Gníomhartha 15:3 - An Bíobla Naofa 19813 Rinne an Eaglais iad a thionlacan chun bealaigh, agus ag gabháil dóibh trí Fhéinice agus tríd an tSamáir, d'aithris siad dóibh mar a bhí na págánaigh ag iompú chun Dé, scéal a chuir ardáthas ar na bráithre go léir. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)3 Dʼimigh siad mar sin agus an eaglais á gcomóradh, agus chuaigh siad trí Fhéinícia agus trí Shamária freisin, agus iad ag tabhairt tuairisce ar iompú na nGintlithe chun creidimh, agus chuir siad lúcháir mhór ar na bráithre uile. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara3 Ar an adhbhar sin, rinne an Eaglais iad a chomóradh ar a mbealach, agus chuaidh siad fríd Pheinic agus an tSamáire, ag innse fá thionntódh na gcinidheach: agus chuir siad lúthgháir mhór ar na bráithre go h-uile. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)3 D’imthigheadar, mar sin, agus lucht na h‐eaglaise d’á dtionnlacan, agus do ghabhadar tré Fhoinicia agus tré Shamária, g‐á innsin cionnas h‐iompuigheadh na Cineadhacha: agus do chuireadar áthas mór ar na bráithreachaibh go léir. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)3 Agus ar na séoladh do neagluis, do ghabhadar tré Pheníce agus Shamária, ag innisin fhillte na Gcineadhach: agus do chuireadar lúthgháir mhór ar ná bráithribh uile. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)3 Ansan do chuir an eaglais chun siubhail iad san agus thánadar tré Phoenicé agus tré Shamaría agus iad ’gá innsint conus mar a bhí na geinte ag iompáil, agus chuireadar áthas mór ar na bráithribh go léir. Féach an chaibidil |