Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iósua 7 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil VII. Do smachduigheadh an pobal arson Achan, neach do ghlac don ní móidighthe. 24 Díoghail Achan a ngleann Achor.

1 Ach do rinneadar clann Israel sárughadh ansa ní móidighthe: óir do ghlae Achan, mhac Carmi, mhic Sabdi, mhic Serah, do threibh Iúdah, don ní mhóidighthe: agus do hádhnah fearg an TIGHEARNA a naghaidh cloinne Israel.

2 ¶ Agus do chuir Iosua daóine ó Iericho go Hai, noch atá ré táobh Bhet‐abhen, táobh shoir do Bhetel, agus do labhair riú, dhá rádh, Eirgidhe súas agus braithidh an tír. Agus do chúadar na daóine súas agus do bhrathadar Ai.

3 Agus do fhilleadar go Iosua, agus a dubhradar ris, Ná héirgidís na daóine uile súas; ach léig a ttimchioll dhá mhíle nó trí míle fear dul súas agus buáiledís Ai; agus ná cuir sáothar ar na daoinibh uile dul ann, óir ní bhfuilid achd beagán.

4 Marsin do chuáidh don phobal súas ansin timchioll thrí míle fear: agus do theitheadar roimhe mhuintir Ai.

5 Agus do bhuáileadar muintir Ai dhíobh timchioll thríochad agus sheisear fear: óir do ruagadair íad on gheata air fad go Sebarim, agus do bhuáileadar íad ann na ndul le fanuigh: air a nadhbharsin do leaghad croidhthe an phobail, agus tangadar chum a bheith amhuil uisge.

6 ¶ Agus do stíall Iosua a éadach, agus do thuit chum talmhan ar a aghaidh as coinne airce an TIGHEARNA go tráthnóna, é féin agus sinnsir Israel, agus do chuireadar luáithreadh ar a gceannuibh.

7 Agus a dubhairt Iosua, Uch, a THIGHEARNA Día, cred fá ttug tú an pobalsa ar éanchor a nall tar Iordan, dár seachadadh a láimh na Namoríteach, dar scrios? do bfearr linn go mbeimis deóntach, fuireach ar an ttáobh thall do Iordan!

8 O a THIGHEARNA, cred a déara misi, a nuáir iompoighios Israel a ndruim roimhe a námhuid!

9 Oír cluinfid na Cánanítigh agus dúthchusuigh na tíre é, agus tiocfuid ar tímchioll fa gcuairt, agus gearrfuid ar nainm amach don talamh: agus cred dhéanas tusa red ainm mór?

10 ¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Iosua, Eirigh súas; cred as a luighionn tú mar so ar haghaidh?

11 Do pheacuidh Israel, agus do sháruigheadar mo chunnradhsa noch do aithin mé dhíobh: óir do ghlacadar don ní móidighthe, do ghadadar mar an ccéadna fós, agus níor léigeadar sin orra, agus do chuireadar a measg a ccoda féin é.

12 Uimesin níor fhéadadar clann Israel seasamh as coinne a námhad, achd do iompoigheadar a ccul roimhe a naimhde, do chionn go rabhadar malluigh: agus ni bhía misi maille libh feasda, muna scriostáoi an malluighthe ó bheith bhur measc.

13 Eírigh, naómhuigh an pobal, agus abair, Náomhuighe sibh féin a gcoinne an laói máruighe: óir is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel, Atá ní móidighthe ann bhur lár, ó Israel: ní fheadthaoi seasamh as coinne bhur námhad, nó go gcurthaói uáibh an ní malluighthe ó bheith bhur measc.

14 Agus a nadhbhar sin béarthar sibh ar maidin do réir bhur ttreabh: agus is amhlaidh bhías, an ttreabh air a mbéara an TIGHEARNA go ttiucfuid do réir a muintear; agus an mhuintir air a mbéara an TIGHEARNA tiucfuid na ttighthibh; agus an tigh air a mbéara an TIGHEARNA tiucfuid na nduine agus na nduine.

15 Agus is eadh bhias de, an té ar a mbéarthar leis an ní móidighthe loisgfighear lé teinidh é féin, agus a mbía aige uile; do bhrígh gur sháruigh sé cunradh an TIGHEARNA, agus do bhrígh gur oibrigh sé leimhe a Niosrael.

16 ¶ Mar sin do éirigh Iosua go moch ar maidin, agus tug Israel leis iona ttreabhuibh; agus do gabhadh treabh Iudah:

17 Agus thug sé leis treabh Iudah; agus do ghlac sé muintir na Saríteach: agus thug sé leis muintir na Sarhíteach duine ar dhuine; agus do gabhadh Sabdi:

18 Agus tug sé leis luchd a thighe duine ar dhuine; agus do gabhadh Achan, mhac Carmi, mhic Sabdi, mhic Sérah, do threibh Iúdah.

19 ¶ Agus a dubhairt Iosua re Achan, Guidhim thú a mhic, tabhair glóir don TIGHEARNA Día Israel, agus déana admháil ris; agus innis dambsa a nois cred do rinne tú; ná ceil orum é.

20 Agus do fhreagair Achan Iosua, agus a dubhairt, Go deimhin do pheacaidh mé a naghuidh an TIGHEARNA Día Israel, agus marso agus marso do rinne mé:

21 A nuáir do chonnairc mé a measc na néadálach culaidh bhréaghdha Bhabilónta, agus da chéad secel airgid, agus barra óir, do chomhthrom cháogad secel, ann sin do shantuigh mé íad, agus rug mé liom íad; agus, féach, atáid a bhfolach ansa talumh a lár mo loistín, agus an tairgiod faoi.

22 Ann sin do chuir Iosua teachda úadh, agus do ritheadar gus an lóistín; agus, féach, do bhí sin a bhfolach iona lóistín, agus an tairgiod faoi.

23 Agus do thógbhadar amach íad as lár an lóistín, agus tugadar go Iosua íad, agus go cloinn Israel uile, agus do leagadar amach íad as coinne an TIGHEARNA.

24 ¶ Agus dó ghlac Iosua, agus Israel uile maille ris, Achan mhac Sérah, agus an tairgiod, agus an téadach, agus an barra óir, agus a mhic, agus a inghiona, agus a dhaimh, agus a assail, agus a cháoirigh, agus a lóistín, agus a raibh aige uile: agus tugadar go gleann Achor iad.

25 Agus a dubhairt Iosua, Cred as ar bhuáidhir tusa sinne? buáidheoruidh an TIGHEARNA thusa a niugh. Agus do chlochadar Israel uile lé clochuibh é, agus loisgeadar íad lé teine, tar éis a cclochadh lé clochuibh.

26 Agus do thogbhadar leachda mór cloch ós a chionn gus a niugh. Mar sin do fhill an TIGHEARNA ó fhíoch a fheirge. Uime sin, do goireadh, Gleann Achor dainm don náitsin gus a niugh.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí