Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 1:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Maíonn siad go bhfuil aithne acu ar Dhia ach bréagnaíonn siad é lena ngníomhartha mar is daoine gráiniúla ceanndána iad agus gan d'acmhainn iontu rud ar bith fónta a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Bíonn siad ag maíomh as eolas Dé a bheith acu, ach séanann siad lena ngníomhartha é; ó bíonn siad déistineach, doshrianta, gan aon déantas maitheasa iontu.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Cuireann siad i gcéill go bhfuil eolas ar Dhia aca; acht is amhlaidh shéanas siad le n‐a ngníomharthaibh é, ar mbeith dhóibh gráineamhail, easumhal, agus iad gan éifeacht le h‐aghaidh deagh‐oibre ar bith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Admhuighid síad eólas do bheith aca air Dhía; gidheadh séunuid a ngníomharthuibh é, ar mbeith dhóibh adhfhúathmhar, easúmhal, agus mearuighthe a dtáobh gach uile dhéaghoibbre.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Maíonn siad go bhfuil aithne acu ar Dhia ach bréagnaíonn siad é lena ngníomhartha mar is daoine gráiniúla ceanndána iad agus gan dʼacmhainn iontu rud ar bith fónta a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 1:16
27 Tagairtí Cros  

Nach lú ná sin an duine, atá bréan gráiniúil, Agus a shlogann an urchóid mar dheoch uisce?


Agus pór atá glan, dar leo féin, ach nár níodh fós as a mbrocamas.


Deir an Tiarna: “De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint, agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola, san áit gur fada uaim atá a gcroí agus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonna atá de ghlanmheabhair acu,


Éistigí leis seo, a theaghlach Iacóib, ar a dtugtar ainm Iosrael agus a tháinig ó fhréamh Iúdá; sibhse a mhionnaíonn dar ainm an Tiarna agus a tharraingíonn anuas Dia Iosrael gan dea-rún gan fíréantacht.


Lá in aghaidh an lae tá siad do mo thaithí, ag maíomh toil a bheith acu agus tuiscint do mo shlite, amhail pobal a bheadh ag cleachtadh fíréantachta, in áit a bheith ag tabhairt cúl le dleacht a nDé. Bíonn siad ag cur tuairisc orm faoi dhlíthe córa; is áil leo, más fíor dóibh, druidim le Dia:


an Tiarna a thréigean agus a shéanadh agus imeacht ar shiúl ónár nDia, a bheith ag beartú ansmachta agus ceannairce, agus ag monabhar bréaga inár gcroí.


Plandaíonn tú iad agus gabhann siad fréamh, fásann agus tugann siad toradh. Tá tusa i gcónaí ar a mbéal, ach i bhfad óna gcroí.


Ach bíodh go n‑abrann siad: “Go maire an Tiarna,” ina dhiaidh sin mionnaíonn siad go bréagach.


Airgead diúltaithe a thugtar orthu, agus go deimhin dhiúltaigh an Tiarna dóibh!”


Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.


céalmhaine an té a chluineann briathar Dé, agus ar fios dó eolas an Té is Airde. Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil; faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile.


Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n‑aithne, d'fhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí;


Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire.


agus a thuigfeadh nach don duine fíréanta a dhéantar dlí ach do choirpigh agus do dhaoine ainrialta, d'éagráifigh agus do pheacaigh, do mhallaitheoirí agus do lucht an oilc, do lucht fionaíola athar is máthar agus do dhúnmharfóirí,


an duine nach ndéanann aon chúram dá mhuintir agus do lucht a theaghlaigh féin go háirithe, tá an creideamh séanta aige agus is measa é ná an díchreidmheach.


ar shlí go mbeadh óglach Dé lánoilte ar a cheird agus ullamh i gcomhair gach cineál dea-oibre.


Cuir i gcuimhne dóibh bheith umhal do rialtóirí agus do lucht ceannais; bheith géilliúil agus ullamh chun gach gníomh fónta a dhéanamh;


Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha d'ainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán d'urchóid agus d'fhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile.


An té a deir go n‑aithníonn é agus nach gcoinníonn a aitheanta is bréagach é agus níl an fhírinne sa duine sin.


Tá bheith istigh faighte ag daoine áirithe, dream a marcáladh le fada roimh ré don bhreithiúnas seo, éagráifigh a dhéanann grásta ár nDé a chlaochlú ina dhrabhlás, agus a shéanann ár n‑aon mháistir agus Tiarna, Íosa Críost.


Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.


Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”


Ach d'fhreagair Samúéil: “An fearr leis an Tiarna tabhartais loiscthe agus íobairtí ná go n‑éistfí go humhal le glór an Tiarna? Féach! is fearr umhlaíocht ná íobairt, is fearr géilliúlacht ná geir reithí.


Dúirt Sól le Samúéil: “Pheacaigh mé óir sháraigh mé aithne an Tiarna agus d'orduithese, mar gurbh eagal liom an pobal agus gur ghéill mé dá nglór.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí