Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 7:5 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus do bhuáileadar muintir Ai dhíobh timchioll thríochad agus sheisear fear: óir do ruagadair íad on gheata air fad go Sebarim, agus do bhuáileadar íad ann na ndul le fanuigh: air a nadhbharsin do leaghad croidhthe an phobail, agus tangadar chum a bheith amhuil uisge.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Mharaigh muintir Háí timpeall seisear déag ar fhichid díobh; ruaigeadar iad ó gheata na cathrach chomh fada le Seabáraím agus phleancadar iad agus iad ag dul le fána. Thit an lug ar an lag ar an bpobal agus theip ar fad ar a misneach.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 7:5
10 Tagairtí Cros  

Atáim ar mo dhortadh amach amhuil uisge, atáid mo chnámha uile as a nionad fein: is cosmhuil re céir mo chroidhe; ar leaghadh a meadhon minnigheadh.


Leaghaidís amhuil uisge noch rithios go dían a ccomhnuigh: a nuáir mheasas sé a shaighde do chaitheamh, bídís mar budh géarrtha na mblodhuibh.


Uimesin biáidh a nuile lámh lag, agus leaghfuidh croidhe gach áonduine:


Agus biáidh ann, a nuáir a déaruid síad riot, Cred as a nuchbhadhann tú? go bhfreagora tú, Ar son na scéul; do bhrígh go ttig sé: agus leighfidh a nuile chroidhe, agus biáid na huile lámha lag, agus anbhfainneochuidh gach uile spiorad, agus biáid na huile ghlúine lag amhuil uisge: féuch, atá sé ag teacht, agus do bhéarthar a ccrích é á deir an Tighearna DIA.


Agus cuirfe mé loige a gcroidhthibh an mheid fhúicfíghear beó aguibh a ccríochuibh a námhad; agus cuirfe torann an duílleabhair a tteitheamh íad; agus teithfid, mar do theithfidís roimhe cloidheamh; agus tuitfid a nuáir nach bía éanduine dhá leánmhuin.


Atá sí folamh, agus fáon, agus na fásach: agus leaghoidh an croidhe, agus buailid na glúine a chéile, agus atá iomad péine ann a nuile leasrachuibh, agus cruinnighidh a naighthe uile duibhe.


Agus tangadar na Hamorítigh, noch do áitreibh annsa tslíabhsin, amach ann bhur naghaidh, agus do ruáigeadar sibh, mar do níd beiche, agus do scriosadar sibh a Seir, go nuige Hormah.


Agus ar ball a gcúalamar na neithesi, do leaghadh ar gcroidhthe, agus níor fhan ní is mó do bheódhachd a néanduine, ar bhur sonsa: oír sé bhur TTIGHEARNA Día, is Día ar neamh shúas, agus ar talamh shíos.


Agus a dubhairt ris na dáoinibh, Atá a fhios agum go ttug an TIGHEARNA an tír dhíbh, agus gur thuit bhur nuamhan oruinn, agus gur lagadh dúthchusaigh na tíre eile air bhur son.


Agus tárla, a núair do chúaladar uile ríghthe na Namoríteach, do bhí ré táobh Iordan don táobh shíar, agus uile ríghthe na Gcanaaníteach, do bhí láimh ris an bhfairge, gur thiurmuigh an TIGHEARNA uisgidhe Iordan súas roimhe chloinn Israel, nó go ndeachamar thairis, gur leaghaidh a ccroidhe, agus nach raibh spiorad ionta ní bhus mó, tre eagla chloinne Israel.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí