Sa Sean-Tiomna, bhíodh ceol agus craic ag gabháil leis na féilte móra. Ach tá ár ngairdne féin, mar Chríostaithe, fréamhaithe i dtoil Dé a aimsiú inár saol – toil atá maith, taitneamhach agus foirfe.
Ní rud atá ag brath ar chúinsí ná ar mhothúcháin amháin atá ann, ach foghlaim conas fíoráthas na háthais a fháil sa tslánaíocht.
Molaim duit inniu, a chara, gach brón a scaoileadh uait, searbhas agus fuath a dhíbir as do chroí, agus ligean do lúcháir Íosa, atá síoraí, líonadh isteach ionat go deo.
Ansin, gheobhaidh tú amach go bhfuil neart le gáire a dhéanamh faoi, agus nach bhfuil an oiread sin le brón a chur ort féin.
Cuimhnigh gur chruthaigh Dia gach a bhfuil thart timpeall ort le go mbainfidh tú taitneamh as, mar sin bí ag gáire leis agus ag osna leis an ngrá ina láthair, mar imeoidh an ceo gruama go luath agus péinteálfaidh sé bogha báistí duit.
D’athraigh Dia ár ngol go damhsa, líon sé sinn le lúcháir. Ní bheidh sonas i gcónaí sna trialacha a chuireann an saol romhainn, ach faighimid suaimhneas i nDia, agus muid muiníneach go n-oibreoidh gach rud le chéile chun ár leasa.
Tabhradh gach áon úadh do réir thogra a chroidhe, ní maille ré doithcheall, nó ré héigean: oír is ionmhuin ré Día an tí bhronnus go soilbhir.
Sólásaighear duine le freagra a bhéil féin: agus an focal labharthar iona am féin, cred é méud a mhaitheasa!
Taisbeanfa tú dhamh casáin na beatha: ad lathairsi atá líonmhaireachd lúathgháire; air do láimh dheis atá sáimhe go síothbhúan.
Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;
Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor. Bíghidh ag úrnuighe gan sgur. Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.
Agus sibhsi mar an gcéadna atáthaoi a nois go dóbrónach: gidheadh do chífe mé a ris sibh, agus do dhéunaid bhur gcroidhe gáirdeachus, agus ní bhéura éunduine bhur ngairdeachus uáibh.
Deanaidh fuaim lúathgháireach chum an TIGHEARNA, a thalamh uile. Déanuidh seirbhís don TIGHEARNA re lúathgháire: tigidh ós coinne a aighthe re gáirdeachus.
Foghnuidh croidhe súgach amhuil leighios: acht tiormuighidh spiorad briste na cnámha.
A mhic, má bhíonn do chroidhe éagnuidhe, biaidh lúathgháire ar mo chroidhe, orumsa féin.
Biaidh mé lúathgháireach agus gáirdeochad ionadsa: canfad moladh dod ainm, ó thusa is ro áirde.
Dóthchus bhus lúathgháire do nfíréun: acht rachaidh furachus an drochdhuine ar meath.
Atáid reachda an TIGHEARNA ceart, ag gáirdiughadh an chroidhe: atá áithne an TIGHEARNA fiorghlan, ag tabhairt radhairc do na súilibh.
Is cumhachtach an TIGHEARNA do Dhía ann do lár: tárthocha sé, gáirdeocha sé ós do chionnsa lé lúathghair; coimhneocha sé ann a ghrádh, gáirdeocha sé ós do chionn le caintic.
Cuimhnighim na neithesi, agus dóirtim orum amach manam: óir dó chuáidh mé ris an ccoimhthionól, do chuáidh mé léo go tigh Dé, lé guth lúathgháire agus molta, le hiomad ag congmhail láoi féile.
¶ Imthigh romhad, ith harán maille re sólás, agus ibh thfíon le croidhe súgach; óir gabhuidh Día anois hoibreacha.
Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo scíath; do chuir mo chroidhe a dhóigh ann, agus do cobhruigheadh mé: ar a nadhbharsin do dhéana mo chroidhe gáirdeachus; agus molfad é le mo chaintic.
¶ Atá a fhios agam nach bhfuil maith ar bith ionnta, acht go mbíath duine gáirdeach, agus go ndéanadh sé maith ar feadh a bheatha. Agus fós go nitheadh agus go nibheadh gach aonduine, agus go solásuigheadh sé iona uile sháothar féin, sé sin tiodhlacadh Dé.
Oír ní bíadh na deoch rioghachd Dé; achd fireantachd, agus siothcháin, agus gáirdeachus san Spiorad Náomh.
¶ Má atá nach bláthann an crann fíge, agus nach mó bhías toradh annsa bhfíneamhuin; fáilleachuidh sáothar crainn na holá, agus ni thiubhruid na machaireadha biadh ar bioth úatha; gearrfuighear an tréud amach ón máinrigh, agus ní bhiáid ealbha ar bioth annsua stalladhuibh: Thairis sin gáirdeocha misi annsa TIGHEARNA, sólásfuidh mé a Ndía mo shlánuighthe.
An tí dhá dtughabhair grádh, bíodh nach bhfacabhair é; ann a bhfuil sibh a nois ag creideamh, gé nach léir dhibh é, agus as a ndéuntaói gairdeachas ré lúathgháire dhófhaisnéis ghlórmhar:
Oir íona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
Diompóigh tú mó dhóbhrón a damhsa dhamh: do chuiris díom mo shaicéadach, agus do choimhcheangluis mé lé lúathgháir;
Acht bídís na fíréin lúathgháireach; déindís gáirdeachus ós coinne Dé: agus, bídís meanmnach lé lúathgháire.
Oír do rinne tú lúathgháireach mé, a THIGHEARNA, le hobairsi: do dhéan gáirdeachus a ngníomhuibh do lámh.
Do síoladh solus do nfíréun, agus lúathgháire don díreach a ccroidhe: Lúathgháirighidh annsa TIGHEARNA, sibhsi a fhíréuna; agus moluidh cuimhne a náomhthachda.
Annsin do líonadh ar mbéul ré gáireadha, agus ar tteanga ré lúathgháire: a dubhradar annsin a measg na gcineadhach, Do rinne an TIGHEARNA éachta móra dhóibh. Do rinne an TIGHEARNA neithe móra linne; atamaóid lúathgháireach.
Is sona na daóine, atá annsa riochdsa: as sona na daóine, gha bhfuil an TIGHEARNA na Dhía aca.
Cealg bhíos a ccroidhe na droinge noch smuáinios an tolc: acht do chomh-airleachaibh na síothchána atá gáirdeachus.
Do ní chroidhe súgach gnúis shuilbhir: acht lé dóbhrón an chroidhe bristear an spiorad.
Atáid uile láethe na daóine mbúaidheartha go holc: acht an té agá mbí croidhe súgach bí féusta gnáthach aige.
Is é gáirdeachus a nfíréin bréitheamhnus do dhéanamh: acht biáidh milleadh do lucht oibrighthe a néigcéirt.
Oír do bheir Día don duine an ní is maith iona radharc eagna, agus éolus, agus sólás: acht don pheacach do bheir sé sáothar, do chruinniughadh agus do chur ar muin a chéile, chor go ttiubhradh don té is maith a bhfiadhnuise Dé. Is díomhaóineas so fós agus buáidhreadh spioraide.
Gach uile dhuine fós dá ttug Día saidhbhrios agus maóin, agus dá ttug sé cumhachta íthe dhe, agus a chomhroinn do ghlacadh, agus sólásughadh ann a sháothar; sé so tiodhlacadh Dé.
Féuch, is Día mo shlánaightheóir; bím dothchusach ann, agus ní bhía eagla orum: óir isé an TIGHEARNA IEHOBHAH mo neart agus mó chaintic; sé fós mo shlánughadh é. Uimesin maille ré sólás tarrangthaoi uisge as toibreachaibh an tslánuighthe.
Agus fillfid an mhéid fhúasglas an TIGHEARNA, agus tiucfuid go Síon maille re céol agus re gáirdeachus síorruidhe ar a cceannuibh: glacfuid síad gáirdeachus agus lúathgháir, agus teithfidh dóbrón agus osnadhach úatha.
Uimesin fillid fúascailtigh an TIGHEARNA, agus tiucfuid go Sion maille ré céol; agus biáidh sólás suthain ar a ccionn: do gheabhuid lúathgháir agus gáirdeachus; agus teithfidh dóbrón agus dólás uatha.
Oír rachthaóisi amach maille re meanmuin, agus béarthar amach sibh maille re síothcháin: brisfid na sléibhte agus na cnoic amach romhuibh a gceól, agus buáilfid uile chranna an mhagha a lámha.
Dórdúghadh don druing chaoídheas a Sion, do thabhairt sgéimhe dhóibh ar son lúatha, ola an gháirdeachuis ar son dóbróin, éaduigh an mholta ar son spioruidhe brúighte: go ngoirfidhe crainn na fíroantachda dhiobh, planndughadh an TIGHEARNA, chor go nglórfuidhe é.
Do fríth do bhríathra, agus a dúaigh misi íad; agus do bhí do bhríathra dhamhsa na gháirdeachus agus na lúathgháir dom chroidhe, óir do gaireadh hainmsi orum, a THIGHEARNA Día na slógh.
Annsin gháirdeochus an mhaighdion annsa damhsa, na daóine óga araon agus na seanóiridhe: óir fillfidh misi a ngúbha a ngáirdeachus, agus coibhreocha mé íad, agus do bhéara mé orra sólásughadh ó na ndólás.
Biodh gaírdeachas, agus luáthgháir óruibh: óir is mór bhur lúaidheachd ar neamh: óir is mar sin do ghérleanadar na faidhe thaínic romhaibh.
Agus a dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe mháith fhírinnigh: do bhí tu ionnruic ar bheagán, cuirfudh mé ós cionn mhóráin thú: imthigh a sdeach a ngáirdeachus do thighearna féin.
Agus ar nimtheachd ón túama go deithneasach dhóibh maille ré heagla agus ré gáirdeachus mór; do riothadar dá fhoillsiughadh sin dá dheisciobluibhsion.
As beannaighthe sibh a dháoine atá ocrach a nois: óir sáiséochthar sibh. As beannaighthe sibhsi cháoidheas a nois: óir do dhéuntáoi gáire.
Achd cheana na bíodh gáirdeachas oraibh, ar son go bhfuilid na spioraididhe fá bhur smachd; achd go madh mó bhiás gairdeachas oruibh fá go bhfuilid bhur nanmanna sgríobhtha ar neamh.
A derim ribh, gur ah mar sin bhias forbhfáilte ar neamh ar son éin pheaochach do mni is mó na ar son naói bhfréin dég agus fichid, ar nach bhfuil riachdanas aithrighe.
Mar an gcéadna, a deirim ribh, Bí gáirdeachas ar ainglibh Dé trí éin pheacthach amháin do ní aithrighe.
A dubhairt mé na neithe so ribh, ionnus go bhfanfeadh mo gháirdeachus ionnuibh, agus go mbiadh bhur ngairdeachus lán.
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Go nguilfidhe agus go gcáoinfidhe, agus go ndéana an sáoghal gáirdeachus: achd beithísi dóbrónach, gidheadh fillfidhear bhur ndóbhrón a ngáirdeachus.
Achd atáim a nois ag teachd chugadsa, agus labhraim na neithesi ar a tsáoghal, ionnus go mbíadh mo gháirdeachas iomlán ionntasan.
Dfoillsigh tú dhamhsa slighthe na beatha; líonfuidh tú mé do ghairdeachus léd ghnúis féin.
Tré na bhfúaramar mar an gcéadna slighe trés an gcreideamh chum na ngrása ann a seasmáoid, agus a ndéanmáoid gáirdeachás fá mhuiníghin ghlóire Dé. Achd tháinic an dligheadh, ionnus go méidéochthaói an choir. Achd sa bhall ar mhéuduigh an peacadh is ann rug an grás bárr: Ionnus dó réir mar do thighearnuigh an peacadh chum báis, go dtighearnóchadh grás mar an gcéudna tré fhiréantachd chum na beatha marthanuighe tré Iosa Críosd ar Dtighearna. Agus ní hé amháin, achd do nimid gáirdeachus mar an gcéadna a dtrioblóidibh: do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn go noibrigheann an trioblóid foighid;
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
As mór an dánachd labhairt do ním oruibh, is mór mo gháirdeachas ar bhur son: atáim lán do mheanma, is ró líonta mé do gháirdeachas ann ar nuile bhuáidhirt.
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh,
Ar son a nadhbhair chéudna déanuighse fós lúathgháir, agus gáirdeachas má ráon riomsa.
Tuilleadh eile, a dhearbhraithre, déunuidh gáirdeachas sa Dtíghearna. Go deimhin ní léisg leam na neither céudna do sgríobhadh chuguibh, agus as ní sabhálta dhíbhse é.
Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Ar bhur neartughadh maille ris a nuile neart, tré na chúmhachd glórmharsan, chum na huile fhoighide agus fhulaing maille ré gáirdeachas;
Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean.
Agus do rinneadh luchd leanmhana dhúinne, agus don Tíghearna dhíbh, ar ngabháil na breithre chuguibh a mbuáidhirt mhóir, maille ré gairdeachas an Sbiorad Naóimh:
Ar mbeith dhamh fonnmhar thusa dfaicsin, an tan chuímhnighim ar do dhéuruibh, ionnus go mbéinn líonta do gháirdheachas;
Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.
A dhearbhráithre, measuidh na ró gháirdeachas an tan thuitfeas sibh a gcaithighthibh éugsamhla; Oír ní oibrigheann fearg dhuine fíréuntachd Dé. Uime sin ar gcur úaibh na huile neamhghloine agus iomarcuidh mailíse, gábhuidh chúguibh maille ré ceannsachd an bhríathar atá ar na plánndughadh ionnuibh, ler féidir bhur nanmanna shlánughadh. Agus bíghidh bhar luchd na bréithre chur a ngníomh, agus ní bhur luchd a héisdeachda amháin, dá bhur mealladh féin. Oír da néisdigh éinneach ris an mbréithir, agus nach déun sé dhá réir, as cosmhuil é ré duíne bhíos ag breathnughadh a ghnúise nadúrtha a sgathán: Oír ar na bhreathnughadh féin dó, imthighe roimhe, agus ar ball dearmaduigh sé créd bá é a chosamhlas féin do dhuinne. Achd an tí fhéuchas go grinn ar reachd diongmhálta na saóirse, agus chomhnuigheas ann, do bhrígh nach fear éisdeachda dearmadach é, achd fear gníomha do dhéunamh, biáidh sé beannuighe ann a ghníomh féin. Má atá aóinneach eadruibh lér cosmhuil bheith ríaghalta, agus nach ccuireann srían ré na thanguidh, achd bhíos ag mealladh a chroidhe féin, as diomhaóin ríaghail an tíse. Ag so an ríaghail ghlan gan cháidhe a bhfíadnuise Dé agus a Nathar, Eadhon dul dféuchain na ndileachdadh agus na mbaintreabhach a nám a ríachdanuis, neach é féin do choimhéud gan cháidhe ón tsáoghal. Ar mbeith a fheasa aguibh, noibhrigheann dearbhadh bhur gcreidimh foighid.
Achd go madh haóibhinn libh, sibh féin fo bheith pártach ré buáidhearthuibh Chríosd; ionnus, go mbiáidh gáirdeachas agus meanma mhór oruibh mar an gcéudna, an tan fhoillséochar a ghlóirsion.
Acht gáirdigheadh a nuile dhuine do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh tusa íad: bidís mаr an ccéadna an dream learab ionmhain thainm, lúathgáireach ionnad.
Déanuidh gáirdeachus annsa TIGHEARNA, agus bíthí lúathgháireach, sibhsi a fhíréuna: agus déanuidh lúathgháir, sibhsi uile noch atá díreach a ccroidhe.
Agus biáidh manamsa lúathgháireach annsa TIGHEARNA: do dhéanuidh sé gáirdeachus iona shlánughadh.
Buailidh bhur mbasa, sibhsi uile a phobal; déanuidh gáirdeachus chum Dé re guth caithréime.
Is beannuighe na daóine dar baithne a nfuáim gháirdeach: a THIGHEARNA, siubholuid, a solus do ghnúise. Do dhéanaid gáirdeachus ann hainmse air feadh an laói: agus ann thfíréantachd áirdeochthar íad.
Tagaidh, déanam lúathgáire chum an TIGHEARNA: déanam fuáim gháirdeach do charraic ar slánuighthe. Do bhí mé dhá fhithchiod blíadhan air mo bhuáidhreadh ris an nginealachso, agus a dubhras, Is pobal seachránach a gcroidhe íad, agus níor bhaithne dhóibh mó shlightheacha: Dar mhionnuighios ann mfeirg, nach rachaidís a steach dom shuaimhneas. Tagam do lathair a aighthe ré tabhairt buidheachuis, agus déanam fuáim lúathgháireach chuige ré Salmuibh.
An dream chuirios síol a ndéaruibh beanfaid a lúathgháire. An té dimthigh amach go doilghiosach agus do ghuil, ag cur a shíl, tiocfa sé lé lúathgháire, ag iomchar a phunnann.
Dfoirlíon tú an cineadh, agus níor mhéaduigh tú an gáirdeachus: lúathgháirid siad romhad do réir na lúathgháire annsa bhfoghmhar, már gháirdighid daóine a nuáir roinnid a néadáil.
Méideochuid fós na daóine macánta a ngáirdeachus annsa TIGHEARNA, agus lúathgháirfid na boicht a measg an phobail ann Aon Náomhtha Israel.
¶ Canuidh, a fhlaitheasa; agus bí súgach, a thalaimh; agus a shléibhte, brisidh amach a ccéoil: óir do chobhruigh an TIGHEARNA a phobal, do dhéana sé grása air a thrúaghaibh.
Gáirdeochuidh mé go mór annsa TIGHEARNA, biáidh manam sólásach ann mo Dhia; óir déaduigh sé mé a cculadhuibh an tslánaighthe, dfoluigh sé mé le róba na firéantachda, amhuil chóirigheas fear núadhpósta é féin le breághachtuibh, agus mar chóirigheas an bhean núadhphósta í féin lé na séuduibh.
Agus a nuáir do chíthí so, gáirdeochuidh bhur ccroidhe, fásfuidh bhur ccnámha amhuil luibh: agus aitheontar lámh an TIGHEARNA re na sheirbhíseachuibh, agus a dhioghaltas air a naimhdibh.
Cuirfe mé a rís súas thú, agus cuirfighear súas thú, a mhaighdion Israel: biáidh tú a rís ar do scíamhughadh lé tiompanuibh, agus racha tú amach a ndamhsaibh na druinge do ní súgradh.
Gúth na lúathgháire, agus gúth an gháirdeachuis, gúth a nfir núadhphósta, agus gúth na mná núadhphósta, gúth na druinge a déarus, Moluidh TIGHEARNA na slógh: óir is maith an TIGHEARNA; óir mairidh a thrócaire go bráth: agus na druinge do bheir íodhbuirt mholta go tigh an TIGHEARNA. Oir do bhéara misi fa deara braighdionas na tíre diompógh mar do bhí ó thus, a deir an TIGHEARNA.
Agus a dubhairt an taingeal riú, Na bíodh eagla oruibh: óir, feuch, a táim ag soisgéulughadh dhíbh gáirdeachus mór, noch bhías do gach uile phobal.
Agus ag deifriúghadh dhósan, do thuirrling sé, agus do ghabh sé chuige é go luáthgháireach.
An té aga bhfuil an bhean núaphósda as é an fear núaphosda é: achd cara an fhir núaphósda, noch sheasas agus éisdeas ris, gabhuidh gairdeachus mór é tré ghuth an fhir núaphósda: ar a nadhbharsin atá mó gháirdeachusa ar na choimhliónadh.
Agus ar na séoladh do neagluis, do ghabhadar tré Pheníce agus Shamária, ag innisin fhillte na Gcineadhach: agus do chuireadar lúthgháir mhór ar ná bráithribh uile.
Ionnus go madh héidir leam teachd chugaibhse maille ré gáirdeachus do thoil Dé, agus furtachd dfagháil dhamh má ráon ribh.
An cuid eile dhe, a dhearbhráithreacha, biodh gáirdeachas oruibh. Bighidh diongmhálta, bíodh deaghmheisneach aguibh, bíghidh déininntinn, leanuidh don tsíothcháin; agus biáidh Día an ghradha agus na siothchána maille ribh.
Uime sin, a dhearbhraithre dílghrádhacha dá bhfuil toil mo chroidhe, mo sholas agus mo choróin, seasuidh mar so sa Dtíghearna, a dhearbhráithre dílghradhacha.
Noch do ní a nois gairdeachas ann sna neithibh fhuilingim ar bhur sonsa, agus choimhlíonas fuigheall buáidheartha Chríosd am fheóil ar son a chuirpsion, eadhon a neagluis:
Oír créd í ar muinighin, nó ar ngáirdeachas, no ar gcoróin ghlóire? A né nach sibhse íad a bhfíadhnuise ar Dtighearna Iósa Críosd agá theachd? Achd fós ar bhfulang dhúinn roimhe, agus tar éis ar masluighthe, a Bhfilippí, do réir mar as aithnigh dhíbhse, do rinneamar dánachd as ar Ndía féin ré soisgéul Dé do sheanmórughadh dhíbhse maille ré hiomad sbárna. As sibh go deimhin ar nglóir agus ar ngáirdeachas.
Oír créd é an buídheachas as féidir linne do thabhairt mar mhalairt do Dhía bhur sonsa, do bhrígh a nuile gháirdeachais re a ndéunmuid gairdeachas thríbhse a bhfiadhnuise ar Ndé féin;
Do bhí gáirdeachas mór oram do bhrígh go bhfuáir me cuid dod chloinnse ag siúbhal do réir na fírinne, amhuil fúaramar áithne ó Nathair.
Oír do ghabh gáirdeachas mór mé, an tan thangadar na dearbhráithre agus do rinneadar fíadhnuise don fhírinne atá ionnadsa, do réir mar shiúbhlas tú sa bhfírinne. Ní bhfuil gáirdeachas agum as mó ná so eadhon go gcluinim go bhfuilid mo chlann, ag suibhal sa bhfírinne.
Fá dheóigh don tí lér féidir bhur gcoimhéud ar oilbhéim dfagháil, agus bhur gcur a bhfíadhnuise a ghlóire féin gan choir ar bith maille ré rogháirdeachais,