithe, chum droichghníomha do dhéanamh ré daóinibh noch oibrighios urchóid: agus ná léig dhamh ithe dá mbíadhuibh millsi.
Mar an gcéudna, a dhaóine óga, tuguidh úmhladh do na sinnsearuibh. Agus bíghidh uile úmhal dá chéile, déunuidh sibh féin deaghmhaiseach don táobh a stigh ó úmhlachd inntinne: óir cuiridh Día a naghuidh na nuáibhreach agus do bheir grása do númhal.
Oír giodh bé áirdeochus é féin ísleochthar é; agus giodh bé ísleochas é féin, airdeochthar é.
Cía atá na dhuine eagnuidhe íulmhar eadruibh? taisbéunadh sé a oibreacha féin as a choinbhearsáid mháith maille ré ceannsachd éagna.
A chlann bheag, nár ab a mbréithir, ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh; achd a ngníomh agus a bhfírinne.
Síubhlam go cubhaidh amháil sa ló; ní a gcráos ná a meisge, ná a seómradóireachd ná a macnus, ná a gceannarraic ná a dtnúth. Achd cuiridh umuibh an Tighearna Iósa Críosd, agus ná bíodh cúram na colla oraíbh, a míangusuibh.
Oír gidh bé árduigheas é féin ísleóchthar é; agus gidh bé ísligheas é féin, áirdeóchthar é.
Ná bíodh tarcuisne ag áoinneach ar hóige; achd bí mar eisiompláir don druing agá bhfuil creideamh, a mbréithir, a gcoinbhearsaid, a ngrádh, a sbioruid, a gcreideamh, agus a bhfíorghloine.
Gidh bé cheilios a pheacuighe ní bhía biseach air: acht gidh bé admhas agus thréigios íad do gheabha sé trócaire.
Achd an té atá ós íseal, na Iúduidhe; agus timcheallghearradh an chroídhe, ann sa spioruid, agus ní sa litir; aga bhfuil a mholadh ní ó dhaóinibh, achd ó Dhía.
Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.
Agus fós, ar ndéunamh na huile dhúthrachda dhíbhse shá tháobh so, cuiridh súbhailcidhe ré bhur gcreideamh; agus eólas ré bhur súbhailcidhibh; Agus measarrghachd ré bhur neólas; agus foighid ré bhur measarrghachdl; agus díaghachd ré bhur bhfoighid; Agus cáoineas bráithreamhuil ré bhur ndíaghachd; agus grádh re bhur gcáoineas.
Gabhaidh chugaibh an tí atá éagcruáidh sa gcreideamh, achd ní chum ímreasan diosbóireachda. Ach créd fá mbeireann tusa breath ar do dhearbhráthair? nó fós créud fa dtarcuisnigheann tú do dhearbhratháir? Óir séasfum uile a bhfiadhnuise chaithreach bhreitheamhnuis Chríosd. Oír atá sgríobhtha, Mairimse, a deir an Tighearna, agus sléachdfuidh gach uile ghlún damh, agus do dhéana gach uile theangaidh admháil do Dhía. Ar a nadhbharsin do bhéura gach áon dínn cunntus ar a shon féin do Dhía. Uime sin ná bímid ní sa mhó ag breith bhreithe ar a chéile: achd go madh mó dhéanus sibh bréitheamhnus air so, eadhon gan adhbhar oilbhéime na tuitme do thabhairt da bhur ndearbhrathair. Atá a fhios agum, agus is dearbh leam tré san Dtighearna Iósa, nach bhfuil éainni neamhghlan úadha féin: achd on tí mheasas éinni do bheith neamhghlan, atá sé dhó sin neamhghlan. Gidheadh dá raibh doilgheas ar do dhearbhrathair ar son an bhídh, ní shiubhlann tú a nois do réir ghrádha. Ná cuir ammúgha réd bhiádh, an té agá bhfuáir Chríosd bás ar a shon. Ar a nadhbharsin na tugaidh fá deara bhur maith do mhaslughadh: Oír ní bíadh na deoch rioghachd Dé; achd fireantachd, agus siothcháin, agus gáirdeachus san Spiorad Náomh. Oír gidh bé ar bith do ní seirbhís do Chríosd ann sna neithibhsi atá gean ag Día air, agus is dearbhtha re dáoinibh é. Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile. Creididh neach gur féidir gach uile bhíadh díthe: agus ithidh neach eile, bhíos éugcruáidh, luibheanna. Ná cuir amúgha obair Dé ar son bidh. Go deimhin atá a nuile bhiadh glan; achd teid a ndochar don tí itheas maille ré hoilbhéim. As indéunta gan feóil dithe, ná fíon dibhe, na éainni tré bhfuighe do dhearbhráthair tuisleadh, nó oilbhéim, nó tré a ndéantáoi éugcruáidh é. Ata creideamh agadsa, bíodh sé agad leachd féin a bhfíadhnuise Dé. As beannaighe an ti nach damnuigheann é féin fá an ní ré dtig sé. Achd an tí ar a mbí amhrus dá nithidh sé atá se damanta, do bhrígh nach ó chreideamh itheas se: óir gach ní nach bhfuil ó chreideamh is peacadh é. Ná tugadh an té itheas tárcuisne ar an tí nach itheann; agus ná beireadh an tí nach itheann breath ar an tí itheas: oír do ghabh Día leis.
Gidheadh is léir don duine sbioradalta na huile neithe, agus fós ní bhfuil féin fa bhreith áonduine.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
A né, nach bhfuil a fhios aguibh, gur ab é bhur gcorp teampoll an Spiorad Náoimh, noch atá ionnuibh, agus atá aguibh ó Dhía, agus nach libh fein sibh? A né nach bhfuil a fhions aguibh go mbéuraid na náoimh breath ar an dómhan? agus más ribhse bheirthar breath ar an dómhan, a né nach fíu sibh bheith bhur mbreitheamhnuibh ar na hadhbharaibh is lúgha? Oír do cheannchadh sibh ar lúach: uime sin tugaidh glóir do Dhía ré bhur gcorp, agus ré bhur spioraid, óir is lé Día íad.
Uime sin bighidhse bhur luchd leanmhana Dé, mar chloinn ghrádhuigh; Ar mbeith dháoibh ag dearbhadh créd é an ní iona mbí deagthoil an Tíghearna. Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh. Oír as gráineamhuil ré a ninnisin amháin na neithe do níd síad ós íseal. Gidheadh bíd na huile neithe follas ar mbeith dhóibh diomolta ón tsolas: óir a sé an solas do ní gach ní gach ní foillsighe. Uime sin a deir sé, Músguil a dhuine átá ad chodladh, agus éirigh ó na mharbhuibh, agus do bhéura Críosd solas duit. Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe, Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc. Uime sin na bíghidh neamhghlic, achd tuigidh créd í toil an Tíghearna. Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid; Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh. Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.
Atá ifrionn agus diothlaithriughadh as coinne an TIGHEARNA: maiseadh ca mhéid ní is mó ná sin atáid croidhthe chloinne na ndaóine?
Oír ní bíadh na deoch rioghachd Dé; achd fireantachd, agus siothcháin, agus gáirdeachus san Spiorad Náomh. Oír gidh bé ar bith do ní seirbhís do Chríosd ann sna neithibhsi atá gean ag Día air, agus is dearbhtha re dáoinibh é.
Ar a nadhbharsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núadh é: do imthigheadar na seinneithe thoruinn; feuch, do rinneadh na huile neithe núadh.
Do bheir an duine maith ní maith as cisde maith a chroidhe féin; agus do bheir an droch dhuine droch ní as droch chisde a chróidhe fein: oír is as iomarcuidh an chróidhe, labhrus an béal.
Agus gidh bé ar bith ní do ní sibh, déunuidh é ó chroídhe, amhuil don Tíghearna, agus ní do dhaóinibh;
Agus a dubhairt Iósa ris, Gráidheóchuidh tú do Thighearna Día léd chroidhe uile, agus léd anam uile, agus léd smuáintiughadh uile. A sí so an chéad aithne, agus a naithne mhór. Agus is cosmhuil an dara háithne ría so, Gráidheóchuidh tú do chomharsa mar thú féin. A rís, do chuir sé shearbhfhoghantuidhe eile chuca, da rádh, Abruighsi ris an mhuinntir úd dár tugadh cuireadh, Féuch, do ullmhuigh mé mó dhínnéir; á táid mo dhaimh agus mainmhinntighe bíadhta ar na marbhadh, agus a tá gach uile ní ullamh: tigidh chum na bainnse. Is ann sa dá aithnese atá suim an dlighe, agus na bhfáidheadh.
Oír as sinne a obairsion, air a gcrúthughadh a Níosa Críosd chum déaghoibrigheadh, noch do ullmhuigh Día roimh láimh, chum sinne do shiubhal ionnta.
Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú. Ionnus gur féidir linn a rádh go dána, Sé an Tíghearna mfear cabhartha, agus ni bhiáidh eagla oram fá ní dhar féidir do dhuine dhéunamh oram.
Achd is cinéul toghtha sibhse, sagartachd ríogha, cineadh náomhtha, pubal ar leith; ionnus go bhfoillséochadh sibh subháilcidhe an tí do ghoir sibh as dorchadus chum a sholais iongantuigh féín.
Oír is ris an gcróidhe chreidthear chum fíréantachda; agus leis an mbéul do níthear admháil chum slánaighe.
Ná labhruidh ní sa mhó comh anuáibhreachsin; nó tigeadh díomus amach as bhur mbéul: óir is Día eolghach an TIGHEARNA, agus leision meastar na gníomhartha.
Pota a nathghlanta chum a nairgid, agus a nfoirnís chum a nóir: acht isé an TIGHEARNA spíanus na croidhthe.
Oír ní bhfuil einní foluightheach, nach dtiocfuidh chum sóillsi; ná seicreideach, nach bhfuighthear a fhios.
Ceachdar do dha ní, déanaidh an crann maith, agus a thoradh maith; no déanaidh an crann lobhtha, agus a thoradh lobhtha: óir is as a thoradh aithéantar an crann. An shliochd na naithreach neimhe, cionnas is éidir libh neithe maithe do labhairt, ó a tá sibh féin go holc? Óir is as anlán an chroidhe labhrus an béul. Do bheir an duine maith neither maithe as cisde maith a chroidhe: agus do bheir an drochdhuine droichneithe as a dhroichchisde.
Achd na neithe do bhí na néudáil agam, do mheas mé gur dhioghbháil íad ar son Chríosd. Agus fós go deimhin, measuim gur dioghbháil na huile neithe, ar son éolais ro oirdheirc Iósa Críosd mo Thighearna: agar léig mé dhíom na huile neithe ar a shon, agus measuim nach bhfuil ionnta achd aóileach, ionnus go ngnodhachuinn Críosd,
Achd do thogh Día neithe éigcríonna an tsáoghail chum adhnáire do chur ar na dáoinibh eagnuidhe; agus do thogh Día neithe neimhneartmhara an tsáoghail chum adhnáire do chur air na neithibh neartmhara; Agus do thogh Día, neithe anúaisle an tsáoghail, agus na neithe tarcuisneacha, agus na neithe nach bhfuil ann, chum na neitheann atá ann do chur a neimhbhrígh: Ionnus nach déanadh feóil air bith uáill iona fhíadhnaise.
Agus a sé an creideamh as bun do na neithibh ré bhfuil dóigh, agus as foillsiughadh dearbhtha air na neithibh nach bhfaicthear.
Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd:
Dá nabra éinneach, atá grádh agum air Dhía, agus fúath bheith aige air a dhearbhráthair, is bréugach é: Oír cionnas is éidir don tí nach grádhuigheann a dhearbhráthair do chonnairc sé, grádh thabhairt do Dhía nach bhfacuidh sé? Agus atá a náithese aguinn úadhsan, An tí ghrádhuigheas Día go nghrádhughadh sé a dhearbhtáthar mar an gcéudna.
Ná mealltar sibh; ní ghabhann Día sgige chuige: oír gidh bé ní shiolchuireas neach, a sé an ní céudna bheanfas sé.
As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid.