An té agá mbí truaighe don bhocht airligidh sé don TIGHEARNA; agus an ní do bhéara sé úadh íocfuidh sé ris é a rís.
Foghlamuigh maith do dhéanamh; íarruigh breitheamhnus, cobhruighidh na boicht, breathnuighidh an dilleachda, tagraidh ar son na baintreabhuigh.
Ná dearmaduigh maith agus cúmann do dhéunamh: óir dí dúil ag Día ann a samhuil sin díobarthuibh.
Ag cómhroinn ris na náomhaibh iona ríachdanusaibh; ag gnáthughadh luchd áoidheachda do ghlacadh.
Gidh bé bheir ní don bhocht ní bhiáidh easbhuigh air: acht an té fholchus a shúile do gheabha sé mórán mallacht.
Do fhoíllsigh mé dhíbh ann sna huile neithibh, gur ab ag sáothrughadh mar so is cóir dháoibh cungnamh leis ná hanbhfannuibh, agus bríathra an Tighearna Iósa do chuimhniughadh, mar a dubhairt sé, Is mó as beannaighe ní do thabhuirt ná do ghlacadh.
Tabhruidh úaibh, agus do bhéurthar dháoibh; agus do bhéuruid dáoine an bhur nnched, moisúr maith, dingthe, craithte agus ag dul thairis. Oír as lesi an miosúr an a dtoimhéosdáoi, toimhéosdar mar an gcéudna dháoibh.
Oír ní scarfuid na boicht choidhche ris a ndúithche: uimesin cuirimsi dríachuibh ortsa, dhá rádh, Oisceola tú do lámh go fairsing dot dhearbhrathair, dot bhochd féin, agus dot ríachdanach féin, ann do dhúithche.
Tabhair ní don té iárfus ort é, agus giodh bé le nab mián airleagadh dfaghail uáid na fill uáid é.
Oír do bhí ocarus oram, agus tugabhair ní ré a ithe dhamh: do bhí tart oram, agus tugabhair deoch dhamh: do bhí mé am dhuine coigcríche, agus tugabhair áoidheachd dhamh: Do bhí mé lomnochd, agus do chuireabhairsi éadach umam: do bhí mé tinn, agus tangabhair dom fhéachuin: do bhí mé a bpríosún, agus tangabhuir dom ionnsaidh.
An té sháruighios an bocht masluighidh sé a Chruthaightheoir: an té onoruighios é bí trócaire ann don bhocht.
Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, An té agá bhfuil dá chóta, roinneadh ris an té ag nach bhfuil; agus gidh bé agá bhfuil bíadh, déanadh sé mar an gcéudna.
Nach chum haráin do roinn ar na hocrachaibh, agus go ttugthá dot thigh na boicht air seachrán? a nuáir do chife tú an tárrnochd, go bhfoileocha tú é, agus nach bhfoileocha tú thú féin ód fheoil féin?
Agus gidh bé agá bhfuil maóin an tsáoghailse, agus do chí a dhearbhráthair a ríachdanas, agus nach déun trúaighe dhó, cionnus chomhnuigheas gradh Dé ann?
An té agá mbí súil thiodhlaictheach biáidh sé beannuigh; óir do bheir sé cuid dá arán do bochtuibh.
Ag so an ríaghail ghlan gan cháidhe a bhfíadnuise Dé agus a Nathar, Eadhon dul dféuchain na ndileachdadh agus na mbaintreabhach a nám a ríachdanuis, neach é féin do choimhéud gan cháidhe ón tsáoghal.
Déaruid mo chnámha uile, O а THIGHEARNA, cia is cosmhuil leachdsa, noch sháorus an bochd ó nduine atá ainneartmhar na aghaidh, agus an bocht agus an teasbhuidheach ón té mhillios é?
Dá nabra éinneach, atá grádh agum air Dhía, agus fúath bheith aige air a dhearbhráthair, is bréugach é: Oír cionnas is éidir don tí nach grádhuigheann a dhearbhráthair do chonnairc sé, grádh thabhairt do Dhía nach bhfacuidh sé?
Agus freagóruidh an Rí agus a déara sé ríu, A deirim ribh go fírinneach, An feadh do rinneabhair é don duine is lugha do na dearbhráithreachaibhsi agumsa, go ndearnabhair dhamhsa é.
Teagmhaidh an saidhbhir agus an bocht ré cheile: ise an TIGHEARNA a ccruthaightheóir uile.
¶ Agus má bochduigheadh do dhearbráthair, agus go ttiutfidh a nainnisi agad; annsin tárthochuidh tú é: fós má bhíonn sé na choimhidhtheach, nó na oidhe; ionnus go bhféudfadh sé marthuin ad fhochair.
Ar son sáruighthe na mbochd, ar son osnadhach na neasbhadhach, anois éireocha mé, (a dubhairt an TIGHEARNA); cuirfé mé eision a neamhbaoghal ón té do chuirfeadh a ngaiste é.
Agus ar mbeith ag gabháil na sligheadh, do Shamaritánach áirighe, tháinic sé mar a raibh seision: agus ar na fhaicsin, do ghabh truáighe ghér dhó é Agus ar ndrud ris, do cheangail sé a chneadha, ag dortadh ola agus fióna ionnta, agus ar na chuir air a ainmhidhe féin dó, rug sé leis go tigh ósda é, agus do ghabh sé cúram na thimcheall.
A neadh nach ar chaóin misi ar son an té do bhí a mbuáidhreadh? nach raibh manum doilghiosach ar son an bhoicht?
Uime sin dá raibh ocarus ar do námhuid, tabhair bíadh dhó; dá raibh tart air, tabhair deoch dhó: óir tré so do dhéunamh dhuit carnfuidh tú gríosach ar a cheann.
Santuigh sé go géar air feadh an laoi oile: acht do bheir an fíréun ní úadh agus ní choiglionn sé é.
Ar a nadhbharsin tábhruidh deíre uáibh do na neithibh atá a láthair aguibh; agus, féuch, bíaidh na huile neitheghan díbh.
Isé Día athair na ndílleacht, agus breithiomh na mbaintreabhach, a nionad comhnuidhe a náomhthachta.
Gidheadh dá gcoimhlíona sibh an reachd ríogha do réir an sgriobtúir, Gradhuigh do chómharsa mar thú féin, as maith do ní sibh é:
Ar a raibh teisd mhaith as a deaghoibrighthibh, má ghlac sí dáoine air aoidheachd, má dionnuil sí cosa na náomh, má thug sí fóirighthin do luchd anshoigh, má lean sí do ghnáth gach déaghobair.
Agus giodh bé bhéuras cupán duisge fhúar amháin ré na ól do áon do na daóinibh beagasa a nainin desgiobuil, a deirimsi ribh go fírinneach, Nach chaillfidh sé a lúaidheachd.
¶ A nuáir bheanfas tú thfoghmhar ar an machaire, agus dheirmeodus tú punnan annsa machaire, ní racha tú a rís ar a cheann: biáidh sin ag an ccoimhitheach, ag an ndílleachda, agus ag an mbaintreabhuigh: chor go mbéainneochuidh do THIGHEARNA Día thú ann uile oibrighibh do lámh. Agus a nuáir fhuigfios sí a thigh, is eidir lé imtheachd agus bheith na mnaói ag fear oile. A nuáir bhuáilfios tú do chrann ola, ní racha tú do spíonadh na ngéag a rís: biáidh sin ag an ccoimhitheach, ag an ndilleachda, agus ag an mbaintreabhuigh. A nuáir chruinneochas tú grápaidh thfíneamhna, ná dioghluim na dhiáigh sin: biáidh sin ag an coimhitheach, ag an ndílleachda, agus ag an mbaintreabhuigh.
Is aithne dhamh go ndéana an TIGHEARNA ceart don bhuáidhearthach, agus breitheamhnus do nuireasbhuidheach.
Achd an seachdmhadh blíadhan léigfe tú dhó luighe agus bheith na chomhnuighe; ionnus go níosuid bóichd do phobuil de: agus go níosuíd beathuigh an mhachaire a bhfuigfil síad. Ar na modh gcéadna do dhéana tú réd fhíneamhuin, agus réd gháirdín ola.
Eisdigh, a dhearbhráithre grádhacha, A né nár thogh Día boichd an tsáoghailse, sáidhbhir a gcreideamh, agus na noighrighibh na rioghachda noch do gheall sé don druing ghrádhuigheas é?
Do chonnairc tú é; oir do bheir tú aire durchóid agus do mhioscuis, chum a chúitigh led láimh: tiomnuighidh an bochd é féin duit; is tú cobharthóir na ndílleachd.
Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Ar nimtheachd díbh, innisidh Deóin na neithe do chonncabhair agus do chúalabhair; go bhfaicid na daill, go siubhlaíd na bacuidh, go nglantar na lobhair, go gchimid na bodhair, go néirghid na mairbh, go bhfuil an soisgéul dá sheanmóir do na bochdaibh.
Is olc fós soithighidh an tsantuigh: tionscnuidh sé droichthionnscanta do scrios an bhoichd le bríathraibh bréagacha, eadhon a nuáir labhras an teasbhuidheach go ceart.
Fágbhuidh an duine maith oighreacht ag cloinn a chloinne: agus cuirthear maóin an pheacaidh a stór do nionnruic.
Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;
Oír seasfuidh sé ar láimh dheis a nuireasbhuigh, dá sháoradh úathasan noch do dhaimneochadh a anam.
Agus are dtógbháil a shúl súas dósan air a dheisciobluibh, a duiubhairt sé, As beannaighthe sibhsi a dháoine bochda: óir as libh flaitheas Dé.
Béuraidh sé breath ar bhochtaibh na ndaóine, sáorfa sé clann na neasbhadhach, agus brisfe sé an fear sáruighthe a mbloibh.
Do bhí mé am shúilibh ag an ndall, agus do budh cosa don bhacach mé. Do bhí mé am athair ag an mbochd: agus do spíonuinn amach an chúis nach bíodh a fhios agam.
Críochnuighidh sé breithcamhnus na ndíllea hd agus na mbaintreabhach, agus grádhuigh an coigcríoch, ag tabhairt bídh agus éuduigh dhó.
Bíaidh an TIGHEARNA mar an ccéadna na ionad dídin don té sháruighthear, na dhaingion a naimsearuibh buáidheartha.
Tógbhuidh sé an bochd as an luáithreadh, agus tógbhnidh sé fear íarata na déirce súas as an ccárnan aóiligh, dá ccur na suidhe eidir phrionnsadhuibh, agus do thabhairt orra cathaóir ghlóire do shealbhughadh: óir is leis an TTIGHEARNA uáithnighe na talmhan, agus do shuighigh sé an domhan orra.
Agus ar na cclos so Díosa, a dubhairt sé ris, Atá éinni fós duireasbhuidh ort: reac a bhfuil agad, agus roinn ar na bochduibh, agus bíaidh cisde ar neamh agad: agus tárr, lean misi.
Oír do bhí tú ad neart do na bochduibh ad neart do na trúaghanuibh iona nainnise, ad fhasgadh ón stoirm, ad scáile on tteasbhach, a nuáir bhios tormán na núathbhásach amhuil stoirm a naghaidh bhalla.
Leagfuidh an TIGHEARNA tigh a nuáibhrigh: acht daingneochuidh sé teóra na baintreabhuigh.
¶ A nuáir chuirfios tú crích ar ghabhail deachmhuidh do bhisigh uile an treas bliadhain, bhadhuin ghabhala na deachmhuidh, agus go ttug tú í don Lebhíteach, agus don choimhitheach, agus don dilleachda, agus don bhaintreabhuigh, ionnus go nithid taobh a stigh dot dhoirsibh, agus go mbéid sáitheach;
Oír is aithne dhaóibh grása ar Dtighearna Iósa Criósd, do bhrígh ar mbeith dhó saidhbhir, go dtarla dhó bheith bochd ar bhur sonsa, chum sibhse do dhéunmah saidhbhir ré na bhochdainesion.
A chlann bheag, nár ab a mbréithir, ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh; achd a ngníomh agus a bhfírinne.
Do spréidh sé, thug sé do na bochtaibh; mairigh a fhíréantacht go síorruidhe; biáidh a adharc ar na hárdughadh le glóir.
Agus má tháirngionn tú hanam amach do nocrach, agus go sáiseocha tú an tanam deireóil; annsin éireochuidh do sholus annsa dorchadus, agus biáidh do dhorchachd amhuil meadhón an laói:
Slánaighidh na daóine éugcrúaidhe, glanaigh na lobhair, dúisgidh na mairbh, teilgidh a mach na deamhain: a naisgidh fúarabhair, tabhruidh uáibh a naisgidh.
A dubhairt Iósa ris, Mas áill leachd bheith diongmhala, imthigh reac a bhfuil agad, agus tabhair do na bochduibh é, agus do gheabha tu ionnmhas ar neamh, agus tarr, lean misi.
Ata dfiachaibh orainne an dream atá láidir éugcrúas na ndáoineadh meirbh diomchar, agus gan ar dtoil féin do leanmhuin.
Bí neach ann sgaóileas, agus thairis sin bheirios biseach; agus neach chongmhas ní is mó no is iomchubhaidh, acht is chum bochtuine thig sé. Do dhéantar an tanam dáonachtach méith: agus an té fhliuchas fliuchfuíghthéar é féin mar an gceudna.
Réacaidh a bhfuil aguibh, agus tabhruidh déirc úaibh; déanuidh sparáin dhibh féin nach rachta a narsaidheachd, cisde ar nach racha caitheamh ar neamh, a náith nach dtig gaduidhe a ngar dhó, agus nach dtruáilligheann an míol críon.
Máith do dhéunamh, bheith sáidhbhir a ndéaghoibrighthibh, éusguidh fá na gcuid do thabhair úatha, agus do róinn maille ré cumann;
Déanaidh ceart don bhocht agus don dílleachta: déanuidh cóir don duine chráite agus do neasbhuidheach.
Measuidh an fíréun cúis an bhoicht: acht ní chuirionn an drochdhuine áird air a fhios do bheith aige.
Oir da raibh dearbhráthair nó deirbhshíur lomnochduighe, agus a riachdanas na béatha láetheamhla, Agus go naibéora neach aguibhse ríu, Imthighe rómhuibh a síothchain, goruidh sibh féin agus líonuigh bhur mbuilg; agus gan sibh do thabhairt na neitheann atá na riachdanas ar an gcolainn dóibh; créd é a tharbha sin?
Tabhradh gach áon úadh do réir thogra a chroidhe, ní maille ré doithcheall, nó ré héigean: oír is ionmhuin ré Día an tí bhronnus go soilbhir.
Gidh bé dhuinus a chlúasa re heighiomh na mbocht, comhaircfidh sé féin mar an gcéadna, acht ní cluinfighthear é.
An té tharcuisnighios a chomharsa peacuigh sé: acht is beannuighe an té, do ní trócaire air na bochtaibh.
Achd an tan do ní tú féasda, goir na boichd, na dáoine ciorthuimeacha, na bacaigh, agus na doill: Agus biádh tú beannuighe; do bhrigh nach bhfuil acfuinn aca an chomáoin cheadna do thabhairt dhuit: óir do bhéarthar a luáidheachd dhuit a neiséirghe na bhfíréun.
Achd amháin go mbíádh cuímhne aguinn ar na bochduibh; an ní céudna agá raibh mé féin dúthrachdach chum a dhéunta.
Uime sin an feadh atá an tám aguinn, déunam maith do na huile dháoinibh, agus go mórmhór do luchd éintighe an chreidimh.
An té sháruighios an bocht do mhéadughadh a sháidhbhriosa féin, agus an té do bheir don tsáidhbhir, tiucfuidh sé go deimhin chum ríachdanuis.
Agus as cumusach Día ar sibhse do líonadh do na huile ghrásaibh; ionnas ar bhfagháil bhur sáith dhaóibh a gcomhnuidhe do na huile neithibh, go líonfadh sibh chum gach uile dheaghoibre:
Ag cur bhreitheamhnuis a gcrích don té do laguigheadh: ag tabhairt aráin do nocrach. Fúasclaidh an TIGHEARNA na príosúnaigh:
Ta Spíorad an Tíghearna oramsa, tré gur ong sé mé do chuir sé úadh mé do sheanmóir an tsoisgél do na bochdoibh, do shlánughadh na ndáoine agá bhfuilid croidhthe brúidhte, do sheanmóir fúasgalta do na braighdibh agus do da dalluibh aisioc a radhairc, agus do tabhairt sáoirsi don mhuinntir a tá ar na gcombrúghagh,
A nuáir íarrfuid na boicht agus na ríachdanuigh uisge, agus nach bía sin ann, agus go bhfailleochuidh a tteanga lé tart, cluinfidh misi an TIGHEARNA íad, misi Día Israel ní thréigfe mé íad.
Is cosmhuil an duine bocht sháruighios an bochtan re fearthuinn scúaptha nach bhfágbhann beatha ar bith na diáigh.
Tarbhraidh bhur naire nach deúntáoi bhur ndeirc á bhfiadhnuisi dáoine, do chum go bhfaicfidís sibh: nó ní bhfuighthí lúaidheachd ó bhur Nathair atá air neamh. Tigheadh do ríoghachd. Deúntar do thoil ar an ttalamh, mar do nithear ar neamh. Ar narán laéthamhail tabhair dhúinn a niu. Agus maith dhuinn ar bhfíacha, mar mhaithmídne dar bhréitheamhnuibh féin. Agus na léig sinn a ccathughadh, achd sáor inn ó olc: Oir is leachd féin an ríoghachd, agus an chúmhachd, agus an ghloír, go siórruighe. Amen. Oir ma mhaithi a gcionnta do dháonibh, maithfidh bhur Nathair neámhdha dáoibhsi mar an gcéadna: Achd muna maithtisi a gcionta do na dáoinibh, ni mhaithfidh bhur Nathair féin dáoibhsi bhur gcionta. Agus an tan do nithi trosgadh, na bidhidh grúama, mar luchd an fhúarchrabháidh: óir dorchuidhid siád a naighthe, do chum go madh follus dona dáoinibh iád do throsgadh. A deirimsi ribh go fírrineach, Go bhfuil a ttúarasdal aca. Ach cheana, an tan do dheana tusa trosgadh, cuir ola ar do cheann, agus ionnail haghaidh; Do chum nach budh follas dona dáoinibh go ndéanann tú trosgadh, achd dod Athair atá a bhfolach: agus do bhéuraidh Hathair, do chí a bhfolach, lúaidheachd dhuit ós aírd. Na cruinnighidh ionnmhas ar an ttalamh, mar a ttrúaillean an léoghan agus an mheirg é, agus mar a ttochlaid agus mar a ngoidid na biothamhnuigh: Ar a nadhbharsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luchd an fhúarchrábhaigh ann sna sionagógaibh agus ann sna sraideannaibh, do chum go bhfuighidís glóir ó dhaóinibh. Go firinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil a dtúarasdal aca.
Oír ni dearmadfuighear an teasbhadhach a ccomhnuigh: ní rachuidh dóthchus na mbochd a mugha go bráth.
Ma chonnuimh mé na boicht ó na toil, nó má thug mé ar shúil na baintreabhuigh failligh; Nó má dith mé mo ghreim liom féin am áonar, agus nár ithiodar na dílleachduigh dhe;
Nach é so an trosgadh do thogh misi? do sgaoileadh cuibhreach a nuilc, déadtromadh na núalach trom, agus an mhuinntir sharuighte dfhuasgladh, agus go mbriseadh sibh gach uile chuibhreach? Nach chum haráin do roinn ar na hocrachaibh, agus go ttugthá dot thigh na boicht air seachrán? a nuáir do chife tú an tárrnochd, go bhfoileocha tú é, agus nach bhfoileocha tú thú féin ód fheoil féin?
¶ Má bhíonn láimh riot duine bochd áon dot dhearbhráithribh táobh a stigh dáon dot dhoirsibh ann do dhúithche noch do bheir do THIGHEARNA Día dhuit, ní chrúaidheocha tú do chroidhe, agus ni dhruidfe tú do lámh ód dhearbhrathair bochd: Achd oisceola tú do lámh go fáirsiong dhó, agus do bhéara tú dhó ar áirleagadh go deimhin go lór chum a riachdannis, ansa ní is easbhuidh air.
Oír ní raibh éainneach eatorra ar a raibh riachdanus: oír an mhéid do bhí na sealbhaigheóiribh fearuinn nó tighthe, ar na réic, do bheirdís lúach na neithe do bhí ar na reac leó, Agus do chuirdís ag cósaibh na nabsdal é: agus do roinntí é ar gach áon do réir a ríachdanuis.
Do ní an duine trócaireach maith dhá anam féin: acht an té bhíos éattrocaireach buáidhridh sé a fheóil féin.
Oír sáorfuidh sé an teasbhuidheach noch do ní éigheamh, agus an bocht mar an gceadna; agus an té ag nach bhfuil fear tárthála.
Do bhrígh go sáoruinn an bocht do éigheadh, agus an dílleachda, agus an té nach biodh áon aige do thárthochadh é. Do thigeadh beannachd an té do bhí réidh chum báis orum: agus do thógbhuinn croidhe na baintreabhuigh chum abhrán do gabháil lé lúathgháir.
Ná slad an bocht, do bhrígh go bhfuil sé bocht: ná brúigh an trúaghan annsa gheata:
Achd an tan do ní túsa deírc, na biodh a fhios aigad laímh chli creúd do ní do lámh dheas: Agus, ma eúduigheann Día mar sin luibh an mhachaire, áta a niugh ann, agus a márach ar na theilgein sa núamhain, a né nach mó na sin sibhsi, a dhaóine beigchreidmheacha? Uime sin na bídhidh lán do chúram, ag rádh, Créd iósam? no, Créd iobhom? no, Créd chuirfeam umainn? (Oír a siád so uile iárruid na Cinidheacha:) óir áta a fhios ag bhur Nathair neamhdha go bhfuil a ríachdanas so uile oraibh. Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh. Uime sin na bíodh rochúram oruibh timcheall an laói máruigh: óir biaidh a sháith curium air an lá a márach timcheall a neithe féin. Is lór do lá a olc féin. Do chum go mbiadh do dhéirc a bhfolach: agus do bhéaruidh Hathair do chí a bhfolac luaidheáchd dhuit ós áird.