Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 6:6 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 ¶ Agus do ghoir Iosua mac Nun na sagairt, agus a dúbhairt riú, Togbhuidh súas airc an chunartha, agus iomchraidís móirsheisear sagart seachd stuic dadharcuibh reitheadh roimhe airc an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Ghlaoigh Iósua mac Nún ar na sagairt agus dúirt leo: “Tógaigí áirc an chonartha agus iompraíodh seachtar sagart seacht dtrumpa d'adharca reithe roimh áirc an Tiarna.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 6:6
11 Tagairtí Cros  

Agus cuirfe tú na maididhe ann sna fáinnibh, re táobhuibh na háirce, chor go niomcharthar a náirc léo.


Agus ar mbeith do Shaul, fós ag séideadh bagair agus marbhtha a naghiadh dheisciobal an Tighearna, do chúaidh sé chum a nárdshagairt.


Agus do chúadhbhair tar Iordan, agus tangabhair go Iericho: agus do throideadar fir Iericho bhur naghaidh na Hamorítigh, agus na Perisítigh, agus na Canaanítigh, agus na Hititigh, agus na Girgasítígh, agus na Hibhitigh, agus na Iebusitigh; agus thug misi ann bhur lámhuibh íad.


Agus do fhuagradar don phobal, gha rádh, A núair chífidhe airc chunartha bhur TTIGHEARNA Dé, agus na sagairt Lebhiteach gá hiomchar, ansin áthrochuidhe as bhur náit, agus rachdáoi na díaigh.


Agus do labhair Iosua ris na sagartnibh, ghá radh, Tóguidh súas aírc an chunnartha, agus éirghidhe thairis roimhe an bpobal. Agus do thógbhadar aírc an chunnartha súas, agus do chúadar roimhe an bpobal.


Agus do imthigheadar móirsheisear sagart ag iomchar sheachd stoc dadharcuibh reitheadh roimhe aírc an TIGHEARNA ar a naghuidh a ccomhnuidhe, agus do sheídeadar na stuic: agus na dáoine armtha ag imtheachd rompa; ach tangadar a ndeireadh a ndiáigh aírce an TIGHEARNA, na sagairt ag gabháil rompa, agus ag séideadh na stoc.


Agus tiucfuidh a ccrích, a núair do dhéanuid fúaim fhada le hadhairc an reithe, agus a núair chluinfid fuáim an stuic, gáirfid an pobal uile lé gáir mhóir; agus tuitfid balluidhe na caithreach síos go lár, agus rachuidh an pobal suas, gach éanduine ar aghuidh go díreach.


Agus a dúbhairt sé ris an bpobal, Gluáisigh rómhuibh, agus timchiollthaoi an chathair, agus imthigheadh an té atá armtha roimhe aírc an TIGHEARNA.


¶ Agus tárla, a núair do labhair Iosua ris an bpobal, gur ghluaisiodar an móirsheisear sagart ag íomchar na stoc dadharchuibh reitheadh roimhe an TTIGHEARNA, agus do shéideadar ris na trumpuidhibh: agus do lean airc chunnartha an TIGHEARNA íad.


¶ Agus a núair thangadar na dáoine don champa, a dubhradar sinnsir Israel, Cred far chláoidh an TIGHEARNA sinn a niugh roimhe na Philistinigh? Tugam chugainn airc chunnartha an TIGHEARNA as Síloh, ionnus a núair thiocfas ar measc, go ttárrthochuidh sinn ó lámhuibh ar námhad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí