Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 31:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Tógfaidh mé thú an athuair agus atógfar thú, a mhaighdean Iosrael. Beidh tú sciamhach arís, agus déanfaidh tú meidhir sa rince le do chuid tiompán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Cuirfe mé a rís súas thú, agus cuirfighear súas thú, a mhaighdion Israel: biáidh tú a rís ar do scíamhughadh lé tiompanuibh, agus racha tú amach a ndamhsaibh na druinge do ní súgradh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 31:4
31 Tagairtí Cros  

Seo é an focal a labhair an Tiarna faoi dtaobh de: ‘Tá drochmheas aici ort, agus is beag uirthi thú an ógh, iníon Shión; croitheann sí a ceann ar do chúla, iníon Iarúsailéim.


Molaidís a ainm le rince; déanaidís ceol ar an gcláirseach is ar an gcruit.


Éist, a Thiarna, go trócaireach; tar, a Thiarna, i gcabhair orm.


Óir ní bhfaigheann tú taitneamh in íobairt agus an loiscíobairt a dhéanfainn ní ghlacfá.


Go mola na spéartha agus an talamh é; an mhuir agus a maireann inti.


Sea, glacfaidh an Tiarna trua do Iacób agus toghfáidh sé Iosrael arís agus bunóidh sé iad ina dtír féin. Tiocfaidh an coimhthíoch a cheangal leo agus cloífidh sé le teaghlach Iacóib.


gach buille den bhata agus den phionós a leagfaidh an Tiarna uirthi, le bodhráin agus le cláirseacha agus le damhsaí...


Seo é an fógra a thug an Tiarna uaidh ina choinne: Caitheann sí tarcaisne, caitheann sí achasán leat, an mhaighdean, iníon Shíón; craitheann sí a ceann ar do chúla, iníon Iarúsailéim.


a réabadh aníos agus a leagan síos, a mhilleadh agus a scriosadh, a thógáil agus a phlandú.”


“Abair an briathar seo leo: ‘Sileann deora ó mo shúile de lá agus d'oíche, gan scor, óir is mór é an leagan a baineadh as iníon mo mhuintire, buille rónimheanta.


“Dá bhrí sin - is mar seo a deir an Tiarna: Fiafraígí anois i measc na náisiún cé chuala a leithéid seo: Rinne maighdean Iosrael gníomh rófhuafar.


Cuirfidh mé mo shúile orthu ar mhaithe leo agus tabharfaidh mé ar ais don dúiche seo arís iad. Tógfaidh mé iad agus ní leagfaidh mé anuas iad, cuirfidh mé i dtalamh iad agus ní tharraingeoidh mé aníos iad.


Is ansin a ghairdeoidh an mhaighdean sa rince, déanfaidh ógánaigh agus seanóirí [meidhir]; fillfidh mise a ndobrón i ngairdeachas; tabharfaidh mé sólás agus faoiseamh ar lorg a ndólás;


Cuir suas duit féin comharthaí bóthair, ardaigh clocha críche; tabhair suntas maith don tslí, an tslí ar imigh tú. Tar abhaile, a mhaighdean Iosrael, tar abhaile go dtí na bailte seo is leatsa.


“Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - a n‑atógfar cathair Iarúsailéim ó Thúr Hananael go Geata an Choirnéil.


Déanfaidh mé Iúdá agus Iarúsailéim a athnuachain agus atógfaidh mé iad mar a bhí siad an chéad uair.


Éirigh suas go Gileád ar lorg íoca, a mhaighdean, a iníon na hÉigipte! Is go díomhaoin a ghlacann tú mórán oideas; níl leigheas i ndán duit.


Na gaiscígh uile a bhíodh agam, tá an Tiarna tar éis iad a shéanadh; thug sé slua le chéile i m'aghaidh chun mo chuid ógánach a chloí; tá an Tiarna tar éis satailt sa chantaoir ar iníon fhíorógh Iúdá.


Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail, a iníon Iarúsailéim? Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású, a iníon ógh Shíón? Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige. Cé a fhéadfaidh thú a leigheas?


Tá an mhaighdean Iosrael ar lár, ní éireoidh sí níos mó; óir tá sí tréigthe ar a talamh féin agus gan aon duine lena tógáil aníos.


“An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár, druidfidh mé a bhearnaí, deiseoidh mé na fothraigh, atógfaidh mé é mar a bhí anallód,


agus tugaigí libh an lao biata agus maraígí é, agus bímis ag ithe agus ag aoibhneas;


‘Tiocfaidh mé ar ais ina dhiaidh sin, agus atógfaidh mé both Dháiví atá ar lár. Deiseoidh mé a fothracha agus cuirfidh mé ina seasamh arís í.


Tháinig Iaftá ar ais chun a thí féin i Mizpeá ansin agus féach, tháinig a iníon amach ina dháil le ceol tiompán agus le rince. Ba í a leanbh aonair í, mar ní raibh mac ná iníon aige ach ise amháin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí