Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 23:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 ach an seachtú bliain fág ina bhranar é gan saothrú, i dtreo go bhféadfaidh bochta do phobail bia a fháil uaidh, agus go bhféadfaidh na hainmhithe allta a bhfuílleach a bheith acu mar bhia. Déan mar an gcéanna leis an bhfíonghort agus leis an doire ológ.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Achd an seachdmhadh blíadhan léigfe tú dhó luighe agus bheith na chomhnuighe; ionnus go níosuid bóichd do phobuil de: agus go níosuíd beathuigh an mhachaire a bhfuigfil síad. Ar na modh gcéadna do dhéana tú réd fhíneamhuin, agus réd gháirdín ola.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 23:11
11 Tagairtí Cros  

De bheachtnithe: Ní thabharfaimid ar n‑iníonacha le posadh do phór an tíre, ná ní thógfaimid a n‑iníonacha mar mhná dár mic.


Má thugann muintir na tíre earraí nó bia ar bith le díol ar an tsabóid, ní cheannóimid aon ní uathu ar shabóid ná ar fhéile. Ní éileoimid [torthaí ar an talamh] gach seachtú bliain agus maithfimid gach fiacha.


Cuir d'fhearann ar feadh sé bliana, agus cruinnigh a fhómhar,


Ar feadh sé lá déan do chuid oibre, ach ar an seachtú lá scoir di i dtreo go mbeidh sos ag d'asal agus ag do dhamh, agus go mbeidh sámhnas ag mac do dhaoirsí agus ag an eachtrannach.


Sa chás go bhfiafródh sibh cad a íosfaimid an seachtú bliain seo gan síol a chur ná fómhar a bhailiú,


Beidh an seantoradh fós á ithe agaibh agus sibh ag cur san ochtú bliain; sea agus beidh an seantoradh á ithe agaibh fós sa naoú bliain agus sibh ag feitheamh le fómhar na bliana sin.


Agus tharais sin, níor thug tú sinn isteach in aon tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda ann, ná níor bhronn tú aon tailte ná fíonghoirt mar oidhreacht orainn. An amhlaidh is dóigh leat gur dall atá na daoine seo? Ní thiocfam.”


Ní bheidh, ar ndóigh, an tír choíche gan bhochtán; uime sin ordaím duit: Bí fial flaithiúil i gcónaí le do bhráthair, agus le haon duine i do thír atá ar an gcaolchuid nó dealbh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí