Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 7:26 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Agus do thogbhadar leachda mór cloch ós a chionn gus a niugh. Mar sin do fhill an TIGHEARNA ó fhíoch a fheirge. Uime sin, do goireadh, Gleann Achor dainm don náitsin gus a niugh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

26 Thógadar carn mór cloch os a chionn, carn atá ann go dtí inniu féin. Ansin thug an Tiarna cúl le fraoch a fheirge. Uime sin tugadh Gleann an Mhí-Áidh ar an áit sin, agus sin é atá air go dtí inniu féin.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 7:26
22 Tagairtí Cros  

Agus do thógbhadar Absolon, agus do theilgeadar a bpoll mhór ar an ccoill é, agus do leagadar cárn ro mhór cloch áir: agus do theith Israel uile gach áon dá pháillíun féin.


Agus do adhlaiceadar cnámha Shauil agus Ionatain a mhic a ttír Bheniamin ann Selah, a ttuáma a athar Cis: agus do coimhlíonadar gach ar aithin an rígh. Agus na dhiáigh sin do fríth Día ré a ghuidhe ar son na tíre.


Anois atá am chroidhesi cunnradh do dhéanamh ris an TTIGHEARNA Día Israel, le a niompochadh a fhearg fhíochmhar úainn.


Seasaidis anois ar núachdaráin an chomhchruinnigh uile, agus tigeadh gacha a ttug mná coimhightheacha dar ccathruigh a naimsir chinte, agus sinnsir gach aon chaithreach maille ríu, agus a mbreitheamhuin, nó go bhfilltear dibhfeirg Dé fán ccás so uáinn.


Iompóigh sinn, a Dhé ar shlánuighthe, agus coisg thfearg ar naghaidh.


Créad as a laibhéoradís na Hégiptigh, agus a naibeoradís, Mar olc rug sé leis amach íad, dá marbhadh ann sna sléibhtibh, agus dá scrios dághuidh na talmhan? Iompóigh ód fheirg bhuirb, agus claochló don ulcso a nághaidh do phobail.


Labhruidh go meisneamhuil ré Hierusalem, agus fúagruidh dhi, gur críochnuigheadh a cogadh, gur maitheadh a héigceart: óir do ghlac sí as láimh an TIGHEARNA díol dúbalta ar son a huile peacaidh.


Agus biáidh Saron na mháinnrigh thréud, agus gleann Achor na áit airgheach do luidhe sios ann, ar son mo phobail noch díarr mé.


Do ghearradar amach manam annsa charcair, agus do theilgeadar clocha orum.


Agus do bhéara mé gárradha a fíneamhna dhí as sin, agus gleann Achor mar dhorus dóthchuis: agus do dhéana sí céol annsin, mar a láethibh a hóige, agus amhuil an lá thánic sí súas amach as crich na Hégipte.


Oír do bhéara mé anmanna Bhaalim amach as a béul, agus ní cuimhneochthar as a nainm ní is mó íad.


Agus réabuidh bhur ccroidhthe, agus narab íad bhur néuduighe, agus fillidh chum an TIGHEARNA bhur Ndía: óir atá sé grásamhuil agus trócaireach, mall chum feirge, agus lán do chíneul, agus atá aithreachus air um a nolc.


¶ Ann sin bíaidh an TIGHEARNA éadmhar ar son a dhúithche, agus do dhéana sé truáighe dá phobal.


Marsin do thógbhadar Iónah súas, agus do theilgeadar amach san bhfairge é: agus do scuir a nfairge do chonfadh.


Annsin dfúagair sé orumsa, agus do labhair sé riom, ag rádh, Féuch, an drongso théid don taóibh thuáigh do chiúnuigheadar mo spiorad annsa tír thuáigh.


Agus do chuáidh a ndíaigh a nfhir do Israel don lóistín, agus do shaith thríotha aráon, an fear do Israel, agus an bheann tré na bolg. Mar sin do coisgeadh an phláigh ó chloinn Israel.


Agus ní bheanfa éainní don ní mhalluigh dot láimh: chor go bhfillidh an TIGHEARNA ona dhásachd feirge, agus go ttaisbeanuidh grasa dhuitsi, agus go raibh truáighe aige dhuit, agus go méideochuidh sé thú, mar do mhionnuigh sé dot aithribh;


¶ A núair bhéuras tú aire ré guth an TIGHEARNA do Dhía, do choimhéud a aithneadh uile noch aithnighimsi dhíot a niugh, do dhéanamh an neithe is ceart a radharc an TIGHEARNA do Dhía.


Agus tárla a nam dul faói na gréine, gur fhúagair Iosua, agus tugadar a núas as na crannuibh íad, agus do theilgeadar an sa núamhuigh íad mar a rabhadar a bhfolach, agus do chuireadar clocha móra a mbéul na húamha, noch mhairios gus a niugh.


¶ Agus dó ghlac Iosua, agus Israel uile maille ris, Achan mhac Sérah, agus an tairgiod, agus an téadach, agus an barra óir, agus a mhic, agus a inghiona, agus a dhaimh, agus a assail, agus a cháoirigh, agus a lóistín, agus a raibh aige uile: agus tugadar go gleann Achor iad.


Agus do chroch sé righ Aí ré crann go tráthnóna: agus ar ball a ndeachuidh an ghrían faói, do fhúagair Iosua a chorp do leagadh a nuas don chrann, agus a theilgion a ndul a steach gheata na caithreach, agus da thógbhadár cárn mór ós a chionn, noch mhairios gus a niugh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí