Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 7:7 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus a dubhairt Iosua, Uch, a THIGHEARNA Día, cred fá ttug tú an pobalsa ar éanchor a nall tar Iordan, dár seachadadh a láimh na Namoríteach, dar scrios? do bfearr linn go mbeimis deóntach, fuireach ar an ttáobh thall do Iordan!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 “Uch, a Thiarna Dia,” arsa Iósua, “cad a ba áil leat an mhuintir seo a thabhairt thar Iordáin ar aon chor d'fhonn sinn a thabhairt ar láimh do na hAmóraigh le scrios? Nárbh fhearr dúinn bheith sásta agus cur fuinn lastall den Iordáin!

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 7:7
19 Tagairtí Cros  

Agus a dubhairt rígh Israel, A thruáighe! gur ghoir an TIGHEARNA na trí ríghthe so a ccionn a chéile, dá seachad a laimh Mhóab!


A dubhras ann mo dheithnios, Atá a nuile dhuine bréagach.


Agus a dubhradur clann Israel ríu, Do bfear linn go bhfaghmáois bás re láimh an TIGHEARNA a gcrích na Hégipte, a nuáir do shuigheamar láimh ré potuighibh na féola, agus a nuair do ithmís arán ar saith: óir tug sibhsi amach sinn san bhfásach so, do mharbhadh na coimhthionalasa uile lé hocrus.


Agus do bhí tart uisge ar an bpobal; agus do rinneadar an pobal ithiomradh a naghuidh Mhaóisi, agus a dubhradar, Cred fá ttug tú leachd sinn súas as a Négipt dar marbhadh, agus do mharbhadh ar gcloinne, agus ar náirnéisi le tart?


Do chionn nach éidir leis an TTIGHEARNA na dáoinesi do thabhairt don tír do gheall se dhóibh, uime sin do mharbh se iad annsa bhfásach.


Agus créd fá ttug an TIGHEARNA don tírsi sin, do thuitim leis an geloidheamh, chor go mbeidís ar mná agus ar cclann na greích? nach ar bhfearr dhúinn filleadh do Négipt?


Agus ar bhfreagra Diosa a dubhairt sé, A chineadh dótheaguisg gan chreideamh, gá fad fós bhías mé bhur bhfochair? gá fad fos fhuiléongas mé sibh? tabhruidh chugamsa ann so é.


Agus a dubhairt Iósa riú, Ar son bhur míchreidimh: oir a deirim ribh go fírinneach, Dá mbeith oiread re gráinne musdaird do chreideamh agaibh, a déartháoi ris an slíabh so, Athruigh as so ann súd a nunn; agus athrrochuidh sé; agus ní bhía ní ar bith nach budh éidir libh.


Agus a né gur dhearmuid sibh a foirceadal labhras ribh amhuil ré cloinn, A mhic, ná bíodh neamhshuim agad a smachd an Tíghearna, agus ná téidh a nanbhfainne an tan chrónuigheas sé thú:


¶ Agus do stíall Iosua a éadach, agus do thuit chum talmhan ar a aghaidh as coinne airce an TIGHEARNA go tráthnóna, é féin agus sinnsir Israel, agus do chuireadar luáithreadh ar a gceannuibh.


O a THIGHEARNA, cred a déara misi, a nuáir iompoighios Israel a ndruim roimhe a námhuid!


Agus do chúadar clann Israel súas agus do ghuileadar a lathair an TIGHEARNA go tráthnóna, agus díarradar comhairle ar an TTIGHEARNA, dhá radh, An racha misi súas a rís chum catha a naghaidh chloinne Beniamin mo dhearbhrathair? Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Téighidh súas ná aghaidh.


¶ Agus a núair thangadar na dáoine don champa, a dubhradar sinnsir Israel, Cred far chláoidh an TIGHEARNA sinn a niugh roimhe na Philistinigh? Tugam chugainn airc chunnartha an TIGHEARNA as Síloh, ionnus a núair thiocfas ar measc, go ttárrthochuidh sinn ó lámhuibh ar námhad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí