Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 7:24 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 ¶ Agus dó ghlac Iosua, agus Israel uile maille ris, Achan mhac Sérah, agus an tairgiod, agus an téadach, agus an barra óir, agus a mhic, agus a inghiona, agus a dhaimh, agus a assail, agus a cháoirigh, agus a lóistín, agus a raibh aige uile: agus tugadar go gleann Achor iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 Ácán mac Zearach, an t‑airgead agus an fhallaing agus an barra óir, a mhic agus a iníonacha, a dhaimh, a asail, a chaoirigh, a bhoth agus a raibh aige - rug Iósua, agus clann Iosrael go léir ina theannta, iadsan go léir leis go Gleann an Mhí-Áidh (Ácór).

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 7:24
18 Tagairtí Cros  

Go madh fada sin uaitsi a dhéunamh marso, an fíréun do mharbhadh maille ris an cciontach: agus go mbiaidh an firéun mar an cciontach, go madh fada sin uaitsi: nach déuna Breitheamh na talmhan uile ceart?


Do shluig sé saidhbhrios síos, agus sceithfidh sé a nios íad a ris: teilgfidh Día amach as a bholg íad.


Ní chláonfa tú, thú féin síos dóibh, nimo seirbhís do dheanamh dóibh: oír misi an TIGHEARNA do Dhía, is Día éadmhar mé, thig dféachuim pheacuidh na naithreadh ar an gcloinn, gus an treas agus an ceathramhadh glún don druing fhuathuigheas mé;


An té bhíos dithchiollach chum éadala buáidhridh sé a thigh féin; acht an té fhúathuighios bronta mairfidh sé.


Atá olc romhór do chonnairc mé faói an ngréin, saidhbhris dá thaisgidh don droing ler leis é chum a ndochair féin.


Agus biáidh Saron na mháinnrigh thréud, agus gleann Achor na áit airgheach do luidhe sios ann, ar son mo phobail noch díarr mé.


Agus do bhéara mé gárradha a fíneamhna dhí as sin, agus gleann Achor mar dhorus dóthchuis: agus do dhéana sí céol annsin, mar a láethibh a hóige, agus amhuil an lá thánic sí súas amach as crich na Hégipte.


Agus do chuáidh an téora súas leath ré Debir ó ghleann Achor, agus marsin budh thuáigh, ag féachuin leath ré Gilgal, atá roimhe dhul súas go Haddummim, noch atá táobh ó dheas don tsruth: agus do chuáidh an téora leath ré huisgidhibh En‐semes, agus do bhádar a ndula amach sin ag En‐rogel.


Nach deárna Achan mhac Sérah sárughadh annsa ní mhalluigh, agus do thuit dioghaltas ar chloinn Israel uíle? agus ní hé an fear sin amháin do thuit ann a choir.


Agus ar gach uile chorr coimhéadnighsi sibh féin ar éainni móidighthe, deagla go ndeanadh sibh sibh féin malluigh, a nuáir ghlacfuidhe an ní malluigh, agus go ndéanadh sibh mallughadh do champa Israel, agus go mbúaidheorthaoi é.


Agus do scriosadar go huilidhe an mhéid do bhí sa gcathruigh, idir fhior agus mhnáoi, óg agus shean, dhamh, agus chaoirigh, agus assal, lé fáobhar an chloidhimh.


Ach do rinneadar clann Israel sárughadh ansa ní móidighthe: óir do ghlae Achan, mhac Carmi, mhic Sabdi, mhic Serah, do threibh Iúdah, don ní mhóidighthe: agus do hádhnah fearg an TIGHEARNA a naghaidh cloinne Israel.


Agus do thógbhadar amach íad as lár an lóistín, agus tugadar go Iosua íad, agus go cloinn Israel uile, agus do leagadar amach íad as coinne an TIGHEARNA.


Agus do thogbhadar leachda mór cloch ós a chionn gus a niugh. Mar sin do fhill an TIGHEARNA ó fhíoch a fheirge. Uime sin, do goireadh, Gleann Achor dainm don náitsin gus a niugh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí