Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 7:12 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Uimesin níor fhéadadar clann Israel seasamh as coinne a námhad, achd do iompoigheadar a ccul roimhe a naimhde, do chionn go rabhadar malluigh: agus ni bhía misi maille libh feasda, muna scriostáoi an malluighthe ó bheith bhur measc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Sin é an fáth nach féidir le clann Iosrael seasamh in aghaidh a naimhde; thugadar droim lena naimhde mar go bhfuil siad féin tagtha faoin mbang. Ní fhanfaidh mé faraibh a thuilleadh mura ndéanfaidh sibh a bhfuil faoin mbang a dhíbirt as bhur measc.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 7:12
21 Tagairtí Cros  

Do bheir tú oruinn iompógh ón namhaid: agus an luchd fhúathuighios sinn do níd éadáil dóibh féin.


Nach déana tusa, a Dhé, noch do chuir dhíot sinn? agus nar bháill leachd dul amach, a Dhé, ré ar sluáighthe?


Teithid na cionntuigh a nuáir nach bí áonduine dá ttóruigheacht: ácht bíd na hionnruic dána amhuil leomhan.


Acht do rinne bhur cciontasa dealughadh idir sibhsi agus bhur Ndía, agus dfoluigheadar bhur bpeacuidhe a aghaidh uáibh, go nach ccluinfidh sé.


¶ Agus a nuáir fhíafrochus an pobalso, nó fáigh, no sagart, díotsa, gha rádh, Cred é úalach an TIGHEARNA? déara tú ríu annsin, Cred an túalach? Eadhon tréigfidh mé sibhse, a deir an TIGHEARNA.


Gabhsa teagasc, a Ierusalem, deagla go ndeileachadh manam riot; deagla go ndéanuinn uáigneach thú, tír gan áitreabh.


Bíodh go ttiubhraidís a cclann súas, thairis sin, scoithfidh misi íad, iondus nach bhfágthar duine ar bioth dhíobh: aseadh, fós, a mhairg dhóibh an tan dhéileochus misi riú!


Is fíorghlaine do shúile na chum uilc damharc, agus ní fhéadann tú féuchuin air éicceart: cred fa bhféuchann tú air an droing do ní go fealltach, agus bhíos tú ad thochd an tan shluigios an drochdhuine an duine is fíréunta ná é féin?


Agus do innis Maóise na briathraso do chloinn Israel uile: agus do cáoidheadar an pobal go mór.


Ná héirgidhe suás, óir ní bhfuil an TIGHEARNA bhar measc; chor nach buailtear sibh as coinne bhur namhad.


Oír atáid na Hamalecítigh agus na Cananítigh annsin romhuibh, agus tuitfídhe leis an gcloidhiomh: do chionn gur hionntóigheabhair ón TIGHEARNA, uime sin ní bhia an TIGHEARNA libh.


Ansin tangadar na Hamalecítigh a núas, agus na Cananítigh noch do chomhnuigh san chnoicsin, agus do bhuaileadar íad, agus do bhrisiodar orra, air fad go Hormah.


Ní mó bhéuras tú adhfhuathmhaireachd chum do thighe, deagla go mbeitheá ad ní mhalluigh cosmhuil ris: ach fuathochaidh tú é thríd amach, agus biáidh gráin ort roimhe go hiomlan; oír is ní malluigh é.


Agus ar gach uile chorr coimhéadnighsi sibh féin ar éainni móidighthe, deagla go ndeanadh sibh sibh féin malluigh, a nuáir ghlacfuidhe an ní malluigh, agus go ndéanadh sibh mallughadh do champa Israel, agus go mbúaidheorthaoi é.


Agus a dubhairt sí, Ataíd na Philistínigh ort, a Shamson. Agus do mhúscail seision as a chedladh, agus a dubhairt sé, Rachaidh mé amach mar uairibh eile roimhe, agus croithfidh mé mé féin. Agus níor bhfeas dó gur imthigh an TIGHEARNA úadh.


¶ Agus do las fearg an TIGHEARNA a naghaidh Israel, agus do sheachaid sé íad a lámhuibh creachadóireadh noch do chreach íad, agus do reac sé íad a lámhuibh a námhad gacha táobh dhíobh, iondus nar fhéidir leó seasadh ní budh faide a lathair a námhad.


Agus tárla, a núair do labhair aingeal an TIGHEARNA na briathraso ré cloinn Israel uile, gur thógbhadar an pobal a uguth súas, agus gur ghuileadar.


¶ Agus a dubhairt Saul, Táirngidh a lathair annso, a bhfuiltí do dhaóinibh as feárr ann sin: agus bíodh a fhios aguibh agus féachuidh cáit a raibh an peacadh so a niugh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí