Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Agus d'ardaigh sé a shúile i dtreo a dheisceabal agus dúirt: “Is méanar daoibhse atá bocht, óir is libh ríocht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Agus dʼardaigh sé féin a shúile a amharc ar a dheisceabail, go ndúirt: “Is beannaithe sibhse, a bhochta, ós libhse ríocht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Agus nuair a thóg sé suas a shúla ar a dheisciobail, dubhairt sé: Is beannuighthe sibh-se na bochta, óir is libh ríoghacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Annsin, ag tabhairt súl ar a dheisceablaibh dó, adubhairt sé, Is aoibhinn daoibh‐se atá bocht: oir is libh ríoghacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus are dtógbháil a shúl súas dósan air a dheisciobluibh, a duiubhairt sé, As beannaighthe sibhsi a dháoine bochda: óir as libh flaitheas Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus tóg sé suas a shúile agus d’fhéach sé ar a dheisgiobuil agus dubhairt: Is aoibhinn daoibh-se a daoine atá bocht, óir is libh rígheacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Agus dʼardaigh sé a shúile i dtreo a dheisceabal agus dúirt: “Is méanar daoibhse atá bocht, óir is libh ríocht Dé.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:20
35 Tagairtí Cros  

Is fearr an beagán atá ag an bhfíréan ná maoin is mórshaibhreas na n‑éagráifeach;


Is fearr a bheith umhal ó chroí i measc na n‑íseal ná an chreach a roinnt leis na huaibhrigh.


Is fearr an bochtán a mhaireann go fíréanta ná an té atá saibhir ach claon ina shlite.


Beidh gairdeas ar na dearóile as an Tiarna arís, agus aoibhneas ar dhaoine bochta as Neach Naofa Iosrael,


Na rudaí seo ar fad is de dhéantús mo láimhe iad; is liom féin an t‑iomlán, briathar an Tiarna. Ach an té a dtugaimse aird air, is é an bochtán é agus fear an chroí bhrúite, an té a bhfuil urraim aige do mo bhriathar.


Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár agus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídean in ainm an Tiarna.


Agus cuireadh ar ceal an lá sin é agus thuig na trádálaithe caorach a bhí ag féachaint orm gurbh é sin briathar an Tiarna.


tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.


Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.


Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a dheisceabail chuige.


Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir ba ghnaoi le bhur nAthair an ríocht a thabhairt daoibh.


Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacal, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach.


Duine díobh seo a bhí ag bord leis, ar chloisteáil an méid sin dó, dúirt sé leis: “Is méanar don té a chaitheann a chuid i ríocht Dé!”


Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá.


“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;


ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.”


Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn.


Cé gur promhadh go dian san anró iad, tá siad lán d'áthas, agus d'ainneoin iad a bheith beo bocht is iad croí na féile iad.


Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d'fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.


Agus rinne sibhse aithris orainn agus ar an Tiarna, mar d'ainneoin gach anacra ghlac sibh leis an mbriathar uainn le lúcháir an Spioraid Naoimh,


Is léiriú é sin ar bhreithiúnas cothrom Dé, mar is é a thiocfaidh as go mbeidh sibhse i dteideal ríocht Dé a bhaint amach toisc sibh a bheith ag fulaingt ar a son;


Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó.


Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?


Is eol dom do dhuainéis agus do bhochtaine - cé gur saibhir tú - agus tromaíocht an dreama a thugann Giúdaigh orthu féin, ach nach amhlaidh dóibh ach gur sionagóg le Sátan iad.


Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí