Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 7:15 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus is eadh bhias de, an té ar a mbéarthar leis an ní móidighthe loisgfighear lé teinidh é féin, agus a mbía aige uile; do bhrígh gur sháruigh sé cunradh an TIGHEARNA, agus do bhrígh gur oibrigh sé leimhe a Niosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 An té a ghabhfar, agus ní atá faoin mbang ina sheilbh aige, loisctear sa tine é, é féin agus a bhfuil aige, mar gur sháraigh sé conradh an Tiarna agus go ndearna sé rud náireach in Iosrael.’ ”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 7:15
11 Tagairtí Cros  

Agus tangadur mic Iácob ón mhach amuigh a nuáir do chualadur sin: agus do ghlac doilghios íad, agus do bhádur na fir ro fheargach, fa go ndéarna sé leimhe a naghaidh Israel tré luighe lé hinghin Iácob; ní nar dhlightheach do dheanamh.


Agus misi, cáit a ccuirfinn mo mhíochlú? agus ar do shonsa, biáidh tú mar áon do na hamadánuibh a Nisrael. Anois, guidhim thú, labhair ris an rígh; oir ní chuinneochuidh sé misi uáit.


Do pheacuidh Israel, agus do sháruigheadar mo chunnradhsa noch do aithin mé dhíobh: óir do ghlacadar don ní móidighthe, do ghadadar mar an ccéadna fós, agus níor léigeadar sin orra, agus do chuireadar a measg a ccoda féin é.


¶ Mar sin do éirigh Iosua go moch ar maidin, agus tug Israel leis iona ttreabhuibh; agus do gabhadh treabh Iudah:


Agus béaram deichneamhar as a ccéad ar feadh uile threibh Israel, agus céad as an mhíle, agus mile as na deich míle, do bhreith lóinn chum an phobal, chor go ndéanuid, a núair thiocfaid go Gibeáh Bheniamin, do réir a nuile leímhe dar oibrigheadar ann Israel.


Agus do éirgheadar muinntir Ghibeah am aghaidh, agus tangadar timchioll an tighe orum san noidhche, agus do bhreathnuigheadar mo mharbhadh: agus deígnigheadar mo leannán, ionnus go bhfúair sí bás.


Agus do ghlac misi mo leannán, agus do gheárr mé na píosuighibh í, agus do chuir mé ar feadh chríche oighreachda Israel í: óir do rinneadar míghníomh agus leimhe a Nisrael.


¶ Ann sin a dubhairt Saul, Do pheacaidh mé; fill, a mhic a Dháibhí: óir ní dhéansa dochar dhuit ní bhus mó, do chionn go raibh manum mórluaigh ad radharc a niugh; féuch, do rinné mé amadánachd, agus do chúaidh me ar seachrán go hiomarcach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí