Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 6:17 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 ¶ Agus biáidh an chathair móidighthe, í féin, agus a bhfuil inte, don TIGHEARNA: amháin mairfidh Rahab an mheirdreach, í féin agus a bhfuil na fochair sa tigh, do bhrígh gur fholuigh sí na teachda do chuireamar uáinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

17 Ní foláir an chathair agus gach a bhfuil ann a thíolacadh faoi bhang an Tiarna; ná déantar anacal anama ach ar Rácháb an striapach - í féin agus líon a tí mar gur cheil sí na teachtairí a sheolamar.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 6:17
26 Tagairtí Cros  

Agus beannóchuidh mé an mhéid bheannochus thú, agus mailleochuidh mé an té mhailleochas thú: is ionnadsa bheannóchar treabha an domhuin uile.


Agus gidh bé nach ttiucfadh fá cheann thrí lá do réir chomhairle na bprionsadh agus na sinnsior, go ttoigfidh a mhaóin uile, agus go ndeileochuidh é féin as comchruinniughadh na druinge rugadh ar siubhal.


Atá cloidhiomh an TIGHEARNA líonta dfuil, do rinneadh méuth lé méuthus é, agus lé fuil úan agus ghabhar, agus le geir dhubhán na reitheadh: óir atá íodhbairt ag an TTIGHEARNA a Mbosrah, agus ár mór a ttír Idumea.


Oír isé so lá an Tighearna DIA na slógh, lá an dioghaltais, chor go ndigheoluidh sé é féin air a namhuid: agus sluigfidh an cloidheamh, agus sáiseochthar é agus cuirfighear ar meisce é lé na bhfuilsion: óir atá íodhbuirt ag an Ttighearna DIA na slógh annsa tír thuáigh láimh re habhuinn Euphrátes.


¶ Agus, thusa á mhic an duine, is marso a déir an Tighearna DIA; Labhair ris a nuile éun sciathanach, agus ré huile bheathach an mhachaire, Cruinnighidh sibh féin, agus tigidh; cruinnighidh sibh air gach uile tháobh chum mo íodhbarthasa do ním dofráil air bhur son, eadhon íodhbairt mhór ar shléibhtibh Israel, iondus go níostaói feóil, agus go niobhthaói fuil.


Achd an fearann, a nuáir rachus amach annsá íubilé, biáidh náómhtha don TIGHEARNA, mar fhearann tabhartuis; biáidh a shealbh ag an tsagart.


Eirigh agus buáil, a inghean Shion: óir do dhéana misi íarann dot adhairc, agus do dhéana mé hingne na bprás: agus buáilfidh tú na ccodchaibh mórán daóine: agus náomhthocha misi a ttarbha don TIGHEARNA, agus a ttadhbhacht do THIGHEARNA na talmhan uile.


Agus freagóruidh an Rí agus a déara sé ríu, A deirim ribh go fírinneach, An feadh do rinneabhair é don duine is lugha do na dearbhráithreachaibhsi agumsa, go ndearnabhair dhamhsa é.


Gidh bé nach gradhuigheann an Tighearna Iósa Críosd, bíodh sé malluighthe óir atá an Tighearna air na theacht.


Achd labhramáoid éagna Dé a seicreid, a néagna fholaigheach, noch do orduigh Día roimh an tsáoghal chum ar nglóirinne:


Oir an mhéid atá do tháobh oibrightheadh an reachda atáid síad fáoi an mallachd: oír atá sgríobhtha, As malluighe gach áon nach ccomhnuigheann sna huile neithibh atá sgríobhtha a leabhar an reachd chum a ndéunta.


Gidheadh ní ón chreideamh atá an reachd: achd, An tí dhéunas íad mairfidh sé thriothadh.


Ach scriosfa tú thríd amach íad; mar atá na Hititigh, agus na Hamoritigh, na Cananítigh, agus na Peirisítigh, agus na Hibhítigh, agus na Iebusitigh; mar do aithin do THIGHEARNA Día dhíot:


As tré chreideamh nár sgriosadh an mheirrdreach Rahab a naóinfheachd ris an druing do bhí easúmhal, ar dtabhairt aóidheachda uáithe don luchd bratha go síothchánta.


Oír ní bhfuil Día neamhchomhthrom, go mbíadh dearmud aige ar bhur nobair agus air sháothar bhur ngrádha, noch do fhoillsigheabhair dhá ainm, sa miniondrálachd do rinneabhair, agus fós do ní sibh do na náomhuibh.


Agus mar an gcéudna fós an mheirdreach Rahab, a né nách as oibreachuibh do rinenadh firéunta í, an tan tug sí aóidheachd do na teachdaireadhibh, agus do chuir sí uáithe íad a slighe eile?


Agus do chuir Iosua mac Nun días fear amach as Sitim do bhrath go secreideach, gá rádh, Eirghidhe measuidh an dúithche, eadhon Iericho. Agus do imthigheadar, agus tangadar go tigh meirdrigh, dar bhainm Rahab, agus do fhosadar ann sin.


Agus do imthigheadarsan, agus tangadar fan tslíabh, agus do fhanádar ann sin trí lá, no gur fhilleadar na lorgairidh: agus do iarradar na lorgairidh íad ar feadh na sligheadh, ach ní fhuáradar íad.


Ach do rinneadar clann Israel sárughadh ansa ní móidighthe: óir do ghlae Achan, mhac Carmi, mhic Sabdi, mhic Serah, do threibh Iúdah, don ní mhóidighthe: agus do hádhnah fearg an TIGHEARNA a naghaidh cloinne Israel.


Anois éirigh agus buáil Amalec, agus léirscrios gach uile ní dá bhfuil aca, agus na coigil íad; ach marbh an bhean agus an fear, an leanamh agus naoidhe na cích, an damh agus an cháora, an cámhall agus an tassal.


¶ Agus a dubhairt Saul ris na Ceníteachaibh, Eirgidhe, fágbhuidh so, teighidh síos ó bheath a measc na Namaleciteach, deagla go scriosfuinnsi sibh maille riú: óir do thaisbeanabhairsi muinteardhas do chloinn Israel uile, a nuair thangadar súas as talumh na Hégipte. Marsin dimthigheadar na Cenítígh ó bheith a measc na Namaleciteach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí