Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 6:5 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus tiucfuidh a ccrích, a núair do dhéanuid fúaim fhada le hadhairc an reithe, agus a núair chluinfid fuáim an stuic, gáirfid an pobal uile lé gáir mhóir; agus tuitfid balluidhe na caithreach síos go lár, agus rachuidh an pobal suas, gach éanduine ar aghuidh go díreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Nuair a sheinnfidh siad dord fada ar an adharc reithe, a luaithe a chloisfidh sibh glór an trumpa, ní foláir don phobal go léir gáir thréan chatha a chur astu, agus titfidh balla na cathrach ar lár gan mhoill; ansin ionsóidh an pobal an chathair gach duine ag sá roimhe.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 6:5
17 Tagairtí Cros  

Agus a nuair do fhuáimnigh guth an sduic a bhfad, agus do fhás níos airde, do labhair Maóise, agus do fhreagair Día é re guth.


Agus béarthar síos daingion phuirt áird do bhalladh, leagfuighthear go hísiol, agus béarthar go lár, éadhon go nuige an luáithreadh íad.


Agus biáidh ar gách uile shlíabh árd, agus ar gach cnoc árd, srotha agus caiseadha uisgeadh a ló a náir mhóir, a nuair thuitfid na tuir.


Eíghidh na haghaídh timchioll fa ccuáirt: thug sí a lámh: do thuiteadar a bunáite, do teilgeadh síos a balladha: óir isé sin díoghaltas an TIGHEARNA: déan dioghaltas uirre; déan ría, mar do rinne sí.


As tré chreideamh do thuiteadar balluidhe Ierico, tar éis gabhála na dtimchiol seachd lá.


Agus tárla ar an seachdmhadh húair, an tan do shéideadar na sagairt na stuic, go ndubhairt Iosua ris an bpobal, Gáiridh; óir thug an TIGHEARNA an chathair dhíbh.


¶ Marsin do gháireadar an pobal a núair do shéideadar na sagairt na stuic: agus tárla, a núair do chúaladar an pobal faaim an stuic, agus do gháireadar an pobal lé gháir mhóir, gur thuit an balla sios ar lár, ionnus go ndeachuidh an pobal súas don chathruigh, gach éanduine ar aghaidh, agus do ghabhadar an chathair.


Agus iomchoruid móirsheasar sagart seacht ttrumpuidhe dadharcuibh reitheadh roimhe a náirc: agus ar an seachdmhadh lá timcheoltaoi an chathair seáchd núaire, agus seídfid na sagairt na trumpuidhe.


¶ Agus do ghoir Iosua mac Nun na sagairt, agus a dúbhairt riú, Togbhuidh súas airc an chunartha, agus iomchraidís móirsheisear sagart seachd stuic dadharcuibh reitheadh roimhe airc an TIGHEARNA.


Agus do rinneadar na luidheacháin deithnios, agus do lingeadar ar Ghibeah; agus do tharruingeadar na luidheach ain ar anághaidh, agus do bhúaileadar án chathair uile le fáobhar an chloidhimh.


¶ Agus do éirigh Dáibhi súas go moch ar maidin, agus dfág na cáoirigh ag coimheáduigh, agus rug leis, agus dimthigh, mar a dubhairt Iesse ris; agus tháinic sé chum an trinnsi, a núair do bhí an slúagh ag dul amach do throid, agus do ghaíreadar chum an chatha.


¶ Agus do éirgheadar muinntir Israel, agus muinntir Iúdah, agus do gháireadar, agus do leanadar na Philistinigh, nó go tí tú go gléann, agus go geataigh Ecron. Agus an luchd do loiteadh do na Philistinibh do thuiteadar síos annsa tslighe go Saaraim, go nuige Gát, agus go nuige Ecron.


Agus a núair tháinic airc chunnartha an TIGHEARNA don champa, do léigeadar Israel uile gáir le gaireadh mhór, ionnus gur chumscuigh an talumh dhe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí