Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iósua 6 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil VI. Do theagaisc Día (ceann na harmoilte) Iosua ar Iericho do ghlacadh. 20 Thuit a balladha gu mirbhuileach.

1 Annois do híaghadh Iericho súas go daingion air eagla chloinne Israel: ní rachadh éanduine amach, agus ní thiagh éanduine a steach.

2 ¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Iosua, Féuch, thug mé Iericho ad láimh, agus a righ, agus a dháoine curata a ngaisgidh.

3 Agus timcheoltaoi an chathair, sibhsi a luchd cogaidh uile, agus éirgidh timchioll na caithreach éanuair amháin. Do dhéana tú mar so sé lá.

4 Agus iomchoruid móirsheasar sagart seacht ttrumpuidhe dadharcuibh reitheadh roimhe a náirc: agus ar an seachdmhadh lá timcheoltaoi an chathair seáchd núaire, agus seídfid na sagairt na trumpuidhe.

5 Agus tiucfuidh a ccrích, a núair do dhéanuid fúaim fhada le hadhairc an reithe, agus a núair chluinfid fuáim an stuic, gáirfid an pobal uile lé gáir mhóir; agus tuitfid balluidhe na caithreach síos go lár, agus rachuidh an pobal suas, gach éanduine ar aghuidh go díreach.

6 ¶ Agus do ghoir Iosua mac Nun na sagairt, agus a dúbhairt riú, Togbhuidh súas airc an chunartha, agus iomchraidís móirsheisear sagart seachd stuic dadharcuibh reitheadh roimhe airc an TIGHEARNA.

7 Agus a dúbhairt sé ris an bpobal, Gluáisigh rómhuibh, agus timchiollthaoi an chathair, agus imthigheadh an té atá armtha roimhe aírc an TIGHEARNA.

8 ¶ Agus tárla, a núair do labhair Iosua ris an bpobal, gur ghluaisiodar an móirsheisear sagart ag íomchar na stoc dadharchuibh reitheadh roimhe an TTIGHEARNA, agus do shéideadar ris na trumpuidhibh: agus do lean airc chunnartha an TIGHEARNA íad.

9 Agus do chúadar na daoíne armtha roimhe na sagartuibh, noch do shéid na stuic, agus táinig a ndeireadh a ndiáigh na háirce, na sagairt ag dul ar a naghuidh, agus ag séideadh na stoc.

10 Agus do aithin Iosua don phobal, dá rádh, Na déanuidh gáir, ná torann ar bith lé bhur nguth, agus ná tigeadh éanfhocal as bhur mbéul, nó go ttí an lá a naibéoramisi ribhgáireadh; an sin gáirfidhe.

11 Marsin do thimchill airc an TIGHEARNA an chathair, ag dul na timchioll éanuair amháin: agus tangadar don champa, agus do fhosadar annsá ccampa.

12 Agus do éirigh Iosua go moch ar maidin, agus do thógbhadar na sagairt airc an TIGHEARNA súas.

13 Agus do imthigheadar móirsheisear sagart ag iomchar sheachd stoc dadharcuibh reitheadh roimhe aírc an TIGHEARNA ar a naghuidh a ccomhnuidhe, agus do sheídeadar na stuic: agus na dáoine armtha ag imtheachd rompa; ach tangadar a ndeireadh a ndiáigh aírce an TIGHEARNA, na sagairt ag gabháil rompa, agus ag séideadh na stoc.

14 Agus an dara lá do thimchiolladar an chathair éanúair amháin, agus do fhilleádair chum an champa: do rinneadar mar sin sé lá.

15 Agus tárla ar an seachdmhadh lá, gur éirgheadar go moch timchioll scartha an láoi, agus gur thimchilleadar an chathair ar an modh céadna seachd núaire: achd amhain ar an lá sin do thimchilleadar an chathair seachd núaire.

16 Agus tárla ar an seachdmhadh húair, an tan do shéideadar na sagairt na stuic, go ndubhairt Iosua ris an bpobal, Gáiridh; óir thug an TIGHEARNA an chathair dhíbh.

17 ¶ Agus biáidh an chathair móidighthe, í féin, agus a bhfuil inte, don TIGHEARNA: amháin mairfidh Rahab an mheirdreach, í féin agus a bhfuil na fochair sa tigh, do bhrígh gur fholuigh sí na teachda do chuireamar uáinn.

18 Agus ar gach uile chorr coimhéadnighsi sibh féin ar éainni móidighthe, deagla go ndeanadh sibh sibh féin malluigh, a nuáir ghlacfuidhe an ní malluigh, agus go ndéanadh sibh mallughadh do champa Israel, agus go mbúaidheorthaoi é.

19 Achd a nuile airgiod, agus ór, agus soighthighe práis agus íaruinn, atáid coisrigthe don THIGHEARNA: tiucfuid a nionnmhus an TIGHEARNA.

20 ¶ Marsin do gháireadar an pobal a núair do shéideadar na sagairt na stuic: agus tárla, a núair do chúaladar an pobal faaim an stuic, agus do gháireadar an pobal lé gháir mhóir, gur thuit an balla sios ar lár, ionnus go ndeachuidh an pobal súas don chathruigh, gach éanduine ar aghaidh, agus do ghabhadar an chathair.

21 Agus do scriosadar go huilidhe an mhéid do bhí sa gcathruigh, idir fhior agus mhnáoi, óg agus shean, dhamh, agus chaoirigh, agus assal, lé fáobhar an chloidhimh.

22 ¶ Achd a dúbhairt Iosua ris an ndís fear do chuáidh do bhrath na tíre, Eirgidhe go tigh na méirdrigh, agus tugaidh amach as sin an bhean, agus a nuile ní dá bhfuil aice, mar do mhionnuigheabhair dhi.

23 Agus do chúadar na hóganuigh do bhí na luchd brathá a steach, agus tugadar Rahab amach, agus a hathair, agus a mathair, agus a dearbhraithre, agus a raibh aice uile; agus tugadar a gáol uile amach, agus dfágbhadar taobh amuich do champa Israel íad.

24 Agus do loisgeadar an chathair le teinidh, agus a nuile ní dá raibh inte: amháin do chuireadar an tairgiod, agus an tór, agus na sóithighe práis agus íaruinn, a nionmhus thighe an TIGHEARNA.

25 Agus dó chumhdaigh Iosua Rahab án mhéirdreach béo, agus muinntir tighe a hathar, agus a raibh aice uile; agus áitreabhuigh sí an Israel gus a niugh; do chionn gur fholuigh sí na teachda, do chuir Iosua do bhrath Iericho.

26 ¶ Agus do chuir Iosua do mhóighdibh orra san namsin, gá rádh, Go madh malluigh a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA, an duine éireochas agus chuirfios an chathairse Iericho súas: ann a chéidghin leacfus sé a bunáit, agus iona mhac is óige chuirfeas sé a geatadh súas.

27 Mar sin do bhí an TIGHEARNA re Iosua; agus do chúaidh a chlú ar feadh na críche uile.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí