Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 7:2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 ¶ Agus do chuir Iosua daóine ó Iericho go Hai, noch atá ré táobh Bhet‐abhen, táobh shoir do Bhetel, agus do labhair riú, dhá rádh, Eirgidhe súas agus braithidh an tír. Agus do chúadar na daóine súas agus do bhrathadar Ai.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Sheol Iósua buíon fear ó Ireachó go Háí (atá láimh le Béit Ávan) lastoir de Bhéitéil; dúirt sé leo: “Téigí suas agus déanaigí an tír a bhrath.” Ghabh na fir suas agus rinneadar Háí a bhrath.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 7:2
18 Tagairtí Cros  

Agus do athruigh sé as sin go slíabh táobh shoir do Bhétel, agus do shuidhigh a phailliún, ar mbheith do Bhetel don táobh shíar dhe, agus Hái don táoibh shoir: agus do rinne altóir annsin don TIGHEARNA; agus do ghoir ar ainm an TIGHEARNA.


Agus do ghoir Létel dainm do náitsin; ach Lus bá hainm don chathair sin ar ttus.


Agus do chuir sé áon díobh a Mbétel, agus do chuir sé an laogh oile an Dan.


Clann Bheniamin mar an ccéadna ó Gheba, do áitigheadar a Michmas, agus Aiiah, agus Betel, agus iona mbailtibh,


Daingnighthear gach uile thionnsgnamh lé comhairle: agus le comhairle ghlic déana cogadh.


Oír is lé comhairle ghlic do dhéana tú do chogadh: agus a niomad na ccomhairleach bhíos cumhdach.


¶ Tháinic sé go Haiat, do chuáidh sé go Mígron; a Michmas do chuir sé a charáiste a náirde:


Núall, a Hesbon, óir do creachadh Ai: éighidh, a ingheana Rabbah, gabhaidh sibh féin a saicéadach; cáoidhigh, agus riothuidh síos agus súas láimh ris na sáltuibh; óir rachaidh a rígh a mbraighdionas, a shagairt, agus a phrionnsadha a naoinfeacht.


¶ Má atá go ndéana tusa, a Israel, stríopachus, thairis sin ná ciontuigheadh Iúdah; agus ná tígidhse go Gilgal, narab mó rachtaói súas go Bet‐abhen, agus ná mionnuighidh, Mairidh an TIGHEARNA.


Féuch, cuirimse sibhse mar cháorchaibh a measg mhadradh állta: ar anadhbharsin bídhidh glic mar na haithreacha neimhe, agus neamburchóideach mar na colama.


Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe,


Rígh Ierícho áon; rígh Aí, noch atá láimh ré Betel, áon;


Agus do bhí a ttéora don taóibh thuáigh ó Iordan; agus do chuáidh an téora súas go taóibh Iericho don taoíbh thuáigh, agus do chuáidh súas thríd na sléibhtibh don táoibh shíar; agus do bhí a dula amach sin ag fásach Bhet‐abhen.


Agus do chuir Iosua mac Nun días fear amach as Sitim do bhrath go secreideach, gá rádh, Eirghidhe measuidh an dúithche, eadhon Iericho. Agus do imthigheadar, agus tangadar go tigh meirdrigh, dar bhainm Rahab, agus do fhosadar ann sin.


Agus do fhilleadar go Iosua, agus a dubhradar ris, Ná héirgidís na daóine uile súas; ach léig a ttimchioll dhá mhíle nó trí míle fear dul súas agus buáiledís Ai; agus ná cuir sáothar ar na daoinibh uile dul ann, óir ní bhfuilid achd beagán.


¶ Agus do chruinnigheadar na Philistinigh íad féin a gcionn a chéile do throid a naghaidh Israel, tríochad míle carbad, agus sé mhíle marcach, agus dáoine mar an gaineamh noch bhíos ar thráigh na fairge air iomadamhlachd: agus tangadar súas, agus do shuidheadar a Michmas, soir ó Bhetabhen.


Mar sin do sháor Día Israel an lá sin: agus do chuáidh an troid anonn go Bet‐abhen.


Chum na muinntire do bhí a Mbétel, agus chum na muinntire do bhí a Rámot ó dheas, agus gus an luchd bhí an Iattir,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí