Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Agus bhí an slua ar fad ag iarraidh baint leis, óir bhí cumhacht ag teacht uaidh agus á leigheas uile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Agus bhí an slua ar fad ag iarraidh lámh a leagan air, mar thagadh cumhacht as a leigheasadh iad uile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Agus bhí an sluagh uilig ag iarraidh cuimilt leis, óir bhí cumhacht ag dul amach uaidh, agus ghá leigheas uilig.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus do bhí an sluagh go léis ag iarraidh cuimilt leis: óir do bhí cumhacht ag teacht amach uaidh do shlánuigh iad go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus do bhí an slúagh uile ag íarruidh cuimealta ris: óir do bhídh subhailce ag dul úadh, agus do shlánuidh sé iad uile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus bhí an tsluagh go léir a d’iarraidh teangabháil leis, óir bhí cómhacht ag dul amach uaidh a bhí ag slánú gach aoinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Agus bhí an slua ar fad ag iarraidh baint leis, óir bhí cumhacht ag teacht uaidh agus dá leigheas uile.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:19
15 Tagairtí Cros  

Tharla go raibh marbh á iompar chun a adhlactha, agus chonacthas díorma díobh siúd, agus caitheadh an marbh isteach i dtuama Eilíseá. A luaithe a bhain an fear marbh le cnámha Eilíseá, tháinig anam ann arís agus sheas sé ar a chosa.


agus bhí siad á iarraidh air a ligean dóibh fiú amháin a lámh a chur le scothóg a bhrait, agus oiread díobh agus a chuir, bhí siad iomlán.


Mar bhí sé tar éis mórán daoine a leigheas, sa chaoi, iad seo uile a raibh aicídí orthu, go mbídís ag plódú air chun baint leis.


Ach d'airigh Íosa ann féin go ndeachaigh brí amach uaidh, chas sé timpeall láithreach sa slua agus dúirt: “Cé bhain le mo chuid eádaigh?”


Agus cibé áit a dtéadh sé; sna bailte, sna cathracha, sna feirmeacha, chuiridís lucht tinnis ina luí sna háiteanna poiblí agus dhéanaidís achainí air go mbainfidís le scothóg a bhrait fiú amháin, agus a mbaineadh, shlánaítí iad.


Tháinig siad go dtí Béatsáide, agus bhí daoine a thug fear dall chuige agus rinne siad achainí air baint leis.


Tharla aon lá amháin agus é ag teagasc, go raibh Fairisínigh agus máistrí dlí ina suí ann a bhí tar éis teacht as gach baile sa Ghailíl agus in Iúdáia, agus as Iarúsailéim freisin; agus bhí cumhacht an Tiarna ag tabhairt air bheith ag déanamh leigheas.


a tháinig ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a ngalair; agus iad seo freisin a bhí á gcrá ag spioraid mhíghlana, bhí siad á leigheas.


ciarsúirí agus naprúin fiú amháin a chuimil dá chraiceann, nuair a thugtaí go dtí na daoine tinne iad, d'fhágadh na galair iad agus d'imíodh na spioraid mhallaithe astu.


Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí